Íbíotsa
45 pages
Irish

Vous pourrez modifier la taille du texte de cet ouvrage

Découvre YouScribe en t'inscrivant gratuitement

Je m'inscris

Íbíotsa , livre ebook

-

Découvre YouScribe en t'inscrivant gratuitement

Je m'inscris
Obtenez un accès à la bibliothèque pour le consulter en ligne
En savoir plus
45 pages
Irish

Vous pourrez modifier la taille du texte de cet ouvrage

Obtenez un accès à la bibliothèque pour le consulter en ligne
En savoir plus

Description

Short stories in the Irish language (Note: the text is solely in the Irish language; there is no English language translation in the book).

Téigh go Ibiza ar feadh coicíse agus tá sé romhat amach: lá ar an trá gan náire; cosa go hascaillí; codladh gan dúiseacht ar an tsráid; priocadh na díchéille; an t-ál fáin; aistear an aithreachais; tobac agus ól ar an gcúlráid; tonnadh chun na síoraíochta; agus fiú amháin cá bhfios cé a chasfaí ort? Scéilíní fánacha a léiríonn eachtraí beaga an tsaoil i sochaí cheilte an oileáin.

/

Go to Ibiza for a week and you will see it all: shameless days on the beach; lustful long slender legs; people unconscious on the street; impulsive temptation; finding a niche in society; the ‘walk of shame’; cigarettes and alcohol; the headlong hurtling to oblivion; and God only knows what else ... Stories that seek to reveal a side to the island in a world outside the all-inclusive holiday resorts.


Informations

Publié par
Date de parution 28 août 2015
Nombre de lectures 0
EAN13 9781908057808
Langue Irish

Informations légales : prix de location à la page 0,0360€. Cette information est donnée uniquement à titre indicatif conformément à la législation en vigueur.

Extrait

Íbíotsa
Labhrás Ó Finneadha
Cois Life 2015
Sonraíocht CIP Leabharlann na Breataine. Tá taifead catalóige i gcomhair an leabhair seo ar fáil ó Leabharlann na Breataine.

Tá Cois Life buíoch de Chlár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus den Chomhairle Ealaíon as a gcúnamh.
An chéad chló 2015 © Labhrás Ó Finneadha
ISBN: 978-1-907494-53-6
Clúdach agus dearadh: Alan Keogh
Clódóirí: Nicholson & Bass
www.coislife.ie
Clár
Dlúthpháirtíocht na mban
Cuairt ghairid
Dalladh
Tatú
Plás an óil
Rúndiamhair San Siriac
Pluais an tobac
An mhaidhm
Seanchomrádaithe
Dlúthpháirtíocht na mban
Ag ceiliúradh na hArdteistiméireachta a bhí na cailíní. Sé bliana caite sa mheánscoil acu; sé ábhar éagsúla faoi scrúdú géar curtha díobh acu; agus anois, sé lá saor acu ó shúile na dtuismitheoirí, gan cíos, cás ná cathú orthu agus iad á gcaitheamh faoi ghrian na Meánmhara ar thrá Figuerettes in oileán aoibhinn Íbíotsa.
Ba í Eilís ba chúthaile den triúr. Dise ba dheacra a bhí sé a theacht anseo, mar go raibh a máthair go mór ina aghaidh. Aisteach go leor, cheap sí nach mbeadh a máthair chomh diúltach sin fúithise a bheith ag dul ar a céad saoire gan tionlacan. Is mó drogall a bhí uirthi faoina ndéarfadh a hathair, agus nuair a d’inis sí dóibh go raibh na ticéid ceannaithe chuir sé iontas uirthi a laghad a dúirt sé faoin scéal. Go deimhin ní dúirt sé tada nó gur ordaigh a máthair dó ‘ciall a chur inti’.
Le linn na bhfógraí idir dhá chuid den Late Late a tharla an comhrá seo. Bhí a hathair ar tí tiontú anonn chuig an gcainéal spóirt ag an am, ach leag sé uaidh an cianrialtán agus dúirt i nguth ciúin séimh: ‘A Eilís, a stóirín, ní cheilfidh mé ort nach maith liom thú a dhul amach ansin. Ní cheilfidh mé ach an oiread ort gur trua liom nár inis tú faoi níos túisce. Ach tá tú ocht mbliana déag anois agus is ar éigean go mbeidh muide in ann do shaol a leagan amach dhuit níos mó.’
Is maith ba chuimhin le hEilís an tsúil a chaith a máthair trasna an bhoird ar a céile an tráth sin: breathnú an bhaileabhair, amharc an easaontais agus féachaint an fholáirimh. Is maith ba chuimhin léi freisin freagra a máthar in dhá fhocal chiúine, thomhaiste: ‘B’fhéidir é!’ Ansin í a dhul amach sa chistin ag potráil thart agus ag baint ceol as sáspain agus gréithe. Ní raibh aon fhocal tacaíochta ná cáinte don sacar ag teacht ón tolg an tráthnóna sin, agus bhí dearmad déanta ar an Late Late.
Ach ba mhó ba chuimhin léi an choicís a lean. Ní raibh deis ar bith dá bhfuair a máthair nár shíl sí Eilís a chur ar mhalairt comhairle: ‘Ná déan é seo orm!’ ‘Shílfeá go ngabhfadh sibh áit éigin eile nach bhfuil chomh contúirteach.’ ‘Go bhfóire Mac dílis Dé orainn! Ól, drugaí, fir ag iarraidh buntáiste a bhaint de chailíní óga …’
‘Mná óga’, a deir Eilís le teann feirge lá; í ag rá freisin go raibh áiteanna sa bhaile mór chomh dona céanna. Ní raibh le déanamh ach breathnú ar leathanaigh na cúirte in An Curadh Connachtach gach seachtain lena fheiceáil nárbh aon Tír na nÓg a bhí san Fhaiche Mhór – cé nach mórán amach ag clubáil a chuaigh sí féin go dtí seo. Trí huaire le ráithe a chuaigh sí chuig an dioscó, agus an uair sin féin ní dhéanfadh murach tathant síoraí seasta a cuid comrádaithe scoile.
Bheadh scaipeadh agus fán go ceann ceann na tíre ar na comrádaithe sin ó thosóidís ag an gcoláiste. Cinnte chasfaidís lena chéile faoi Nollaig agus um Cháisc, ach bhí a fhios aici go rímhaith ina croí istigh nach bhfuil i gcairdeas na hóige ach cairdeas aon fhómhair. Bhí saol nua ar fad amach rompu anois, agus nach raibh sé chomh maith an seal saoire seo a bheith acu le bailchríoch a chur le deireadh na ndéagbhlianta! Nár chóra dóibh cuimhní breátha carad a bheith acu amach anseo nuair a chasfaidís ar a chéile agus iad ag trácht ar na laethanta a bhí!
Ar aon chuma, bhí sí anseo anois ar Oileán an Cheoil, an Damhsa, na Gréine agus na hOíche-go-Maidin. Agus le fírinne, tar éis go ndeachadar amach chuig an dioscó an chéad oíche agus chuig na beáranna na hoícheanta eile, ní fhaca sí pioc ar bith den chontúirt. Seans maith nach bhfacadar é sin ó tharla iad fanta i bhfail a chéile agus fiú amháin má d’ól siad scalach gach oíche, bhí siad chomh tuisceanach agus staidéarach sin go raibh siad ag breathnú amach dá chéile i gcónaí. Ba í Eilís is túisce a mholadh filleadh ar an nead agus fiú má bhí an bheirt eile ag dóbartaíl air nuair a chloisidís an ‘meas tú nach bhfuil sé ag tarraingt ar am baile’, bhí a fhios aici go maith go raibh an fonn céanna orthu féin dul don bhinn bhán i ndiaidh lá fada a bheith curtha díobh acu.
Go deimhin is mó i bhfad dá gcuid ama a chaith na cailíní ar an trá, iad seal ag snámh agus seal eile ag siúl síos suas le bord na mara ag breathnú ar na fir bhuíchraicneacha, bholgrighne, thóin-teanna, mhatánacha. Ba ghnách leo a bheith ag meilt an ama á gcur i gcomparáid le chéile – agus ar ndóigh leis na leaids a mbídís ag caint orthu ar scoil. Má bhí buachaillí dathúla féin sa bhaile, a chinn siad, ní raibh aon ghair acu ar an dream seo – mathshlua na Meánmhara. Bhí rud éigin diamhair, eachtrannach agus gnéasúil ag roinnt leis na colainneacha spórtaclaí, leis an ngruaig dhubh agus – gan bréag ná éitheach – leis an bhféinmhuinín a bhain leo ag siúl an phromanáid dóibh.
Bhí a fhios ag na cailíní go raibh na scoraigh sin ag dearcadh orthusan freisin leis an tsúil agus an dúil chéanna. Ach bhí sé de stuaim i gcine an deiscirt díreach siodfhéachaint a thabhairt, meangadh beag a dhéanamh agus coinneáil orthu ag siúl – mar a bheidís ag rá: is deas sibh muise, agus cá bhfios nach gcasfaí ar a chéile sa chlub sinn. A mhalairt ar fad na bánchraicnigh – deargdhóite tar éis dhá lá – a bhí tagtha ar choicís drabhláis: buachaillí na hÉireann agus stócaigh Shasana. Cheap siadsan gurb iad féin a rug iad féin, fiú amháin an chuid acu nach mórán d’ábhar maíte an cholainn acu le hais na Spáinneach. Ba í Moinice a chuir go hachomair i mbeagán focal é: ‘Is le teann náire a bhíos na Beirmiúdas orthu in áit Speedos. Sin é an uair a bheadh an chomparáid cheart ann agus mise i mbannaí oraibh nach bhfanfaidís dhá mheandar ar an trá le teann corrabhuaise.’
Ní raibh Eilís ar a compord ar dtús leis an dearcadh slítheánta tnúthánach seo, ach fós dea-bhéasach agus múinte, a bhí ag lucht an deiscirt ina dtreo. D’ardaigh sí mar ábhar comhrá é ag am dinnéir lá, ach nuair a rinneadh beag den ábhar agus leis an spórt a bhain siad as an gcaint thuig sí nach raibh ann ar fad i ndeireadh na dála ach píosa spraoi – cluiche. Dá gcasfadh sí le staic bhreá as an mbaile, a cheap sí, cá bhfios nach dtosóidís ag siúl amach ach a bhfillfidís ar Éirinn. Dá mba Spáinneach nó Francach a bhuailfeadh bleid uirthi, cad chuige nach mbeadh seal beag suirí acu? Cad chuige nach mbeadh píosa den chraic agus cúpla Margarita acu? Ach ar chúis éigin, is maith a bhí a fhios aici gur thnúthán gan chomhlíonadh a bhí sna smaointe sin.
Ní raibh sí le seafóid ar bith a dhéanamh anseo agus b’amhlaidh dá cuid cairde é. Tar éis gur mór an chaint agus an gaisce a bhí ag Bláthnaid, ní dócha go ngabhfadh sí ‘ag fiach’, mar a deireadh sí féin, tar éis go raibh sí á ghealladh ó thús an turais. Thuig Eilís anois nach raibh ag Bláthnaid ach caint i mbarr bata agus bhí amhras faoin tráth seo uirthi an raibh focal le creidiúint uaithi faoi na scéalta ar fad a d’inis sí le cúpla bliain anuas faoi na heachtraí a bhain di – má b’fhíor di féin – ag dioscónna na Gaillimhe, agus go bhfóire Dia orainn, ar an gCeathrú Rua.
Dhá lá a bhí fanta anois, agus mar ab iondúil leo, díreach tar éis an bhricfeasta thugadar a n-aghaidh ar an trá. Inniu, shocraíodar a dhul go Playa d’en Bossa a bhí míle bealaigh ón óstán. Siar an bóthar mór a chuaigh siad seachas a ghabháil le cladach. Bheadh feiceáil ar an gcaoi sin acu ar na siopaí agus bialanna éagsúla lena soilse móra ildaite is túisce a shamhlófá le Las Vegas agus fiú má bhí orthu cur suas le búireach na gcarranna agus séideadh na mbuinneán, gan trácht ar an mboladh díosail, bhí foscadh áirithe ón ngrian le linn na siúlóide acu a bhuíochas do na bloic mhóra ceithre stór d’árasáin a bhí ar an taobh ó dheas díobh.
Ba dheise a dtrá bheag féin ar go leor bealaí mar nach raibh an oiread sin daoine i mullach a chéile ann agus go ndearna lucht an óstáin cinnte de nach raibh mangairí spéacláirí gréine agus dlúthdhioscaí go síoraí seasta ag cur as do dhaoine. Ach chuirfí suas leis an bplód agus leis an saibhseáil mar gheall ar an gcáil a bhí ar Playa d’en Bossa a raibh réimse breá gainimh mhín ann agus, anuas air sin, ceol agus damhsa taobh amuigh de na botháin óil gach tráth den lá.
Ach má bhí athrú ionaid inniu féin ann, is deacair an nós a chur as taithí an duine. Leanadar den ghnás laethúil inniu a bhí ar siúl lá i ndiaidh lae le beagnach seachtain acu: seal faoin ngrian, seal ag snámh agus seal ag siúl go stradúsach.
Mar a tharla sé, is ag cuimhneamh ar an ngnáthamh seo a bhí Eilís agus í ag teacht isteach amach as an bhfarraige. Ní raibh ach an dá lá fágtha agus cheap sí go raibh sé thar am acu rud éigin craiceáilte a dhéanamh a chuirfeadh clabhsúr iontach leis an tsaoire. D’fhéadfaí fiú amháin turas a thabhairt isteach go lár an oileáin mar a bhfeicfidís cuid de na sráidbhailte dúchasacha nó d’fhéadfaidís cuairt a thabhairt ar na pluaiseanna i bhfíorthuaisceart na hinse. Mura mbeadh tada ann ach é bheadh pictiúir de rudaí eile acu seachas féinphiceanna, farraige, cósta agus báid. Rud éigin a mbeidh caint acu air … Agus mar a bheadh freagra ó Dhia ar phaidir ann, tharla sé.
Ba í an tsian thobann a chuir Eilís aisti a ghoin aire na gcailíní eile ar an trá. Bhí Bláthnaid ina luí ar a bolg agus í leath ina codladh. Níor chuir sise de dhua uirthi féin éirí aniar amháin ach bhreathnaigh sí trasna ar Mhoinice a bhí ansiúd lena taobh: ‘An bhfuil sí ceart?’ Ní raibh an focal as a béal nuair a bhí an iris a bhí á léamh ag Moinice caite uaithi ar an ngaineamh aici agus í éirithe de léim ina seasamh. Bhreathnaigh Moinice uaithi go fiosrach agus le himní i dtreo Eilíse a bhí ag rith aníos chuc

  • Univers Univers
  • Ebooks Ebooks
  • Livres audio Livres audio
  • Presse Presse
  • Podcasts Podcasts
  • BD BD
  • Documents Documents