I dTír Mhilis na mBeo
73 pages
Irish

Vous pourrez modifier la taille du texte de cet ouvrage

Découvre YouScribe en t'inscrivant gratuitement

Je m'inscris

I dTír Mhilis na mBeo , livre ebook

-

Découvre YouScribe en t'inscrivant gratuitement

Je m'inscris
Obtenez un accès à la bibliothèque pour le consulter en ligne
En savoir plus
73 pages
Irish

Vous pourrez modifier la taille du texte de cet ouvrage

Obtenez un accès à la bibliothèque pour le consulter en ligne
En savoir plus

Description

Ní mar a shíltear a bhítear. An é sin an Pápa a fheicimid ag feitheamh le beirt bhuachaillí óga le linn a chamchuairt ar Éirinn in 1979? Nó an cuairteoirí ó phláinéad eile iad siúd atá ag caitheamh a gcuid laethanta saoire cois trá? Tá pearsana sa chnuasach seo ag fás aníos is ag teacht in inmhe. Tá carachtair eile ag druidim le saol na díchuimhne agus speabhraídí na seanaoise ag breith orthu. Táimid de shíor dár bhfuadach as an saol seo, ach i scéal amháin is í an litir ‘i’ féin atá fuadaithe, le filleadh ina táinte sa chéad scéal eile. Searbh í ar uairibh, ach ní mór dúinn rince go clabhsúr mar sin féin, i dtír mhilis seo na mbeo.


Sujets

Informations

Publié par
Date de parution 15 mars 2017
Nombre de lectures 0
EAN13 9781912134694
Langue Irish

Informations légales : prix de location à la page 0,0420€. Cette information est donnée uniquement à titre indicatif conformément à la législation en vigueur.

Extrait

I dtír mhilis na mbeo
Gearrscéalta
Colm Ó Ceallacháin

Cois Life 2017
Sonraíocht CIP Leabharlann na Breataine. Tá taifead catalóige i gcomhair an leabhair seo ar fáil ó Leabharlann na Breataine.

Tá Cois Life buíoch de Chlár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus den Chomhairle Ealaíon as a gcúnamh.
An chéad chló 2017 © Colm Ó Ceallacháin
ISBN 9781907494710
eISBN 9781912134694
Grianghraif: Colm Ó Ceallacháin
Clúdach agus dearadh: Alan Keogh
Clódóirí: Nicholson & Bass Ltd.
www.coislife.ie
Clár
Cuairt an Phápa
Biorra
Márta a trí
Snag bog neafaiseach
Hale-Bopp
Ag dul ar aghaidh
Dílleachtaí an mhianaigh
Fuadach
Í
I measc mhuilte an mhacnais
I gcuimhne ar mo thuismitheoirí
Crios agus Séamus
Nóta Buíochais
Gabhann an t-údar buíochas le heagarthóirí Comhar, Feasta agus Southword , ar foilsíodh leaganacha de chuid de na scéalta iontu.
Gabhann an t-údar buíochas leis an gComhairle Ealaíon as dámhachtain a bhronnadh air in 2013.
Buíochas freisin leo seo a leanas as a gcomhairle fhial a roinnt leis an údar: Aifric Mac Aodha, Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Dermot Somers, Micheál Ó Conghaile, Micheál Ó Ruairc, Pádraig Mac Fhearghusa, Pádraig Ó Snodaigh, Róisín Sheehy.
Cuairt an Phápa
‘A Dhónaill,’ arsa Gearóid liom i gcogar. ‘Cé hé sin atá thuas staighre le Mam? Mo dhuine a tháinig inné?’
Mo dhuine. Ní hionadh gan aithne ag Gearóid air, is gan ach na sé bliana aige. Is cuimhin liomsa é, áfach, cé go bhfuil dhá bhliain ann ó chonac é go deireanach. Tógaim mo chupán is suím os comhair na teilifíse, ach níl faic ar siúl ach cuairt an Phápa. Leanann Gearóid mé abhus, é fós ag tarraingt asam.
‘Cé atá thuas staighre, a deirim?’
‘An Pápa,’ arsa mise go mífhoighneach leis.
‘An Pápa?’
Síneann sé méar i dtreo na teilifíse.
‘Nach in é an Pápa?’
‘Ní hea in aon chor. Sin é a stunt double .’
‘ Stunt double ? Cén sórt ruda é sin?’
‘Breathnaigh, tá aithne agat ar an Six Million Dollar Man , nach bhfuil?’
‘Tá.’
‘Nuair a fheiceann tú é ag preabadh go hard san aer, meas tú cé atá á dhéanamh i ndáiríre?’
‘Steve Austin.’
‘Beag an baol. Fear a chosain sé mhilliún? Ní leagtar méar ar an leaid sin i rith an chláir.’
‘An mar sin é?’
‘ Stunt double atá aige, cosúil leis an bPápa.’
‘Agus an ceann ceart, an fíor-Phápa, tá sé thuas staighre?’
‘Tá.’
‘Is cá fhad a fhanfaidh sé linn?’
‘Go dtí an Luan. Tá sé ag dul go Meiriceá ansin.’
‘Ach is maith liom é, is tá sé go deas liom. Níl sé sin féaráilte.’
Níl, ar ndóigh, ná fíor ach chomh beag. Imeoidh an Pápa, ach mo léan géar, is cosúil nach bhfuil mo dhuine thuas chun bogadh.

Ní raibh saoire againn i mbliana de bharr thinneas Mhaime, ach tá coicís geallta dúinn sa Ghaillimh aici an samhradh seo chugainn, agus roinnt airgid curtha i dtaisce chuige sin. Tá ardán tumadóireachta i mBóthar na Trá, is maíonn sí gurb ise an t-aon bhean riamh a léim ón leibhéal is airde air. Snámhóir den scoth ab ea í sular theip ar a sláinte, agus is breá léi fós an t-uisce. Linn snámha Leisureland is mó a bhfuilim féin ag dúil léi, gona sleamhnán uisce is an t-ionad spraoi in aice láimhe. Deir an dochtúir go bhfuil Mam ag bisiú, is nach mbeidh uirthi filleadh ar an ospidéal ach a cuid piollairí a ghlacadh. Deirim leis go dtógann sí go rialta iad, cé go mbíonn laethanta ann nuair nach bhfágann sí an leaba fiú. Sin an fáth gur fhill m’athair inné, a deir sí liom, chun cabhrú léi. Nach dtuigeann sí go bhfuilim a dó dhéag anois, agus lánábalta súil a choimeád uirthi féin is ar Ghearóid? Seo chugainn anuas an staighre anois iad, is Gearóid ag preabadh den suíochán le lúcháir rompu. Agus seo chugam Mam is í ag suí i leataobh liom, ag cur cogar i mo chluas.
‘Tabhair seans dó,’ ar sí, ag fáisceadh m’uillinne, ‘fad is a chuireann sé féin agus Gearóid aithne ar a chéile.’
‘Cad is ainm duit?’ arsa Gearóid leis.
‘Danny.’
Síneann sé lámh amach go támáilte, agus croitheann Gearóid é go croíúil.
‘Agus is tú mo dhaid?’
‘Mise do dhaid.’
‘Deir Dónall gur tú an Pápa, is gur stunt double é mo dhuine ar an teilifís.’
‘An Pápa. Níor chaill tú riamh é!’
Tosnaíonn sé ag sciotaíl, is ní fada go bhfuil an triúr acu sna trithí. Casaim uathu, agus strainc orm. Níl fonn ar bith gáire orm féin faoi láthair.
An lá a rugadh mé, bhí brionglóid ag Mam go raibh sí á bá san fharraige. Bhí ag teip uirthi an trá a bhaint amach, nó gur dhúisigh pianta mo bhreithe í. Rugadh mé faoi dheifir ina dhiaidh sin, amhail is go raibh eagla uirthi fós go líonfadh an taoide. Tá máchail orm ó shin i leith, mar nár thuirling mo mhagairlí riamh, is níl i mo philibín ach ribe beag gan toirt. ‘An stail’ a thugann siad go fonóideach orm ar scoil, ach ní chuireann a gcuid cainte isteach ná amach orm. Is mór an seó acu mé a fheiceáil is mé ag mún, ag útamáil i mo bhríste is ag tarraingt mo stumpa amach. ‘Mórshaothar ar bheagán tairbhe,’ a deir siad, ach níl de thoradh ar an spochadh seo go léir ach go bhfuilim éirithe fíorghlic go deo. Inné, cuir i gcás, rug Paidí Ó hÓgáin ar mo dhá lámh is mé i mbun mo ghnó. Tharraing sé siar thar mo dhroim iad, sa chaoi is go raibh orm gach saghas cor a chur díom le nach bhfliuchfainn mé féin. Fathach é Paidí, buachaill nár mhaith le héinne a dhúshlán a thabhairt, ach níl éirim dhreancaide aige.
‘Seo agat do chaid,’ arsa mise leis, ar fhágáil an leithris dom.
Lasmuigh den doras a d’fhágadh sé de ghnáth í, meall mór leathair, is phiocas suas í.
‘Tabhair dom í sin,’ ar sé go bagrach liom, agus dheineas rud air.
Leis an méid dí a bhí ólta againn go léir i gcaitheamh an lae, bhí fuarlach breá fuail tar éis leathadh ar fud urlár an leithris. Síos ina lár a phreabas an liathróid, ag fliuchadh Paidí san am céanna sa bhréantas. Agus gáire an chomhluadair fós i mo chluasa, rugas na cosa liom go dtí an seomra ranga. Má bhíonn goimh air chugam an tseachtain seo chugainn, déarfaidh mé leis gur trí bhotún a dheineas é. Dar leis na buachaillí eile is amadán neamhurchóideach mé, ach tá mo sheifteanna féin agam. Beidh siad ag teastáil anois, má táim chun an ruaig a chur ar Danny.
‘In ainm Dé, nach n-imeofá amach ag súgradh leo as seo?’
Mam atá ag cur an ruaig ar Danny an iarraidh seo, is gan iad ach tagtha anuas an staighre anois díreach. Nuair a bhíonn sí i mbun cócaireachta, is maith léi an chistin a bheith fúithi féin.
‘Cad faoi chluiche peile?’ ar sé liom, ag breith ar an liathróid.
Leanaim amach é go drogallach, agus Gearóid le m’ais, chomh fada leis an bhfaiche ar chúl na scoile.
‘Conas atá cúrsaí sa rang?’ a fhiafraíonn sé díom, ag caitheamh na peile chugam.
‘Go diail ar fad,’ a deirim, á ciceáil ina threo le lán mo nirt.
‘Go réidh,’ ar sé, leath ag gáire. ‘Ba bheag nár bhain tú an ceann díom.’
Is léir gan mhoill nach bhfuil scil ar bith aige, is cuirim iachall air fanacht sa chúl. Déanann sé freisin é, an leibide, gan clamhsán ar bith. Is cuma le Gearóid ar ndóigh, nó rachadh seisean sciob sceab ar fud na páirce ar thóir na liathróide. Tar éis cúpla nóiméad, is an scór seacht déag a náid i m’fhabhar, iarrann Danny scíth orainn.
‘Táim pas beag as cleachtadh, is baolach, ach ní fada nó go rachaidh mé i dtaithí air arís.’
Ag tláithínteacht liom go fóill, an slíomadóir, ach gan trua agam dó is mé á fhreagairt.
‘Seo, caith amach arís í. An chéad chúl eile a bhuafaidh.’
Casaim ar chlé anois, is ar dheis, is ar chlé arís, is nuair atá Gearóid fágtha i mo dhiaidh agam scaoilim faoin gcaid. Go hard san aer a sheolann sí, thar Danny is thar an gclaí, ag tuirlingt faoi dheireadh ar an díog ag bun na páirce. Táim ag ceapadh go gcuirfidh seo deireadh leis an tseafóid ar fad, ach cad a dhéanann mo dhuine anois ach an claí a dhreapadh le dul á lorg. Isteach sa chlais leis agus mise á threorú, mar dhea, ón gclaí thuas.
‘Beagán ar do dheis,’ a scairtim síos chuige. ‘Tá sí nach mór sroichte agat.’
‘An bhfuil tú cinnte?’ arsa an bobarún de ghlór saonta. ‘Ní fheicim í in aon chor.’
‘Lean ar aghaidh,’ a deirim, á stiúradh isteach sna driseacha is deilgní.
‘Téanaimis abhaile anois,’ arsa mise le Gearóid, nuair a chloisim céadscread Danny. ‘Beidh an dinnéar ag éirí fuar.’
‘Cad faoi Dhaidí?’ a fhiafraíonn sé díom.
‘Nach ndúirt mé leat nach eisean do Dhaidí? Is é an Pápa é, is ní fada eile nó go mbeidh sé ag imeacht uainn.’

‘D’fhág sibh ann é?’
Tá an dinnéar ullamh nuair a shroichimid baile, ach ní chreideann Mam gur fhilleamar gan é.
‘Theastaigh uaimse fanacht,’ arsa Gearóid, ‘ach ní ligfeadh Dónall dom.’
‘Beidh sé go breá,’ a deirim, is tógaim mo ghreannán amach.
2000 AD atá á léamh agam, agus Strontium Dog an scéal is fearr liom ann. Faoi Johnny Alpha é, fear a rugadh le fabht, mo dhála féin, ach i bhfad amach sa todhchaí. Mutants a thugtar orthu, an cleas seo lán strointiam, iad truaillithe de bharr na gcogaí núicléacha agus Johnny mar shórt ceannaire orthu. Sula mbíonn deis agam é a léamh áfach, beireann Mam air.
‘ Ní bheidh sé go breá,’ ar sí. ‘Ba cheart dom tú a sheoladh siar arís ar a thóir, ach cá bhfios cén fán a chuirfeá air an babhta seo. Tá tú chomh drochmhúinte ó tháinig sé anseo inné.’
‘Bhíomar ag déanamh go breá gan é.’
Braithim na deora ag teacht, ach ní thig liom iad a chosc.
‘Téir chuig do sheomra,’ ar sí liom. ‘Má tá tú ag déanamh chomh breá sin, ní bheidh aon ghá agat le do dhinnéar.’
‘Ná bígí chomh crosta lena chéile!’
Siúlann Danny an doras isteach, a chuid éadaigh ina giobail is an liathróid faoina ascaill aige.
‘Táim lag leis an ocras,’ ar sé, ag leagan na liathróide síos. ‘Ithimis, sula dtitim i bhfanntais, is ansin is féidir libh dul ag comhrac.’
Agus muid ag suí chun boird, cloisim é ag caint go ciúin le Mam.
‘Ná bí dian air. Ní raibh ann ach píosa spraoi.’
Caithimid an béile gan a thuilleadh achrainn, is ina dhiaidh sin tugann Mam Gearóid suas chun na leapa. Ní fada inár n-aonar sinn nó go labhraíonn Danny liom.
‘Is dócha go gceapann tú go bhfuilimse ag teacht idir tusa is do mháthair.’
Ní osclaím mo bhéal, is leanann sé ar aghaidh.
‘Nach féidir liom lámh chúnta a thabhairt di, is daoibh go léir, go deimhin? Tá tú fásta do dhóthain le go dtuigf

  • Univers Univers
  • Ebooks Ebooks
  • Livres audio Livres audio
  • Presse Presse
  • Podcasts Podcasts
  • BD BD
  • Documents Documents