Dordan
66 pages
Irish

Vous pourrez modifier la taille du texte de cet ouvrage

Découvre YouScribe en t'inscrivant gratuitement

Je m'inscris

Dordan , livre ebook

-

Découvre YouScribe en t'inscrivant gratuitement

Je m'inscris
Obtenez un accès à la bibliothèque pour le consulter en ligne
En savoir plus
66 pages
Irish

Vous pourrez modifier la taille du texte de cet ouvrage

Obtenez un accès à la bibliothèque pour le consulter en ligne
En savoir plus

Description

In this novel in the Irish language Natasha and friends prepare for their Leaving Cert, but she finds herself facing even bigger challenges at home when her mother smashes the kitchenware and her father takes off in the middle of the night. Her brother, Craobh, has issues of his own. This fast-moving novel explores the many burdens of modern teenage life. NOTE: this book is written in the Irish language there is no English language text.


Informations

Publié par
Date de parution 10 janvier 2011
Nombre de lectures 0
EAN13 9781908057273
Langue Irish

Informations légales : prix de location à la page 0,0480€. Cette information est donnée uniquement à titre indicatif conformément à la législation en vigueur.

Extrait

Sonraíocht CIP Leabharlann na Breataine. Tá taifead catalóige i gcomhair an leabhar sea ar fáil ó Leabharlann na Breataine

Tá Cois Life buíoch de Chlár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus den Chomhairle Ealaíon as a gcúnamh. An chéad chló 2001 © Éilís Ní Dhuibhne ISBN 978-1-907494-15-4 Clúdach agus dearadh: Alan Keogh Clódóirí: Brunswick Press
www.coislife.ie
Is fearr an troid ná an t-uaigneas
Tá siad ag argóint.
Seán agus Úna.
Úna agus Seán.
Mama agus Daid.
Amhail is dá siúlfaidís amach as ‘Bí ag Léamh: Uimhir a hAon. Don Bhunrang sa Bhunscoil.’ (An Gúm 1954).
Dochreidte go bhfuil na hainmneacha sin ar lánúin ar bith, sa lá atá inniu ann. Ach Seán agus Úna atá orthu, creid é nó ná creid. Seán Ó Nualláin agus Úna Ní Shé-Ó Nualláin. Tuismitheoirí Natasha.
– Níl na gréithe seo nite.
Labhraíonn Úna i nguth ciúin. Neodrach. Réasúnta, déarfá. Mura mbeadh seantaithí agat, an tseantaithí atá ag a hiníon Natasha uirthi.
– Tá siad nite!
Tá Seán corraithe cheana féin. Ní fhoghlaimíonn sé aon rud, riamh. Tá sé cosúil le carachtar i seanscéal. Cosúil leis na deirfiúracha in Cóitín Luachra. Triaileann an chéad deirfiúr an slipéar agus tá sé róbheag dá cos mhór ghránna agus gearrann sí méara a coise ach is cuma faoi sin. Níl an chos chun dul isteach sa slipéar sin. Tá an dara deirfiúr ag breathnú uirthi agus tá spága móra gránna fúithi siúd freisin. An bhfoghlaimíonn sí aon rud ó bheith ag féachaint ar a deirfiúr, fuil ag sileadh léi? Ní fhoghlaimíonn. Déanann sise an rud ceannann céanna.
Tá Seán ar aon dul leis an deirfiúr sin.
Osclaítear an miasniteoir. Gréithe ag cleatráil. Sceanra ag canadh.
– Tá roinnt rudaí caite isteach sa mheaisín agat. Ach féach ar an gcuntar!
Tá an teocht ag méadú. An ton ag ardú. Níl Úna ag caint i nguth réasúnta anois.
Déan rud éigin, a screadann Natasha, i scread nach gcloisfear lasmuigh dá cloigeann féin. Seo an deis chun stop a chur leis an ruaille buaille ar fad. Anois, díreach, an soicind seo.
Ach sin rud nach dtuigeann Seán. Sin rud nár thuig sé riamh.
Ní thuigeann sé gur cheart dó níos mó cúnaimh a thabhairt d’Úna sa teach. Agus ní thuigeann sé nár cheart argóint léi nuair atá fearg uirthi.
– Tá na gréithe nite agam!
– Féach ar na potaí seo! ’Bhfuil siadsan nite?
– Tá siad ar maos.
– Agus an t-urlár. ’Bhfuil sé sin ar maos? An scuabann tú an t-urlár riamh? Ar scuab tú an t-urlár uair amháin i do shaol?
– Míle uair.
– Míle uair! Míle uair! Ar ullmhaigh tú dinnéar uair amháin fiú? An ndearna tú cupán tae?
– Ara…
Brs!
Buidéal ag briseadh ar na tíleanna.
Crs! Crs!
Pláta. Nó cupán. Muga.
Gloine, b’fhéidir.
Níl a fhios ag Natasha, a cloigeann fáiscthe idir a lámha, ina seomra leapa díreach os cionn na cistine, go díreach cad atá ina smidiríní ar urlár na cistine.
Ach tá an méid seo ar eolas aici. Ní haon rud luachmhar a roghnaíonn Úna, nuair a bhíonn rudaí á gcaitheamh aici ar an urlár, nó le Seán. Cé go mbíonn an chuma uirthi go bhfuil sí as a meabhair le teann feirge, déanann sí deimhin de gur seanphláta a bhriseann sí, nó muga nach bhfuil sí rócheanúil air.
Tá roinnt mhaith rudaí briste aici, chomh fada agus is cuimhin le Natasha. Ach tá tugtha faoi deara aici nach bhfuil oiread is soitheach amháin poircealláin imithe as an bhfoireann bhreá tae a fuair siad mar bhronntanas pósta. Agus na mugaí daora sin a cheannaíonn Úna sa siopa potaireachta sa Ghaeltacht nuair a bhíonn siad ar laethanta saoire, tá siad sin fós slán.
Go hiondúil ní bhriseann sí ach rudaí atá saor agus suarach. Mugaí a fuair sí ar sladmhargadh in Dunnes atá iontu. Rudaí nach bhfuil luachmhar, dar léi.
Plátaí gránna.
Cupáin gharbha.
Agus croíthe a páistí.
Craobh
Agus Úna agus Seán ag troid thíos staighre, éiríonn Natasha as an staidéar agus siúlann go dtí an fhuinneog. Cloiseann sí éanlaith ag canadh lasmuigh sa ghairdín. Tá an lon dubh is an chéirseach is an fhuiseoigín le chéile. Líne a ritheann léi – d’fhoghlaim sí an líne sin uair éigin, i rang éigin, i gcoláiste samhraidh éigin, i nGaeltacht éigin, i bhfad ón áit seo. 7, Ascaill Dhún na Rún. Tá na duilleoga tagtha ar na crainn go léir, agus breacadh éadrom ar gach rud. Amhail is dá mbeadh cuilt thiubh bhog leata ar an domhan, agus cúisíní boga sna háiteanna a bhí lom agus crua agus folamh go dtí le déanaí. Agus na héin ar bís, ag canadh in ard a gcinn is a ngutha, mar a bheadh ceolfhoireann ollmhór nach dtógann sos riamh. Feiceann sí cág ag siúl san fhéar – tá sé chomh mór le sicín, agus féachann sé cosúil le baincéir, faoina chulaith liath agus dubh.
Dúnann sí an fhuinneog, cé go bhfuil an tráthnóna te, mar tá baol ann go gcloisfidh na comharsana Úna agus í ag screadach.
Amach le Natasha as a seomra agus isteach léi sa seomra béal dorais. Seomra a dearthár, Craobh.
Tá Craobh ina shuí ag a dheasc, cluiche ríomhaire á imirt aige. A sheomra trína chéile, mar a bhíonn go hiondúil. Lán go doras le ‘stuif’: leabhair agus ríomhairí agus éadaí agus seanbhréagáin. Uirlisí ceoil. Pianó leictreach. An t-aon rud a dtugann sé aire cheart dó ná a chláirnéid. Tá sí sin i dtaisce mar a bheadh peata naíonáin sa chiseán atá ar crochadh ó chrúcaí sa tsíleáil. Seán a smaoinigh ar an tseift sin, toisc an seomra a bheith róbheag don trealamh ar fad atá ag Craobh. Uaireanta bíonn seifteanna maithe ag Seán. Ach is annamh é. An chuid is mó den am ní spéis leis rud ar bith a bhaineann le cúrsaí tís, ach é ag obair ar a chuid tionscnamh féin, san oifig bheag atá aige sa seangharáiste.
Tá cluasáin ar Chraobh. Seans nár chuala sé an raic. Nó seans gur chuala agus gur sháigh na cluasáin isteach chun éalú uaidh.
Ligeann sé air nach bhfeiceann sé Natasha. Tá a dhá shúil ar nós lampaí sábhála agus iad ag stánadh ar an scáileán.
Leagann Natasha lámh ar a ghualainn.
Casann sé thart. Tarraingíonn amach cluasán amháin. Cuireann sé stad leis an gcluiche atá á imirt aige. Íomhá mhná le folt órga agus í ag sciorradh le haill isteach i loch trí thine, lasair ag teannadh lena cosa.
Tá pus ar Chraobh. Cuma chrosta ar a ghnúis, atá beag – róbheag dá aois. Aghaidh gheal thanaí, breicneach ar a shrón – chomh luath agus a thagann an samhradh nochtann an bhreicneach sin air. Tagann sé leis an ngruaig rua atá air, agus ar fuath leis í. Óna mháthair a thug Craobh leis an ghruaig rua sin agus bhí pearsantacht a mháthar aige leis, go dtí le déanaí – bhíodh sé oscailte agus teasaí, thuas seal thíos seal, cosúil le Úna. (Thuas seal thíos seal a bhíonn uasal agus íseal agus Úna agus Craobh, a deireadh Seán.) Gruaig dhubh atá ar Natasha, gruaig a hathar. Baisteadh Carrots ar Chraobh, ar ndóigh, chomh luath agus a leag sé cos amach thar tairseach an tí. Ginger uaireanta. Tugtar Traffic Lights air nuair a chaitheann sé geansaí nó T-léine uaine, agus tugann daoine baill éadaigh uaine dó, toisc go n-oireann an dath dó. Cuireann na leasainmneacha isteach ar Chraobh. Carrots. Ginger. Ach is mó a chuireann a ainm ceart, Craobh, isteach air. A athair a bhaist an t-ainm sin air. D’aimsigh sé an t-ainm i lámhscríbhinn éigin, agus shíl sé go raibh sé gleoite. Craobh. Ainm láidir Gaelach, a bhaineann leis an dúlra. Ainm nach bhfuil ar éinne eile ar domhan seachas Craobh Ó Nualláin. Fuair Natasha amach bliain ó shin gur ainm cailín ab ea Craobh, sna meánaoiseanna, ach níor inis sí dá deartháir gurbh amhlaidh a bhí. Bhí áthas uirthi gur ar a máthair a thit sé ainm a aimsiú di féin – b’in an socrú a bhí ag Seán agus Úna: bhaistfeadh sise an leanbh dá mba chailín í, agus dhéanfadh Seán é dá mba bhuachaill é. Gaeilgeoir ón gcliabhán is ea Seán, d’fhéadfá a rá – bhí a shin-seanathair ar chomhaltaí bunaidh Chonradh na Gaeilge. Ach Béarlóir ón gcliabhán is ea Úna. Winnie a thugann a tuismitheoirí féin uirthi. Thosaigh sí ar an nGaeilge nuair a thit sí i ngrá le Seán. Coinníoll ab ea é sin, don chleamhnas, ní foláir.
– ’Bhfuil tú ceart go leor?
– Cén fáth nár chnag tú ar an doras?
Croitheann Natasha a ceann, í ag leathgháire. Tá fógra ag Craobh ar a dhoras. ‘Cnag led’ thoil!’
– Brón orm. Rinne mé dearmad. ’Bhfuil tú ceart go leor?
– Táim gnóthach. Ná bí ag cur isteach orm.
– Ach …
– Imigh leat.
Sánn sé an cluasán isteach arís agus díríonn a aird ar an scáileán. Sciorrann an bhean álainn i dtreo na lasracha, ach soicind sula dtiteann sí isteach sa tine sciobann éan ollmhór í, iolar atá chomh mór le héileacaptar, agus sábhálann í.
Cuimilt ghrámhar ag Natasha ar a chloigeann, agus greadann sí léi as an seomra.
Nuair a bhí sé ní b’óige chuireadh na hargóintí isteach go mór ar Chraobh. Chomh luath agus a thosaíodh Úna agus Seán ag troid, ritheadh sé isteach i seomra Natasha ag lorg sóláis uirthi, dídean. Luíodh an bheirt acu sa leaba faoin gcuilt, greim láimhe acu ar a chéile, ag feitheamh go mbeadh an stoirm thart. Eagla an domhain ar Chraobh i gcónaí. Ní bhíodh eagla ar bith ar Natasha. Dar léi. Bhíodh an raic ann, agus ansin bhíodh deireadh leis, agus bhíodh gach rud ceart go leor arís. Sin mar a bhí. Ach níor thuig Craobh sin. Gach aon uair, thagadh faitíos uafásach air, roimh rud éigin. Níor fhéad sé focail a chur air riamh, ar an rud a raibh eagla air roimhe.
– Ní tharlóidh aon rud!, a deireadh Natasha leis. Cad a cheapann tú atá chun tarlú?
Chroitheadh sé a cheann. Ní raibh a fhios aige. Tubaiste éigin nach bhféadfadh sé cur síos a dhéanamh air, nach bhféadfadh sé a shamhlú. Ba mhinic é ag caoineadh, nó ag crith le neart eagla.
Ach le bliain anuas nó mar sin níor thug sé aon aird ar na hargóintí a thuilleadh. Níor bhac sé leo in aon chor. Níor labhair sé fúthu, le Natasha, agus is cinnte nach raibh sé chun sólás a lorg óna dheirfiúr. Níor labhair sé léi faoina thuismitheoirí a thuilleadh.
Níor labhair sé faoi aon rud eile ach an oiread. Ach é gnóthach lena ríomhaire, nó lena chuid dioscaí, nó leis an gcláirnéid a bhí á seinm aige le bliain anuas, uaireanta ar feadh ceithre nó cúig huaire an chloig sa lá. Bhíodh sé ina thost, le Natasha, agus le gach duine eile, formhór an ama.
Filleann Natasha ar a seomra.
CLAIC!
Doras á dhúnadh, de phreab.
Ciúnas.
Níl fuaim ar bith l

  • Univers Univers
  • Ebooks Ebooks
  • Livres audio Livres audio
  • Presse Presse
  • Podcasts Podcasts
  • BD BD
  • Documents Documents