Dun an Airgid
272 pages
Irish

Découvre YouScribe en t'inscrivant gratuitement

Je m'inscris

Dun an Airgid , livre ebook

-

Découvre YouScribe en t'inscrivant gratuitement

Je m'inscris
Obtenez un accès à la bibliothèque pour le consulter en ligne
En savoir plus
272 pages
Irish
Obtenez un accès à la bibliothèque pour le consulter en ligne
En savoir plus

Description

Utoipe nua-aoiseach is ea Dun an Airgid - go dti go dteann an leabharlannai Laoise Ni Bhroin ar iarraidh… / An Irish-language novel about the utopian housing development Dún an Airgid which seems perfect - until librarian Laoise Ní Bhroin disappears...


Informations

Publié par
Date de parution 01 juin 2008
Nombre de lectures 0
EAN13 9781907494062
Langue Irish

Informations légales : prix de location à la page 0,0510€. Cette information est donnée uniquement à titre indicatif conformément à la législation en vigueur.

Extrait

ÚRSCÉAL • 2008
Cois Life Teoranta Baile Átha Cliath
Tá Cois Life buíoch de Bhord na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus den Chomhairle Ealaíon as a gcúnamh. An chéad chló 2008 © Éilís Ní Dhuibhne ISBN 978-1-901176-85-8 Clúdach agus dearadh: Alan Keogh Clódóirí: Betaprint www.coislife.ie
1
Tráthnóna Aoine. Sioscadh na leabhar i Leabharlann Dhún an Airgid. Corrleathanach á chasadh ag corrléitheoir. An t-aer marbhánta. Na leabharlannaithe tuirseach. Foighneach. Ag feitheamh, ag feitheamh, neart á chruinniú acu, roimh thumadh isteach in aoibhneas an deireadh seachtaine.
Tráthnóna Aoine.
An tseachtain ar an dé deiridh. Ag sleamhnú uainn. Leabharlann Dhún an Airgid chomh ciúin le séipéal. Chomh ciúin le tuama. Chomh ciúin le Dún an Óir i ndiaidh an áir, an sé chéad dícheannaithe caite le haill san fharraige, suaimhneas arís ar pháirc an áir.
*** Bhí an mhaidin tar éis a bheith gnóthach go leor. Tháinig lucht na meánscoileanna isteach mar a dhéanadh i gcónaí, maidin Aoine. Líonadh an leabharlann le binnghlór na n-óg – ní raibh sé de nós ag na leabharlannaithe i nDún
1
Éilís Ní Dhuibhne
an Airgid ‘éist!’ a rá le léitheoir ar bith. Bheadh sé sin ag teacht salach ar spiorad an bhaile nua, an tionscnamh útóipeach seo. Dún an Airgid. Baile a tógadh d’aon ghnó chun go mbeadh a mhuintir saor, sona, agus sásta. Gan stad gan staonadh. An t-am ar fad.
Anois, um thráthnóna, bhí an leabharlann beagnach folamh. Bean amháin ag déanamh taighde ar an idirlíon ar cheann de na ríomhairí. Bean eile ag breathnú ar leabhair a bhain le healaín. Fear ag cíoradh na seilfeanna i rannóg na staire, ag lorg ailt éigin faoi stair na háite nach raibh innéacsaithe i saothar ar bith ach a bhí fíorthábhachtach. Dar leis féin. Seachas an triúr sin ní raibh éinne sa leabharlann ach na leabharlannaithe féin. Gné a bhain le Dún an Airgid ná, cé gur baile é a bhí foirfe, gur fhág gach duine é ag an deireadh seachtaine, dá mb’fhéidir in aon chor. Go háirithe nuair a bhí an aimsir go maith. Agus lá aoibhinn a bhí ann, an Aoine áirithe seo. Bheadh fonn ort a bheith faoin tuath, nó cois farraige, nó áit ar bith ach istigh i lár an bhaile.
Ní raibh sé i gceist ag Laoise Ní Bhroin, an príomhleabharlannaí, dul as baile, áfach, an deir eadh seachtaine seo. Bhí cairde léi ag dul go dtí an Cósta Órga, caoga míle ó Dhún an Airgid. Bhí teach samhraidh ag tuismitheoirí duine acu ann, ar aghaidh na farraige amach. Ach bhí fadhbanna ag Laoise. Ní raibh an
2
Dún an Airgid
t-airgead flúirseach aici i láthair na huaire. Bhí sí tar éis teach beag a cheannach bliain go leith ó shin, i mbruachbhaile álainn ar imeall an bhaile. Páirc na Sabhaircíní. Teach gleoite a bhí ann ach is ar éigean a bhí ar a cumas an morgáiste a íoc. Bhí na haisíocaíochtaí ag dul in airde an t-am ar fad. Cé go raibh sí ina príomhleabharlannaí sa chraobhleabharlann seo, agus tuarastal maith aici, bhí uirthi a bheith cúramach leis na pinginí.
Bhí rud amháin cinnte. Bhí Laoise fíorcheanúil ar a teach agus bhí a haigne déanta suas aici nach ligfeadh sí do rud ar bith í a dhíbirt as. Seachtain ó shin chuir sí fógra ar an idirlíon ag fógairt go raibh lóistín ar fáil sa teach – bhí seomra leapa le spáráil aici.
Nuair a cheannaigh sí an teach ní raibh aon tsúil aici é a roinnt le héinne. Thaitin gach rud a bhain leis an teach léi, ach an rud ba mhó ar bhain sí sásamh as ná an príobháideachas. Daoine áirithe, bíonn siad uaigneach má bhíonn cónaí orthu ina n-aonar, ach a mhalairt ar fad a mhothaigh Laoise. Chaith sí laethanta a hóige in institiúid. Bhí daoine eile thart ó mhaidin go hoíche. Anois nuair a dhúisigh sí ar maidin, nuair a shiúil sí síos staighre i gciúnas na maidine, d’ardaigh a croí nuair a d’airigh sí go raibh na seomraí ar fad sa teach fúithi féin. Ba é an mothú céanna é a bhraith sí í ag snámh i bhfíoruisce gléineach. Mhothaigh
3
Éilís Ní Dhuibhne
sí go raibh sí ag snámh tríd an teach, go raibh milseacht agus suaimhneas ann a d’airigh sí ar a cneas. Agus nuair a chuaigh sí abhaile tar éis obair an lae, b’aoibhinn léi go raibh an teach folamh ann chun fáilte a chur roimpi, roimh Laoise amháin, mar dhea. Dhéanadh sí cupán tae, shuíodh sí ar an tolg, agus bhreathnaíodh sí ar an nuacht, chomh teolaí le cearc ghoir. Ach, cé nach raibh fonn uirthi an t-atmaisféar iontach sin a dhíbirt, ní raibh leigheas air. Chaithfí na billí a íoc. Bheadh uirthi seomra a ligean ar cíos, go sealadach, pé scéal é. ‘Téigh abhaile más mian leat,’ arsa Laoise, lena comhghleacaí, Deirdre Uí Cheallaigh. ‘Níl deifir ar bith ormsa. Fanfaidh mé go dtí am scoir.’ Bhí sé a ceathair a chlog. Ag a cúig a dhúnfaí an leabharlann. Bhí Gráinne, an leabharlannaí cúnta eile, imithe cheana féin, ar leathlá. Bhí sí ag obair go páirtaimseartha. Bhí leathlá i gcónaí aici. ‘’Bhfuil tú cinnte?’ arsa D eirdre, go dea-bhéasach. Ach bhí a seaicéad síoda á chur uirthi cheana féin aici. ‘Tá an lá go hálainn,’ arsa Laoise. ‘Tá sé chomh maith agat tairbhe a bhaint as.’ ‘Sea, nach bhfuil sé tipiciúil go dtosaíonn an ghrian ag taitneamh anois, chomh luath agus a théann na páistí ar ais ar scoil?’ arsa Deirdre.
4
Dún an Airgid
Bhí siad tar éis drochshamhradh a bheith acu, báisteach gach lá. Ach ón gcéad lá de Mheán Fómhair bhí an ghrian ag spalpadh, agus an teirmiméadar go seasta ar a fiche a cúig céim. Peaca ab ea é a bheith laistigh na laethanta seo, a bhí daoine ag rá. Lig Laoise osna. Níor thaitin an bháisteach léi agus ní raibh ar a cumas dul thar lear ar thóir na gréine, mar a rinne gach duine eile nach mór i nDún an Airgid an samhradh seo. Deirdre ina measc. ‘Ach ar a laghad tá samhradh anois againn. Tá tú ag dul go dtí an fharraige don deireadh seachtaine, nach bhfuil? Imigh, a stór, beidh an geimhreadh fada go leor.’ ‘Ceart go leor. Slán, Laoise, bíodh deireadh seachtaine deas agat féin!’ ‘Beidh,’ arsa Laoise, ag miongháire. Chaith Laoise an uair an chloig dheireanach ag cur leabhar ar ais ar na seilfeanna, agus ag cur caoi ar an leabharlann. An bhean óg a raibh suim aici i stair na healaíne, bhí trí leabhar mhóra á dtógáil ar iasacht aici. Léitheoir nua ab ea í. Saoirse Ní Ghallchóir an t-ainm a bhí ar a cárta leabharlainne. Thug Laoise faoi deara go raibh cónaí uirthi sa bhruachbhaile céanna léi féin. Na Sabhaircíní. ‘Bain sult as na leabhair,’ arsa Laoise, ag fágáil slán aici. ‘Déanfaidh,’ arsa an bhean óg, agus meangadh uirthi. ‘Slán go fóill.’
5
Éilís Ní Dhuibhne
D’imigh sise. D’fhan an bheirt léitheoirí, an bhean a bhí ag obair ar an ríomhaire, ag breathnú ar shuíomhanna gníomhairí taistil, agus an fear a bhí ag scríobh an ailt faoin stair áitiúil, gnóthach i rith an ama, i mbun a chuid taighde. Níor tháinig léitheoir ar bith eile isteach. Ag a deich chun a cúig tháinig Seán Ó Móráin, an freastalaí, isteach sa seomra léitheoireachta. Bheannaigh sé do Laoise. ‘An mbeidh tú ag breathnú ar an gcluiche amárach?’ an bheannacht a thug sé. Bhí a fhios aige nach mbeadh, mar ní raibh spéis aici i rugbaí. Ach b’in an modh a bhí aige le tabhairt le fios di go raibh sé ag iarraidh an leabharlann a dhúnadh. ‘Táim ag imeacht anois,’ arsa Laoise, ag gáire. ‘Cuirfidh mé an ruaig orthu siúd,’ ar seisean, ag féachaint ar na léitheoirí. ‘Níl fágtha ach na gnáthpheacaigh.’ ‘Na hainniseoirí!’ arsa Laoise. ‘Ach is ar a leithéid atáimid ag brath. Ní ceart a bheith ag magadh fúthu.’
D’oscail Seán a shúile, go sceiptiúil. ‘Go dtí an Luan!’ a dúirt sé. ‘Tusa freisin,’ arsa Laoise, ag gáire. Bhí sí an-cheanúil ar Sheán. Comhghleacaí den scoth. Fear a bhí ag obair sa leabharlann níos faide ná éinne acu, agus é sa leabharlann seo sula ndearnadh forbairt ar Dhún
6
  • Univers Univers
  • Ebooks Ebooks
  • Livres audio Livres audio
  • Presse Presse
  • Podcasts Podcasts
  • BD BD
  • Documents Documents