Cnoc na Lobhar
86 pages
Irish

Vous pourrez modifier la taille du texte de cet ouvrage

Découvre YouScribe en t'inscrivant gratuitement

Je m'inscris

Cnoc na Lobhar , livre ebook

-

Découvre YouScribe en t'inscrivant gratuitement

Je m'inscris
Obtenez un accès à la bibliothèque pour le consulter en ligne
En savoir plus
86 pages
Irish

Vous pourrez modifier la taille du texte de cet ouvrage

Obtenez un accès à la bibliothèque pour le consulter en ligne
En savoir plus

Description

NOTE: Please note that this book is in not in the English language; it is an Irish-language work only. In Cnoc na Lobhar, memories and imaginings surface in this sensitive and humorous portrayal of an old man as he draws together the complex strands of his life. One reviewer described the protagonist as ''difficult, bigoted, awkward, cantankerous ... He would appear to be the nightmare from which present-day language advocates are keen to awake. But Ó Treasaigh’s portrait of a man and of a vision in crisis is all the more compelling because there is no attempt to make his convictions more palatable or his rage more decorous.''


Informations

Publié par
Date de parution 01 octobre 2007
Nombre de lectures 0
EAN13 9781908057525
Langue Irish

Informations légales : prix de location à la page 0,0480€. Cette information est donnée uniquement à titre indicatif conformément à la législation en vigueur.

Extrait

Cois Life Teoranta
Baile Átha Cliath
Tá Cois Life buíoch de Bhord na Leabhar Gaeilge agus den Chomhairle Ealaíon as a gcúnamh.
An chéad chló 2007 © Lorcán S. Ó Treasaigh
ISBN 978-1-901176-73-5
Clúdach agus dearadh: Alan Keogh

www.coislife.ie
Duitse, Amanda.
Do not go gentle into that good night, old age should burn and rave at close of day; rage, rage against the dying of the light.
Dylan Thomas
1
Rugadh i nDún Laoghaire mé, is ea, Dún Laoghaire, trí shiolla i nGaeilge, níl Béarla ar bith air, cé go ndearna amadán éigin iarracht an seanchló a chur ar an mballa thíos sa stáisiún traenach agus a rá gurbh é sin an leagan Gaeilge. Tá a fhios agat an cineál, cheannaigh péire spéaclaí, chaill a chuid gruaige, chuaigh suas go Baile Átha Cliath le post a fháil. D’fhéach mé caol díreach sa dá shúil air agus dúirt i nGaeilge ghlan leis nach raibh ach ainm Gaeilge ar an mbaile seo. Náirithe agam a bhí an bastard.
‘Gabhaim pardún agat,’ a dúirt sé, ‘ach ní mise a rinne an cinneadh sin.’
‘Ón gcanúint atá agat,’ arsa mise, ‘déarfainn gur d’Iarthar Chiarraí tú, agus ó tharla nach bhfuilimse ag rá leatsa cén chaoi le cac bó a chur ar ghort fataí, bheinn buíoch díot ach an comhartha amaideach sin a bhaint anuas den bhalla.’
Agus bhain.
Hata leathan donn ag féachaint isteach sa chliabhán ag ceilt na gréine orm ab ea m’athair, lámha á gcuimilt de naprún sular ardaíodh as an gcliabhán mé ab ea mo mháthair. Ní raibh focal Gaeilge eatarthu riamh ach b’iontach an meas a bhí acu uirthi agus tuige nach mbeadh, nach iontach an teanga í? Nach ea, an ea, sea, ab ea? Seachas isn’t it, wasn’t it, nó was it not, is it not.
Thug mo mháthair Labhrás orm. Croitheadh an mhála a bhí ionam, a dúirt m’athair. Ba den Charraig Dhubh é siúd. Bhí an ghráin aige riamh ar Dhún Laoghaire.
‘Abair go raibh argóint idir bheirt ag an gcúinne,’ a deireadh sé, ‘chloisfeá ag gearán amhail beirt sheanbhan iad go mbeadh sé ina mhaidin acu, ach dá mba ar an gCarraig Dhubh iad, bheadh fuil ar an urlár, mise á rá leat.’
Rugadh i seomra mé ar nós mo dhearthár Pól agus mo dheirféar Lil a saolaíodh romham. Siopa crua-earraí anois é. Tharla mé ag ceannach lomaire faiche ann lá.
D’fhiafraigh mé den fhreastalaí an bhféadfaidís an lomaire a thabhairt amach chuig an teach agam.
‘Are you local?’ arsa mo dhuine.
‘I was born here,’ a d’fhreagair mé.
‘Here in Dún Laoghaire?’
‘No,’ arsa mise, ‘here in this shop.’
Teach ard a bhí ann roinnte suas ina bhoscaí ag bastard éigin a chuir bastard éigin eile amach chuile tráthnóna Aoine le cúpla pingin nach raibh acu a bhaint de dhaoine bochta nach raibh acu riamh ach ó lámh go béal. Bhí scéal grinn ag m’athair faoi.
Buaileann an bailitheoir cíosa a dhorn ar dhoras an tionónta ach ní fhreagraíonn duine ar bith an doras.
Seasann sé amach ar an mbóthar nuair a osclaítear fuinneog os a chionn.
‘You missed me last week,’ arsa mo dhuine leis an bhfuinneog thuas.
‘Well, I won’t miss you this week!’ a d’fhreagair an diabhal bocht san fhuinneog agus caitheann amach pota fuail sa mhullach ar an mbailitheoir.
Mo mháthair a d’íocadh an cíos chuile sheachtain.
B’fhearr le m’athair an dorn a thabhairt dó seachas an cúpla pingin.
‘Just a moment, Mr Bailey,’ a deireadh sí, bhaineadh sí an t-airgead den mhatal, áit a raibh sé fágtha ag m’athair, tharraingíodh an doras ina diaidh sa chaoi is nach bhfeicfeadh a clann í agus d’íocadh an cíos sa halla.
Ba bheag troscán a bhí sa seomra inar saolaíodh mé, seanmhatal dubh ar ar shuigh seanchlog ar an dath céanna, poll ina lár agus eochair folaithe faoi go gcuirfeadh m’athair an t-am san imeacht arís sula mbainfeadh sé a chos den teallach le lá oibre a chuardach ar an mbaile thíos. Is cuimhin liom fós a lámh go bog ar hanla an dorais agus é ag éalú amach is a mhuintir ina gcodladh sámh.
Deartháir amháin a raibh ceithre bliana aige orm buailte leis an mballa thoir, deirfiúr a tháinig eadrainn leis an mballa thiar, mo mháthair i dtóin an tseomra le creathadh an mhála agus seanchuirtín buailte leis an aon fhuinneog a bhí againn le grian na maidine a choimeád uainn.
Ní mé go baileach cén t-achar ama a thugamar ar fad sa seomra dorcha sin gur aistríodh go leath-theach muid ach is ann a chaith mé blianta tosaigh mo shaoil agus is air a fhillim agus mé caite anseo i m’aonar tá tuilleadh agus trí scór go leith rud éigin blianta ina dhiaidh. Is beag is fiú a bheith i d’Oisín i ndiaidh na Féinne, tá a fhios ag Dia, ní raibh againn ach an t-aon seomra amháin ach an oiread le cosmhuintir uile an bhaile seo agus má ba dhuairc féin a bhí sé, má thit an bháisteach i gcaitheamh na hoíche, fágadh tirim cois teallaigh ar maidin muid, murab ionann agus na diabhail bhochta eile sin a ruaigeadh as a mbotháin sléibhe sa sean-am.
Sin a deireadh m’athair má bhí fonn olagóin ar dhuine ar bith againn agus cé a déarfadh nach raibh an ceart ar fad aige fiú mura raibh le roinnt orainn ach cibé blas a tháinig chugainn as pota mór dubh a bhíodh de shíor ar crochadh ar an tine ag mo mháthair. Chuala mé ráite é gurbh iomaí bialann sa chathair a dhéanfadh rud mór de na béilí a bhíodh againne mar ghasúir, leithéidí Chodladh Bhaile Átha Cliath, croí uain, teanga bhó nó cloigeann caorach báite i bpota eorna mar a bheadh a chuid fiacla ar snámh ina thimpeall, ach mise á rá leat nach raibh mar bhlas orthu siúd riamh ach blas an ocrais, gur mhór agamsa agus ag mo chineál gan blaiseadh díobh arís, ba chuma cén cineál maitheasa, calraí nó diabhal rud ar bith eile atá iontu.
Deireadh mo mham dhá mbeadh an cúpla scilling sa bhreis aici go gceannódh sí péire bróg do mo Dheaid seachas na buataisí le tairní ag gobadh as an tsáil fúthu a chuireadh madraí uile an bhaile ag tafann leis an ngleo aige chuile mhaidin ar an gcosán thíos, ach cheapfainn gur thug sé sásamh di go raibh a fear céile amuigh ag obair seachas a bheith ina shuí ina chnap cois tine ag caitheamh toitíní is ag caoineadh faoin saol mar a bhí a lán eile an t-am sin. Chuireadh sí an bheirt eile amach ina dhiaidh le freastal ar an gclochar áit a raibh scoil náisiúnta an bhaile, rud a d’fhágadh an bheirt againne ar aghaidh a chéile chun boird. Bolgam bainne agus canta aráin a bhíodh agamsa, tae agus a thuilleadh tae aici siúd go raibh sé in am dul ag fiach.
Chuile lá mar a chéile. A cóta a deireadh sí a chlúdódh gach peaca a chur uirthi, a cuid gruaige a chur suas faoina hata, mo chaipín a chur ormsa, sracfhéachaint sa scathán agus away linn beirt le bia an tráthnóna a thabhairt abhaile. Chuile shórt a cheannach ar a laghad airgid agus a d’fhéadfaí, cabáiste, turnapaí, meacain bhána agus meacain dhearga má bhí siad réasúnta, feoil chrua a bhainfeadh an déad fiacaile as béal an Diabhail féin ach é a bheith ar snámh i bpota leath an lae agus abhaile linn ansin leis an tine a chur síos sula bhfillfeadh an bheirt eile stiúgtha ón scoil, gan rompu ach arán, bainne agus ruainne meala mura raibh an próca folamh agus méara an leaidín bhig sáite go híochtar ar an urlár ann.
Níorbh fhada ina dhiaidh sin go mbeadh boladh tais na n-éadaí ag triomú os comhair na tine ag meascadh le boladh bréan na nglasraí agus na feola crua ag éirí as an bpota ar snámh i do chloigeann mar a bheadh comhleá a chuirfeadh fonn masmais ar Dhia féin. Agus mar sin a bhíodh an geimhreadh agus laethanta fliucha an fhómhair agus an earraigh i ngach seomra ag gach clann sa teach mór sin mar a bheadh pota mór millteach amháin agus cosmhuintir uile an bhaile ar snámh timpeall ann ó lá go lá go dtiocfadh an t-ádh ar chlann amháin acu is go dtarraingítí as an bpota go teach de chuid chomhairle an bhaile iad mar a bheadh éisc ar dhuán.
Chuireas cos an tsamhraidh fúm amach ar sháil mo dhearthár á leanúint ó dhoras go cuan. Rith ráille traenach idir cathair agus cuan, an chéad cheann in Éirinn a dúirt mo dheartháir, d’fhan fuaim ghéar na feadóige agus an traein ag tarraingt le stáisiún Dhún Laoghaire liom ó shin i leith. D’fheicfeá na leaids ar fad ag rith go balla go bhfeicfidís an ghal ag éirí san aer is ag imeacht le cóir i ndiaidh an innill.
Bhí athair Liam, comrádaí le mo dheartháir, ina fhear guail agus má bhí an t-ádh linn, b’fhéidir go dtabharfaimis suntas dó agus é ag éirí ina sheasamh le síneadh a bhaint as cnámh bhocht a dhroma agus an traein ag moilliú amach romhainn. Péist mhór dhubh a bhí ann ag doirteadh amach idir na daoine agus a gcuid bagáiste cois cuain. Seo muid ar fad ag ráillí an chalaidh thiar ag stánadh ar na paisinéirí ag aistriú ó thraein go long agus iad ag deifriú faoi hataí leathana na mban agus hataí crua na bhfear ar bord na loinge a sheolfadh thar farraige anonn go Sasana iad.
Corruair, b’fhéidir go bhfeicfeá bastard bocht agus chuile rud dá raibh aige sáite go hamscaí faoina ascaill agus é ag tabhairt aghaidh go faiteach ar an mbád bán roimhe ach den chuid is mó is ag díriú ar na ladies agus gentlemen a bhíomar agus ar an arm beag fear freastail ag rás faoi ualach an bhagáiste acu. Deireadh an ráis na cásanna móra agus na cásanna beaga a aistriú ó chaladh go long agus lámh a chur amach le síntiús éigin a ghlacadh ó na paisinéirí. Is ansin a d’fheicinn m’athair féin ag cuimilt a bhaithise le caipín a éide oibre sula ndéanadh sé meangadh amscaí leis an mbastard ardnósach a chaithfeadh pingin nó dhó lena shearbhónta groí.
Is ansin a ligeadh mo dheartháir béic orainn ar fad díreach sula séidfí bonnán imeachta na loinge agus seo linn ar fad mar a bheadh conairt ag rith ina dhiaidh go barr an chalaidh go bhfeicfimis an long ag fágáil an chuain agus ag tabhairt an fharraige mhór uirthi féin anonn.
Dhá lámh san uisce an dá chaladh, agus an cuan mar a bheadh báisín ina mbaclainn acu, iad ag cumhdach idir longa cogaidh is pléisiúir, mairnéalaigh is paisinéirí, mé féin is mo dheartháir ar fhiántas seacht n-aigéan na cruinne seo. Sheasfainn ansin faoi scáil an tí solais ar nós mo chomrádaithe ag féachaint ar an long mhór mhillteach ag dul amach tharainn, na fir is na mná ar fad ar bord ag féachaint siar ar na sléibhte agus rompu amach le hiontas ag smaoineamh ar an bhfarraige fh

  • Univers Univers
  • Ebooks Ebooks
  • Livres audio Livres audio
  • Presse Presse
  • Podcasts Podcasts
  • BD BD
  • Documents Documents