Ceard E English?
74 pages
Irish

Vous pourrez modifier la taille du texte de cet ouvrage

Découvre YouScribe en t'inscrivant gratuitement

Je m'inscris

Ceard E English? , livre ebook

-

Découvre YouScribe en t'inscrivant gratuitement

Je m'inscris
Obtenez un accès à la bibliothèque pour le consulter en ligne
En savoir plus
74 pages
Irish

Vous pourrez modifier la taille du texte de cet ouvrage

Obtenez un accès à la bibliothèque pour le consulter en ligne
En savoir plus

Description

This pioneering, autobiographical fiction in the Irish language describes a youth growing up in an Irish-speaking families in Dublin before it became prevalent and with all the tension between his conservative household and the more liberal, city environment. The work pays homage to the great tradition of autobiography in Irish writing in both the English and Irish language and calls to mind O Criomhthain and Joyce in particular.

NB: Please note that this is an Irish-language eBook only; there is no English translation or parallel text in this eBook.


Informations

Publié par
Date de parution 01 mars 2002
Nombre de lectures 0
EAN13 9781908057365
Langue Irish

Informations légales : prix de location à la page 0,0480€. Cette information est donnée uniquement à titre indicatif conformément à la législation en vigueur.

Extrait

Céard é English ?
C ÉARD É E NGLISH ?
Lorcán S. Ó Treasaigh
C OIS L IFE B AILE Á THA C LIATH 2002
An chéad chló 2002 © Lorcán S. Ó Treasaigh 2002 Foilsithe ag Cois Life Teoranta
ISBN 1 901176 30 8
Gach ceart ar cosaint. Ní ceadmhach aon chuid den fhoilseachán seo a atáirgeadh, a chur i gcomhad athfhála ná a tharchur ar aon mhodh ná slí, bíodh sin leictreonach, meicniúil, bunaithe ar fhótachóipeáil, ar thaifeadadh nó eile gan cead a fháil roimh ré ón bhfoilsitheoir.
Tá Cois Life buíoch de Bhord na Leabhar Gaeilge agus den Chomhairle Ealaíon as a gcúnamh.
Clúdach: Eoin Stephens Clóbhualadh: Criterion Press, Baile Átha Cliath
Chapter 1

1
Ní cuimhin liom a bheith ar bhrollach mo mháthar ach is cuimhin liom a súil orm. Seo isteach an doras anois í. Fuacht leacracha faoi chois, blas póg maidine ar mo bhéal.
– An ghrian ag taitneamh, a Mham, breathna’ breathna’.
– Anuas as sin leat, sara dtitfidh tú den chathaoir.
Póigín do mo mháithrín ar mo bharraicíní sa teach seo, lámh ar lámh léi go tairseach an dorais.
– Buail leat sa gharraí ach fan amach ó na bláthanna.
Cas ar do sháil rith leat go fál, tabhair do chúl leis an doras ach ná tabhair cúl le cine. Cúl le cine, cúl le cine, clé deas clé, saighdiúirí beaga na nGael.
Gaeil iad féin, ní Gaill ná Spáinnigh
Is cuirfidh siad ruaig ar Ghallaibh.
Sin amhrán Dheaid. Tá Deaid amuigh ag obair, beidh sé ar ais tráthnóna. Sin a deir Mam. Fan go dtiocfaidh bhur nDeaid abhaile. Bhuail mo dheartháir sa bhéal le bróg mé agus shuigh mise ar a chloigeann. Bhris mé fiacail leis agus chaith Mam amach mé. Tá mo dheartháir i bhfuinneog an tseomra suite, ná sáigh do theanga amach ar do dheartháirín.
– A Mham, a Mham, tá sé ag sá amach a theanga.
– Beidh mise ag caint le bhur nDeaid.
Nuair a bhíonn Mam ag caint bíonn sí ag canadh. Nuair a bhíonn Deaid ag caint bíonn sé ag gáire.
– Mún coiligh é an tae sin, nach shin é a bhuachaillí?
– A leithéid de chaint os comhair na ngasúr!
– Céard atá ag cur as duitse, nach bhfuil leathchoróin i mo phóca agus dinnéar ar an mbord?
– An bheirt sin le d’ais, tá mé cráite acu!
Tá mé ag ceapadh go bhfuil rud éicint ag cur as do mo Mham, rud éicint eile ag cur as do mo Dheaid. Den chathair iad muintir mo Mham, de Dhún Laoghaire iad muintir mo Dheaid. Ar imeall na cathrach atá muid faoi láthair.
– I bhfad ón bhfarraige, a deir Deaid.
– Idir cathair is sliabh, a deir Mam.
Ach ní fada uainn an lá go bhfillfidh muid ar Dhún Laoghaire, ní fada uainn an lá go seasfaidh muid cois cuain. Beidh teach nua ag Mam, uimhir bus nua ag Deaid, uachtar reoite an duine againn agus muid cois cladaigh tráthnóna Shathairn. Tosóidh muid arís.
Tá buachaill beag ag an ngeata. Ta liathróid daite aige. Í gorm agus buí. Tá sé ag caint liom ach ní thuigim focal uaidh. Tá ceist aige orm. É ag béicíl orm go mbím sa doras arís.
– A Mhama, a Mhama?
– Bhuela bhuela ?
– Céard é English ?
– Ó a chroí, isteach leat ón ngarraí maith an fear.
Nuair a bhíonn na buachaillí agus na cailíní ag screadaíl is ag súgradh ar an mbóthar, sin English . Nuair a bhíonn an teilifís ar siúl tráthnóna agus na puipéid ag léimt suas síos ag canadh, sin English . Labhraíonn an bhean ar an teilifís English agus bíonn na boys and girls ag gáire.
Deir sí hello boys and girls agus léimeann na puipéid suas síos. Piocann na puipéid flowers in an English country garden agus tosaíonn ag béicíl cosúil leis na boys and girls ar an mbóthar.
Ní maith liom na puipéid ar an teilifís. Ní maith liom English, ní maith liom a bheith amuigh.
– Cén fath go bhfuil tú ag caoineadh, a Chumhaillín?
– Ní maith liom na puipéid, a Mham.
Múchann Mam an teilifís. Tá sin go deas. Is liomsa an teach arís. Is maith liom a bheith istigh. Tuigim chuile fhocal nuair a bhím istigh. Tá tolg sa seomra suite.
Tá clog ar an matal. Tá snas ar an urlár. Cuireann Mam snas ar an urlár chuile Shathairn.
– Nach deas é an t-urlár a bhuachaillí?
Tá dath corcra ar an snasán, tá sé i mbosca faoin staighre.
– Gabh, faigh an snasán faoin staighre, maith an buachaill.
Tá bláthanna ar na cuirtíní sa seomra suite. Seo é an seomra suite ach sin í an fhuinneog. Seo é an tolg ach sin í fráma na fuinneoige. Tá cuirtíní ar an bhfuinneog ach tá páipéir balla ar an mballa. Tá páipéar balla ar an mballa sa seomra suite ach níl ar bhalla na cistine.
Balla, balla, páipéar balla, thugamar féin an samhradh linn.
Tá Mam ag canadh. Bíonn sí ag canadh nuair a níonn sí na soithí. Níonn sí na soithí agus cuireann ar ais sa chófra iad. Cuireann sí an sceanra ar ais i dtarraiceán an sceanra.
Sceanra sceanra bainne na ngamhna, thugamar féin na seangheansaithe linn.
Thugamar linn go dtí an seomra suite iad, le snas a chur ar an urlár. Seo linn ag tónaíl timpeall an tseomra orthu.
– Ag tónaíl thart mar is dúil dhaíobh beirt, a deir Deaid.
Deir sé é sin nuair a thagann sé abhaile sa tráthnóna. Tá macalla sa halla nuair a labhraíonn sé.
– Tá macalla sa halla, a Dheaid!
– Tá a chroí, tá.
Ardaíonn Deaid san aer mé.
– Aon scéal a’at?
– Diabhal scéal mura bhfuil scéal agat féin.
– Ó, tá scéal mór ag Cumhaillín inniu, a deir Mam.
– ’Bhfuil anois?
Insíonn Mam scéal mór an lae do Dheaid agus tosaíonn Dálsútra ag gáire.
– Ná bí ag gáire faoi do dheartháirín mar sin, a deir Mam le Dálsútra, níl againn ach muid féin.
– Abair é ! a deir Deaid agus casann ar ais ormsa.
– A Chumhaillín, a Chumhaillín, chuir an cheist a bhí agat ar do Mham gliondar ar mo chroí.
A haon a dó a trí, chuir ‘céard é Béarla’ gliondar ar mo chroí.
2
Tá Deaid imithe amach. Tá sé ina shuí ar an mbus. Suíonn sé in aice leis an bhfuinneog agus féachann sé amach. Féach na carranna ag dul suas síos suas síos.
Féach na daoine ar fad ar bhusanna eile ag féachaint amach. Is maith le Deaid a bheith ar an mbus mar tá sé greannmhar ach ní maith leis a bheith i gcarranna.
– Cén fáth, a Mham?
– Nuair a bhí do Dheaid óg bhí sé le dul ar thuras i gcarr cara leis ach bhí air fanacht sa bhaile le cabhrú lena Mham. Tharla timpiste agus maraíodh a chara.
Tá cara Dheaid marbh. Tá sé marbh ar shléibhte Chill Mhantáin. Fuair sé bás agus anois tá sé marbh. Thit a charr le fána. Thit sé sa mhullach air ach níor thit sé ar Dheaid.
– Cé acu is fearr leatsa, a Chumhaillín, carr nó bus?
– An bus cosúil leatsa, a Dheaid.
– Maith an buachaill, a deir Deaid.
Dath uaithne atá ar an mbus, dath glas ar an bhféar. Fásann féar agus mar sin tá sé glas, ní fhásann bus agus mar sin tá sé uaithne. Tá gach cineál dath ar charranna. Tá siad dubhbuíbángormdearg. Dathaím ar pháipéir sa chistin iad.
Tá na carranna gorm agus buí cosúil leis an spéir agus an ghrian. Tá sléibhte Chill Mhantáin i bhfad i bhfad i gcéin agus tá Deaid ina shuí in aice leis an bhfuinneog ar an mbus.
– Féach, a Mham, tá Deaid ar an mbus.
– Tá a stór, tá. Nach tú atá cliste?
Tá Cumhaillín cliste. Tá Cumhaillín ina chónaí ar imeall na cathrach. Tá an feirmeoir groíúl ina chonaí faoin tuath. Tá pictiúr de sa leabhraín beag ar bhord na cistine. Tá sé ag obair ar an bhfeirm.
– Moo! a deir an bhó.
– Hup hup! A deir an feirmeoir.
Tá Deaid ag obair sa chathair. Ní deir sé tada ach ‘ vroom vroom ’ nuair a thosaíonn an bus.
– Féach, a Mham, tá Deaid ar a bhealach abhaile.
Tiománfaidh an feirmeoir na beithigh abhaile agus tiomáinfidh fear an bhus an bus. Ní thiomáinfidh Deaid tada ach thiomáinfidh athair Dheaid beithígh fadó. Thiomáin sé go garraí an bhúistéara iad. Nuair a bhí siad istigh aige las sé toitín.
Lá amháin bhí Deaid dána agus thug a mháthair bosca toitíní dó le tabhairt dá athair. Thóg deaidí Dheaid an bosca gan focal, las sé toitín agus sheas Deaid siar uaidh go bhfaca an deatach ag dul suas suas san aer.
– Agus, arsa Deaid, ó shin i leith má dhúnaim mo shúile feicim deatach an toitín sin ag dul suas san aer romham. ’gCreidfeá sin anois!
Tá scamall ar nós deataigh sa spéir ag clúdach na gréine. Nuair a chlúdaíonn na scamaill an ghrian deir Mam buíochas le Dia, tá mé marbh ag an teas. Seasann sí siar ón bhfuinneog le breathnú ar an bpictiúr agam. Tá cuma buartha uirthi.
– Ná bí buartha, a Mham, beidh Deaid sa bhaile go luath.
– Maith an buachaill, a Chumhaillín, suas ar mo ghlúin leat.
Dillín ó Damhs’ó Damhs, Dillín ó Damhs ó Dí.
Cuireann sí suas síos suas síos ar a glúin mé.
Caithfidh muid suas an páiste, Caithfidh muid suas an páiste, Caithfidh muid suas is suas Is tiocfaidh sé anuas amárach.
Tiocfaidh Deaid abhaile agus suífidh muid ar fad chun boird. Íosfaidh muid dinnéar agus milseog bheag. Nífidh muid na soithigh, suífidh muid siar agus beidh gach duine gealgháireach agus beidh gach duine groíúil.
Dillín ó damhs’ ó damhs’ Dillín ó damhs’ ó dí!
3
Cá bhfuil Dálsútra? Is é Dálsútra mo dheartháir. Nuair a bhíonn sé ag caint, bíonn gach duine ag éisteacht. Tá freagra aige ar chuile shórt faoin spéir.
– Nuair a chuireann an máistir ceist sa rang, bíonn an freagra agamsa i gcónaí. Sin a deir Dálsútra.
Tá Dálsútra i rang a haon. Tá rang a haon thuas staighre.
– Buachaillí amháin atá i rang a haon! Sin a deir Dálsútra.
– Buachaillí na leaids! a deir Deaid.
Tá mise i rang na naonán sinsir. Buachaillí agus cailiní atá i rang na naonán sinsir. Is maith le Mam na buachaillí agus na cailíní beaga ar fad.
– A dó dí dó dí na rudaí beaga dó dí ! a deir sí.

– Ná bí amaideach, a Mham, a deir Dálsútra.
Seo isteach doras na cistine anois é.
– Agus cá raibh tusa? a fhiafraíonn Mam dó.
– Áit ar bith, a deir Dálsútra.
– Suigh síos agus bí ciúin, a deir Mam.
Ligeann Dálsútra air féin gur madra é. Bíonn madra ag tafann agus mar sin bíonn Dálsútra ag tafann.
– B’fhéidir gur mhaith le Róló teacht amach ar phicnic linn?
– Picnic picnic, a deir Dálsútra, woof woof !
Inniu an Satharn. Gach lá an samhradh, samhradh samhradh, bainne na ngamhna. Thugamar féin an blaincéad linn. Focal deas é blaincéad. Scarann Mam amach ar an bhféar dúinn é.
– Tá an blaincéad go deas a Mham.
– Tá, a stór, tá.
Doirteann sí amach sú oráiste dúinn. Tá sú oráiste deas. Tá cupán an duine againn.
– Liomsa an cupán dearg!
– Tá a fhi

  • Univers Univers
  • Ebooks Ebooks
  • Livres audio Livres audio
  • Presse Presse
  • Podcasts Podcasts
  • BD BD
  • Documents Documents