Dichoimisiunu Teanga
87 pages
Irish

Vous pourrez modifier la taille du texte de cet ouvrage

Découvre YouScribe en t'inscrivant gratuitement

Je m'inscris

Dichoimisiunu Teanga , livre ebook

-

Découvre YouScribe en t'inscrivant gratuitement

Je m'inscris
Obtenez un accès à la bibliothèque pour le consulter en ligne
En savoir plus
87 pages
Irish

Vous pourrez modifier la taille du texte de cet ouvrage

Obtenez un accès à la bibliothèque pour le consulter en ligne
En savoir plus

Description

NOTE: Please note that this book is in not in the English language; it is an Irish-language work only. 1926 was, in many ways, a turning point in Ireland for nationalistic symbols. Éamon de Valera decided to found a new political party, Fianna Fáil, which had its own interpretation of language and nation. Raidió Éireann came on air, and Coimisiún na Gaeltachta published a report which for the first time laid down the official Gaeltacht boundaries and provided a new insight into community life there. It is on the work of this Commission that this book is based; describing life and attitudes amongst Gaeltacht communities.


Sujets

Informations

Publié par
Date de parution 01 octobre 2002
Nombre de lectures 0
EAN13 9781908057549
Langue Irish

Informations légales : prix de location à la page 0,0600€. Cette information est donnée uniquement à titre indicatif conformément à la législation en vigueur.

Extrait

D ÍCHOIMISIÚNÚ T EANGA: C OIMISIÚN NA G AELTACHTA 1926
John Walsh
C OIS L IFE B AILE Á THA C LIATH 2002
An chéad chló 2002 © John Walsh 2002 Foilsithe ag Cois Life Teoranta
ISBN 9781901176322
Gach ceart ar cosaint. Ní ceadmhach aon chuid den fhoilseachán seo a atáirgeadh, a chur i gcomhad athfhála ná a tharchur ar aon mhodh ná slí, bíodh sin leictreonach, meicniúil, bunaithe ar fhótachóipeáil, ar thaifeadadh nó eile gan cead a fháil roimh ré ón bhfoilsitheoir.

Tá Cois Life buíoch de Bhord na Leabhar Gaeilge agus den Chomhairle Ealaíon as a gcúnamh
Clúdach: Eoin Stephens
Grianghraf an chlúdaigh: ‘Máthair agus a páiste ag margadh éisc na Gaillimhe c. 1925.’ Sonra as sleamhnán laindéir ghloine, bailiúchán príobháideach Peter Walsh.
Foilsítear léarscáil Choimisiún na Gaeltachta 1926, atá fillte i gclúdach cúil an leabhair, le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
Clóbhualadh: Criterion Press, Baile Átha Cliath
An Clár
Réamhrá
Fairsinge
Geilleagar
Oideachas
Riarachán
Imirce
Meon
Aguisín & Leabharliosta
Clár na nGrianghraf
Innéacs Logainmneacha
Buíochas
Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Caoilfhionn Nic Pháidín as tathant orm dul i mbun pinn i dtús báire agus le Seán Ó Cearnaigh a chabhraigh liom an saothar seo a chur i dtoll a chéile. Bhí mo chomhghleacaithe i FIONTAR, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcónaí ar fáil chun comhairle a chur orm agus na dréachtanna éagsúla á n-ullmhú. Tá buíochas tuillte ag foirne Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus leabharlann Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, as a gcúnamh leis na lámhscríbhinní. Bhí Bairbre Ní Fhloinn, Roinn Bhéaloideas Éireann, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, an-fhial lena cuid comhairle faoi na grianghraif bhreátha atá taobh leis an dtéacs. Chuir an Dr. Pádraig Ó Dálaigh san Oifig Logainmneacha ceartfhoirmeacha ar fáil de roinnt mhaith logainmneacha san innéacs. Buíochas ó chroí chomh maith le m’athair, Peter, a chabhraigh liom teacht ar ghrianghraif bhreise, agus le mo mháthair, Anne, a léigh roinnt de na dréachtanna. Ar deireadh, ní bheadh an leabhar seo ann murach an spreagadh agus an tacaíocht a fuaireas i gcónaí ó mo pháirtí Declan Coogan: is aigesean is mó atá mo bhuíochas tuillte.
Nóta ar na Sleachta
Is gá soiléiriú éigin maidir le ceisteanna teanga sa leabhar seo. Ba i mBéarla a foilsíodh an chuid is mó de Thuarascáil Choimisiún na Gaeltachta, agus is i mBéarla atá formhór an tsaothair seo dá bharr. Is minic an nath “English rendering of evidence presented in Irish” le feiceáil i dtuairiscí na bhfinnéithe, léiriú gur aistríodh cuid mhaith den fhianaise a thug cainteoirí dúchais agus daoine eile a roghnaigh an Ghaeilge mar phríomhtheanga cumarsáide. Sa chás go bhfoilsítear sleachta i nGaeilge, is minic go bhfreagraíonn an litriú do chanúint an fhinné nó go mbíonn sé breac le botúin. Léiriú gléineach é seo, ar ndóigh, ar easpa caighdeáin scríofa sa Ghaeilge ag an am, níos mó ná tríocha bliain roimh an gCaighdeán Oifigiúil. Socraíodh, dá bhrí sin, an litriú a fhágáil gan cóiriú ar bith (seachas na seoltaí ag a mbun) chun léargas a thabhairt ar chuid de na fadhbanna litearthachta a bhain leis an nGaeilge ag an am. Cé go bhfuil tagairtí do mholtaí iomadúla an Choimisiúin i Réamhrá an leabhair seo, is ar ráitis na bhfinnéithe atá sé dírithe den chuid is mó. Is é a phríomhaidhm léiriú a thabhairt ar ghuth mhuintir na Gaeltachta in 1926.
John Walsh, Baile Átha Cliath, Eanáir 2002
Réamhrá
Bliain chinniúnach in Éirinn do shiombail na náisiúnachta ab ea 1926 ar mhórán slite. Shocraigh Éamon de Valera páirtí nua polaitiúil, Fianna Fáil, a bhunú, a raibh a léamh féin ar theanga agus náisiún aige (Lee, 1989: 151). Chuaigh Raidió Éireann i mbun craolta den chéad uair, i nGaeilge agus i mBéarla. Bunaíodh Coimisiún Bhéaloideas Éireann agus thosnaigh ar dhúchas luachmhar a bhailiú i ngach cearn den tír, go leor de ó chainteoirí Gaeilge. Toghadh W.B. Yeats mar chathaoirleach ar choiste airgeadra chun nótaí agus boinn Éireannacha a roghnú. 1 Agus d’fhoilsigh Coimisiún na Gaeltachta tuarascáil a thug léargas úrnua ar thuairimí i leith na Gaeltachta, agus a leag síos, den chéad uair ar pháipéar, teorainneacha oifigiúla na gceantar ina labhraítí Gaeilge. Is ar obair an Choimisiúin sin atá an leabhar seo bunaithe.
Ní mór ar dtús roinnt saincheisteanna téarmaíochta a shoiléiriú. Is fada iad na focail “Gaeltacht” agus a inbhéarta stairiúil, “Galltacht”, in úsáid in Éirinn agus in Albain, cé go bhfuil athruithe imithe ar chiall na bhfocal le himeacht aimsire. Aimsíodh ceann de na chéad samplaí d’úsáid an fhocail “Galltacht” i gcomhthéacs Éireannach sa 14ú Aois, nuair ba léir gur ag tagairt do dhaoine in ionad d’áit ar leith a bhí sé: mionlach Béarlóirí i dtír a raibh an Ghaeilge i gceannas inti (Ó Torna, 2000: 54). Is in Albain thart ar an mbliain 1700 a fhaightear an chéad tagairt do “Ghaeltacht” le ciall thíreolaíochta, ag tagairt do cheantar ina labhraítí Gaeilge. 2 Is cosúil gur iompórtáladh an chiall seo ó Albain go hÉirinn (Ó Gadhra, 1989: 2), ach ní go cionn dhá chéad bliain eile. Ní fhaightear na chéad tagairtí Éireannacha do Ghaeltacht mar cheantar tíreolaíoch go dtí deireadh an 19ú hAois, tráth dá raibh cineálacha nua náisiúnachais agus athbheochana cultúrtha ag teacht chun cinn. Tá tuiscint ar an nGaeltacht mar ‘chonstráid’ (Ó Torna, 2000: 51) ríthábhachtach i gcomhthéacs na dtuairimí agus na bpolasaithe a tháinig chun cinn níos déanaí i leith na gceantar seo.
Tá tráchtearraíocht na hoidhreachta, nó ‘commodification of culture’ mar a thugann Ruth McManus air (1997: 91), ina chnámh spairne d’iliomad mionlach cultúrtha: bealach chun sainiúlacht an mhionlaigh sin a chur ar taispeáint don saol mór, ach síol a bhféadfadh léirscrios an chultúir sin péacadh as chomh maith. Is téama é seo a ndéantar tagairt dó go minic sa litríocht a bhaineann le mionlaigh chultúrtha: léiríonn an scríbhneoir Meiriceánach, Barbara Kingsolver, faoi mar a dhéantar margaíocht thuatach ar chultúr na mbundúchasach ina bailiúchán scéalta, Homeland (Kingsolver, 1996: 1–22). Rianaíonn alt Mc Manus na dúshláin a bhaineann leis an gceist i gcás na hÉireann: an chontrárthacht idir oidhreacht atá bunaithe ar chaomhnú agus cosaint ar thaobh amháin agus, ar thaobh eile, tionscal a d’fhéadfadh gach a bhfuil le cosaint a scrios, trí bhreis cuairteoirí a mhealladh ann.
D’fhéadfaí a áiteamh gur mó an choimhlint sin sa lá atá inniu ann ná mar a bhí níos mó ná céad bliain ó shin nuair a bhí buaicphointe bainte amach ag an athbheochan chultúrtha agus teanga. Baineann sí le hábhar go mór, áfach, ag deireadh an 19ú hAois chomh maith, tráth dár thosnaigh ceannairí na hathbheochana ag gríosadh a lucht tacaíochta – ar de bhunadh cathrach a bhformhór – chun saoire a chaitheamh sa Ghaeltacht. Deineadh idéalú ar na ceantair Ghaeltachta mar thobar na teanga agus an Éireannachais, a raibh todhchaí na tíre ag brath orthu, agus éascaíodh an turasóireacht chultúrtha seo dá bharr. Léiriú gléineach é an sliocht seo a leanas ó 1900 as an nuachtán, An Claidheamh Soluis, ar rómánsúlachas na tréimhse:
Ní raibh ariamh, agus ní bheidh go bráth, cuige ná crioch a thóig laochra budh thréine, gaisgidheacha budh chalma, fir budh neartmhara, mná budh slachtmhara, daoine budh ghrádhmhala, ‘ná ar gcúige dúthchais féin. Bhí’n fhéile agus an fhlaitheamhlacht i gcomhnuidhe ag rith lé muintir Connachta; bhíodh biadh ag an ocrach le fághail uatha, dídean ag an dteithmheach, déirc ag an mbochtán, aoidheacht ag an deóraidhe (‘Smaointe ar Chonnachtaibh’, An Claidheamh Soluis, iml. ii, lch 419, luaite in Ó Torna, 2000: 61)
Tá go leor fianaise ann, áfach, nárbh ionann an t-idéalú seo ar mhuintir na tuaithe i gConamara agus an drochstaid fhírinneach eacnamaíochta ag an am. Ní mór cuimhneamh gurbh ionann cuid mhaith den Ghaeltacht in iarthar, iarthuaisceart agus iardheisceart na tíre agus na limistéir ar bhaist rialtas Shasana ‘ceantair chúnga’ orthu in 1891, ceantair róphlódaithe a raibh a ngeilleagar teipthe orthu. Bunaíodh Bord na gCeantar Cúng chun iarracht a dhéanamh obair a chur ar fáil sna háiteanna nárbh acmhainn don talmhaíocht an daonra ard a chothú. Mar sin, níorbh ionann in aon chor íomhá ghealgháireach de mhuintir Chonnachta ag dáileadh bia ar na bochtáin agus an fhírinne eacnamaíochta. Ba léir, áfach, go raibh tionchar ag na tuairiscí sin ar feadh i bhfad. Faoi mar a scríobhann tráchtaire amháin:
The conversion of the Gaeltacht regions of Ireland into repositories of a primitive culture, and the attendant cementing of the nation’s identity to discourses of premodernism and ethnic purity, has had important consequences for state policy in the Gaeltacht, and for the response of Gaeltacht people to their assignment as traditional’ (Johnson, 1997: 174)
Tar éis bhunú an stáit, tháinig sé chun solais nach raibh éinne lánchinnte cén áit go díreach a raibh an Ghaeltacht lonnaithe, in ainneoin go rabhthas á hadhmholadh le breis agus tríocha bliain roimhe sin. Níorbh aon ábhar iontais é, mar sin, gur ghníomhaigh an stát nua go tapaidh chun teorainneacha na Gaeltachta a chur ar léarscáil. I 1925, bhunaigh an rialtas Coimisiún Gaeltachta, a raibh na haidhmeanna seo a leanas aige:
– to inquire and report to the Executive Council [rialtas] as to the percentage of Irish Speakers in a district which would warrant its being regarded as (a) an Irish speaking district or (b) a partly Irish speaking district, and the present extent and location of such districts
– to inquire and make recommendations as to the use of Irish in the administration of such districts, the educational facilities therein, and any steps that should be taken to improve the economic condition of the inhabitants (Rialtas na hÉireann, 1926: 1) 3
Leag an Coimisiún síos dhá ‘chineál’ Gaeltachta: ‘Fíor-Ghaeltacht’, ceantar ina raibh an Ghaeilge ag níos mó ná 80 faoin gcéad den phobal agus ‘Breac-Ghaeltacht’, ceantar ina raibh an teanga ag idir 25 faoin gcéad agus 79 faoin gcéad. Obair mhór dhúshlánach a dhein

  • Univers Univers
  • Ebooks Ebooks
  • Livres audio Livres audio
  • Presse Presse
  • Podcasts Podcasts
  • BD BD
  • Documents Documents