An Tearmann
192 pages
Irish

Découvre YouScribe en t'inscrivant gratuitement

Je m'inscris

Découvre YouScribe en t'inscrivant gratuitement

Je m'inscris
Obtenez un accès à la bibliothèque pour le consulter en ligne
En savoir plus
192 pages
Irish
Obtenez un accès à la bibliothèque pour le consulter en ligne
En savoir plus

Description

Téann Eoin Ó Síocháin, gníomhaí óg cearta daonna as Co. an Chláir, go dtí an Bhrasaíl chun taighde a dhéanamh ar choimhlint fhuilteach idir treibh bhundúchasach agus úinéirí talún. De réir mar a chuireann sé aithne ar mhuintir na háite tagann sé ar an tuiscint nach bhfuil an scéal chomh simplí agus a shíl sé ar dtús – ach faoin am sin, tá sé rómhall. In aghaidh a thola, beidh ról lárnach le himirt ag Eoin sa choimhlint nuair a thagann sí chun buaice. (Note: there is no English language translation of the text in the book.) Eoin Ó Síocháin, a young human rights activist from Co. Clare, travels to Brazil to research the violent conflict between a native tribe and local landowners. As he gets to know the locals, he begins to understand that the story is not as simple as he thought – but by that time, it’s too late. Against his wishes, Eoin will have a key part to play when the conflict comes to a head.


Sujets

Informations

Publié par
Date de parution 15 septembre 2016
Nombre de lectures 0
EAN13 9781907494666
Langue Irish

Informations légales : prix de location à la page 0,0600€. Cette information est donnée uniquement à titre indicatif conformément à la législation en vigueur.

Extrait

AN TEARMANN A l e x H i j m a n s
Cois Life 2016
Sonraíocht CIP Leabharlann na Breataine. Tá taifead catalóige i gcomhair an leabhair seo ar fáil ó Leabharlann na Breataine.
Tá Cois Life buíoch de Chlár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus den Chomhairle Ealaíon as a gcúnamh. An chéad chló 2016 © Alex Hijmans ISBN: 9781907494666 Dearadh agus clóchur: Alan Keogh Clódóirí: Nicholson & Bass
Nóta don léitheoir
Saothar ficsin atá anseo. Tá na carachtair uile agus na suíomh anna san úrscéal seo bunaithe ar shamhlaíocht an údair.Ba mhaith leis an údar buíochas ó chroí a ghabháil le Scoil na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, a chuir spás oibre ar fáil dó tráth a raibh cóiriú á dhéanamh aige ar chuid den saothar seo, agus le Cois Life as a dtacaíocht leanúnach.
1
Thuirling Eoin den bhus agus d’fhéach sé ina thimpeall trína chuid fabhraí. Ghortaigh gile an tráthnóna a shúile mar a dhéanfadh scian ghéar, ach ní chaithfeadh sé spéaclóirí gréine ar ór ná ar airgead. Cheapfadh daoine gur thurasóir é. Taistealaí a bhí ann. Taistealaí ar misean.
Anuas air sin, theastaigh uaidh an saol a fheiceáil gan ghloiní daite a bheith sa bhealach air. Bhí dubh agus bán ann, soiléir agus doiléir, ceart agus mícheart, cóir agus éagóir – agus is maith a thuig sé na difríochtaí eatarthu. D’fhág spéaclóirí gréine cuma bhréagach ar an saol; d’fhág siad spás d’imireacha liatha, don amhras.
A mhála droma mór ar leathghualainn aige agus a chlár surfála faoina lámh, d’fhéach sé ar an mbus ag imeacht uaidh. Shéid an cailín sin, a bhí tar éis suí in aice leis nuair a stop an bus sa bhaile mór deireanach, póg chuige tríd an bhfuinneog oscailte.
Níor chailín gránna í. Ábhairín róíseal, ach ní chuirfeadh sé sin as dóibh dá mbeidís sínte ar leaba le chéile. Dath fionn as buidéal ar a cuid gruaige, aghaidh dheas shodhearmadta uirthi.
1
Theastaigh uaithi a cuid Béarla a chleachtadh; theastaigh uaidh féin feabhas a chur ar a chuid Portaingéilise. Shocraigh siad ar mheascán.
Ar a bealach abhaile a bhí sí; bheadh sé ag dul ó sholas, a dúirt sí, faoin am a shroichfeadh an bus an áit arbh as di. Ba mhór an tionadh a bhí uirthi go raibh sé i gceist ag Eoin imeacht den bhus san áit ar imigh, san áit a raibh sé ina sheasamh anois.
‘Cén fáth nach leanfá ort go dtí mo bhaile dúchais? Níl aon chailleadh ar na tonnta ann, a deir mo dheartháir. Surfálaí eisean freisin.’
Bhí an treoirleabhar bainte amach as póca coise a bhríste ghearr aige ar an bpointe boise nuair a dúirt sí sin; mharcáil a thicéad bus an leathanach.
‘Tá sé ráite anseo go bhfuil cuid de na tonnta is fearr sa Bhrasaíl ar fad san áit a bhfuil mo thriall. Agus tá treibh bhundúchasach ann.’
Las alltacht i súile an chailín.
‘Sin í an fhadhb!’
Ní raibh sa bhus anois ach spota dearg i lár scamaill dusta ar íor na spéire. Gan mhoill, d’imigh sé as radharc taobh thiar
2
de chnocán. Ní raibh aon trácht eile ar bhóthar an chósta; ní raibh le cloisteáil ach damhsa na gaoithe i mbarr na gcrann pailme agus búireach na dtonnta, thall ag bun mhachaire geal na trá ar an taobh thall den tarmac.
Dhún Eoin a shúile ar feadh meandair agus líon a scamhóga le boladh an tsáile. Ansin shocraigh sé a mhála ar a ghuaillí agus scrúdaigh comhartha a bhí ar crochadh ó chrann le taobh an bhóthair: seanchlár surfála a raibh ainm an bhrú óige a raibh áirithint déanta aige ann péinteáilte air i litreacha ildaite. Bhí saighead in íochtar.
Chas sé isteach sa bhóithrín cúng. Ní raibh ach leathchéad méadar siúlta aige nuair a dhún an dufair os a chionn, craobhacha na gcrann snaidhmthe ina chéile mar a bheadh lámha seanchomrádaithe iontu. Nó an amhlaidh gur ag tachtadh a chéile a bhí siad, mar a bheadh seanchéilí comhraic? I gcás ar bith, bhí air fanacht ina sheasamh tar éis tamaill ghearr chun ligean dá shúile dul i gcleachtadh ar an dorchadas. D’fhéach sé suas, fonn air go tobann an spéir a fheiceáil, ach phlúch duilliúr dlúth na gcianta an saol ina thimpeall mar a dhéanfadh pluid.
D’fhéach sé ar chlé uaidh agus ar dheis. Crainn áille iad na crainn a d’fhás anseo – ach níor aithin sé aon cheann acu, ná níor aithin sé na feithidí ná na héin ar bhodhraigh a ndordán agus a scairteach a chluasa. Boladh coimhthíoch dó cumhracht mheisciúil na cré taise. Bhí mearbhall air: ní raibh an fharraige
3
ach achar gearr ón áit a raibh sé ina sheasamh ach domhan eile ar fad a bhí anseo, domhan nár bhain leis. Go fóillín beag, pé scéal é. Dhéanfadh sé a chuid féin de, díreach mar a bhí déanta aige de dhomhan na dtaoidí agus na dtonnta.
Agus ansin, dhéanfadh sé a chuid féin sa troid chun an áit seo a chosaint.
De réir na leabhar staire, chlúdaigh foraois bháistí an chuid seo den Bhrasaíl ar fad tráth ar chuir na Portaingéalaigh cos i dtír ann breis is cúig chéad bliain ó shin. Ní raibh fágtha den dufair sin inniu ach pócaí beaga anseo is ansiúd. Bhí a raibh fágtha den fhoraois agus de na pobail dhúchasacha a chónaigh inti i mbaol a mbáis. Mheabhraigh an scéal ar fad scéal Ghaeltacht na hÉireann dó.
Shiúil sé leis, deifir air anois. Ach faoin aer tais, mhéadaigh meáchan a mhála droma agus a chlár surfála le gach coiscéim – nó b’in an chosúlacht a bhí air. Níorbh fhada gur chlúdaigh brat allais a cholainn.
Is iomaí casadh a bhí sa bhóithrín. Mheabhródh sé lorg nathrach do dhuine lena raibh de lúba ann. Sheas Eoin ina staic ar an bpointe boise nuair a rith an tsamhail sin leis: an mbeadh nathracha san áit seo? Thosaigh a chroí ag preabadh go tréan agus ní raibh sé in ann bogadh ar feadh soicind nó dhó.
Dheifrigh sé ar aghaidh a luaithe is a d’fhreagair a cholainn dá
4
aigne arís. Thrasnaigh sé abhainn chaol dhubh thar dhroichead de shlata tiubha adhmaid. In airde a chuaigh an bóithrín ar an taobh eile, agus ba ghearr go raibh a léine báite ar fad san allas. Lig sé osna faoisimh as nuair a chúlaigh an dufair sa deireadh, ag géilleadh slí do pháirc féir a bhí chomh glas le móinéar ar bith in Éirinn.
Bhí an brú óige i lár na páirce sin, seanteach maorga dhá stór ar bharr an chnoic ar fad. ‘An Teach Mór’ a thabharfaí ar a leithéid sa bhaile, a smaoinigh Eoin. Ach bhí ballaí an tí seo chomh buí le banana; chuir an spleodar sin an ruaig láithreach ar na smaointe faoi choilíneachas, iarchoilíneachas agus nithe eile den sórt sin a bhí tar éis preabadh isteach ina aigne.
Bhí seanchlár surfála crochta os cionn an dorais. ‘O Refúgio do Surfista’a bhí scríofa air, mar a bhí ar an gcomhartha thíos ag an bpríomhbhóthar. ‘Tearmann an tSurfálaí’ an chiall, gan dabht, a bhí leis sin. D’fhoghraigh sé ainm na háite os íseal, mar a bheadh focail draíochta iontu a d’osclódh domhan nua dó.
Bhrúigh sé an doras uaidh agus chuaigh isteach i halla fáiltithe. Ní raibh radharc ar éinne. Chuaigh sé a fhad le cuntar a bhí déanta as adhmad tropaiceach. Leag sé uaidh a mhála droma agus a chlár surfála agus bhuail a lámh ar chloigín copair seanfhaiseanta ar an gcuntar. Ghoill an chling ar a chluasa.
Tar éis tamaill, chuala sé coiscéimeanna ar staighre bíseach ag bun an halla. Ní raibh bróga ná flip fleapanna ar na cosa
5
a tháinig anuas an staighre. Bhí bríste Beirmiúdach cadáis agus léine gan mhuinchillí ar an bhfear lenar bhain siad; bhí spéaclóirí gréine i bhfostú ina fholt catach liath. D’fhág an folt céanna agus a shrón uasal cuma éin chreiche air. Seabhac, b’fhéidir.
Bemvindo,’ a dúirt an fear.
Obrigado,’ a d’fhreagair Eoin.
Sheas an fear taobh thiar den chuntar agus bhain leabhar mór amach as tarraiceán. Gan eatarthu anois ach an cuntar, ba léir d’Eoin go raibh an leathchéad slánaithe ag an bhfear. Mar sin féin, bhí cuma na hóige air. Ba dhócha gurb í an tsurfáil ba chúis leis sin: cuma aclaí air agus buandath donn curtha ar a chraiceann geal ag grian, gaoth agus sáile. Bhí súile liatha aige, iad sollúnta ina aghaidh stuama. Chuir an fear a mhéar ar leathanach sa leabhar oscailte agus labhair go réidh, soiléir.
‘Líon isteach d’ainm agus do chuid sonraí anseo.’
Rug Eoin ar pheann agus thosaigh ag scríobh. ‘Ainm: Eoin Ó Síocháin. Dáta breithe: 14 Aibreáin 1988. Áit chónaithe: Sionainn, Co. an Chláir, Éire.’
Las loinnir sna súile liatha.
‘Éireannach thú, an ea?’
‘Is ea,’ a dúirt Eoin.
6
  • Univers Univers
  • Ebooks Ebooks
  • Livres audio Livres audio
  • Presse Presse
  • Podcasts Podcasts
  • BD BD
  • Documents Documents