Sceon na Mara
99 pages
Irish

Vous pourrez modifier la taille du texte de cet ouvrage

Découvre YouScribe en t'inscrivant gratuitement

Je m'inscris

Sceon na Mara , livre ebook

-

Découvre YouScribe en t'inscrivant gratuitement

Je m'inscris
Obtenez un accès à la bibliothèque pour le consulter en ligne
En savoir plus
99 pages
Irish

Vous pourrez modifier la taille du texte de cet ouvrage

Obtenez un accès à la bibliothèque pour le consulter en ligne
En savoir plus

Description

Sceal bleachtaireachta e Sceon na Mara a bhaineann go dluth leis an bhfarraige ar an gcosta thoir, agus a thugann leargas ar straice comhaimseartha de shaol na hEireann. Ta dunmharfoir ban amuigh ansin, e ag baint sasaimh as craos cortha a shamhlaiochta fein. No an bhfuil se inar measc fein? / An Irish-language novel in which a young woman’s body is recovered from the sea. Other bodies follow, all women, in a series of ritualistic and macabre offerings by a devious but clever killer.


Informations

Publié par
Date de parution 01 juillet 2010
Nombre de lectures 0
EAN13 9781907494048
Langue Irish
Poids de l'ouvrage 1 Mo

Informations légales : prix de location à la page 0,0510€. Cette information est donnée uniquement à titre indicatif conformément à la législation en vigueur.

Extrait

Sonraíocht CIP Leabharlann na Breataine. Tá taifead catalóige i gcomhair an leabhair seo ar fáil ó Leabharlann na Breataine.

Tá Cois Life buíoch d’Fhoras na Gaeilge agus den Chomhairle Ealaíon as tacaíocht airgeadais a chur ar fáil.
An chéad chló 2010 © Liam Ó Muirthile
ISBN 978-1-907494-00-0
Clúdach agus dearadh: Alan Keogh
Clódóirí: Brunswick Press
www.coislife.ie
1
Bhí an breac seo lán d’anam. Troid inti. Cuid acu níos fíochmhaire ná a chéile. D’fháisc sé a shlat. Sheol a cuid fuinnimh ina shruth leictreach trína chorp. Lig sé scairt gháire, cnead sásaimh. Gach aon soir siar aici ag iarraidh an duán a chur amach. Ach á shlogadh níos doimhne a bhí sí. Ag lúbarnaíl. An cloigeann ag imeacht ó thaobh taobh. Ní hea, ní hea, ní hea.
– Ní haon mhaith é a bhitseach, tá tú agam.
Ghreamaigh sé an tslat ina dhorn.
– Seo agat anois arís é.
Tharraing. Tarraingt dhocht eile. Chaithfeadh sé a bheith diongbháilte. Thug sí léim allta as a craiceann ó lár a cnámh droma, ach thug sé coiscéim ar gcúl gan a ghreim a chailliúint. Thit sí siar arís. Bhain an léim aisti é. Bhí sí teanntaithe. Tharraing sé níos láidre fós. Ghabh croitheadh tríthi. Bhraith sé ina lámh féin go rúta é. Níorbh iad na croití deireanacha fós aici iad, ná baol air. Na liopaí méithe ag mímeáil phaidir ghoirt na mara. Cúr na mara leo. Geonaíl aníos as íochtar na bputóg.
– Abair amach é, amach os ard. Ná bí ag pusaíl. Níl aon aird ar phusaíl anseo!
É féin a bhí ag liúirigh. An glór ag púscadh go doimhin as a bholg féin, glór duine fásta ag sciolladh linbh. Ní chloisfí é. Bhí sí féin ag traochadh. An fuinneamh a bhí inti, is ag líonadh ina chorp féin a bhí sé agus ag trá inti siúd.
– Sea, sea, sea.
Slog. Slog. Slog. Glug. Glug. Glug.
– Maith an cailín. Ná teip róthapa orm, ar sé go plámásach.
Bhí saothar air. Seo arís í. Na súile ag bolgadh. Ní raibh deireadh seinnte fós aici. Thiocfadh sceon breise iontu. Ní raibh buaic an sceoin bainte amach fós. D’aithneodh sé na snáthaidí sceoin. Loinnir dá gcuid féin acu. An sceon an rud. An spórt. An imirt. Má bhí an cluiche aontaobhach, chaith a bheith. Scaoil sé a ghreim. Sos a thabhairt di, dó féin. Síneadh a bhaint aisti. Scaoil sé an téad. Í ag alpadh aeir. Bhí a toirt tomhaiste cheana aige. Meáchan beo agus meáchan marbh. A chéad bhreac buí. Cuma uirthi gur sracadh í i mogaill éigin. Scríobadh úr ar a cliatháin agus ar an mbolg.
Thosaigh sí ag fuarchaoineadh os íseal. Míolta na mara, rónta leis, bhí a bhfuarchaoineachán féin acu. Chloisfí iad ón domhain, nó sínte ar na carraigeacha. Saghas ceoil. Nó séidfíl amach as a mboilg brothaill. Na hóga lán d’fhiosracht leanbaí. Buille idir an dá shúil a chuirfeadh ina dtost iad siúd. Na rudaí óga ar aon nós. Scéal eile an bhainirseach, agus an bhlonag ghránna ag sileadh léi. Ar éigean a bhí gluaiseacht iontu le blonag ar an talamh tirim. Cnoic siní orthu lán de mhilseacht. Ba chuma cén méid milseachta, ní shásódh sé craos na n-óg. Chuireadh sí uaithi é. Óg. Na liopaí ag smeachadh ar feadh i bhfad ina dhiaidh, ag blaiseadh na milseachta ar an aer agus gan ann ach salann na farraige. Goirteamas. Chuir sé a theanga lena liopaí. Tirim. Goirt. Leis na sceitimíní, chaith sé.
Rug sé ar a shlat arís. D’fháisc an téad. Ní raibh leath an oiread fuinnimh inti an uair seo.
– Ná tabhair isteach, an gcloiseann tú mé?
An chuma uirthi go raibh sí cloíte. Tharraing sé go fíochmhar, ar a shlat. Níor bhraith sé anamúlacht ar bith inti.
– Táim ag brath ort, a bhitseach na mbitseach.
Bhuail sé í lena dhorn dúnta sa ghiall. Leag sé amach í. Lean sé air, á plancadh. Bhí sé i ndeireadh na feide nuair a d’éirigh sé as. Tharraing sé arís agus arís eile, ach bhí a shlat ina liobar marbh. Bhrúcht tonn mhór allta feirge níos mó fós aníos ann. Bhí na rialacha sáraithe aici. Bhrúigh sé bonn na coise clé lena giall agus thug tarraingt fhíochmhar don téad a bhí tar éis rian amh domhain fola a fhágaint uirthi ó chluas go cluas.
Luigh a muineál ina chnap fola agus feola i leataobh mar a bheadh cloigeann éisc.
Bhí sí ina pleist.
Bhuail sé faoi ina chathaoir. Tar éis tamaill, bhrúigh sé ar an zaipire agus chuir ceol na mara ar siúl. Bhí traochadh ag baint leis mar obair. Bheadh suaimhneas aige. Seal chun machnaimh. Branda beag. Nó taoscán maith an uair seo chun an beart a cheiliúradh. Ach gan an iomarca, go háirithe ag tabhairt faoin bhfarraige.
Ní raibh sé imithe go hiomlán de réir an phlean, ach chaithfeadh sé an chuid eile de a chur i gcrích. Manannán a shásamh.
Chaith a chuid a bheith ag Manannán.
Gheobhadh sé a chumhacht ar ais. Man. Annán. Annán. Annán. Man. Annán. Annán. Annán. Uaireanta d’fhéadfadh sé an oíche ar fad a thabhairt ag labhairt leis os íseal, agus eisean á fhreagairt. Nach ‘Freagrach’ an t-ainm a bhí ar a gha aníos as an domhain? Eisean a déarfadh leis cad a bhí le déanamh. Eisean an guth istigh. Chuala sé a ghlór agus é ag gabháil thar bráid siopaí, ag labhairt amach as béala daoine sa tsráid, i mbun plé leis an saol. Saol fó thoinn. Bhaineadh cláir fógraíochta, fear cairtchláir i mbanc ag tairiscint pé bréag eile a bhíodar a thairiscint, stad as a shiúl. Déarfadh Manannán an fhírinne amach as a bhéal siúd. ‘Ná tabhair aird ar bith air seo, tá bealach eile roghnaithe agam duit.’ Leathadh straois ón taobh istigh dá bhéal féin air, ag stánadh ar an gclár. Manannán a deireadh leis bogadh ar aghaidh, chomh maith, gan aird a tharraingt air féin. Ba dheacair go minic a bheith beo, fó thoinn. Giorranáil. D’éiríodh gleo an tsaoil chuige, agus é á chloisint aige mar a bheadh sé ag teacht trí shruth uisce. As a riocht. Glór Mhanannáin amháin a bhí soiléir. Chaithfí craos Mhanannáin a shásamh.
Chaith sé siar an chuid eile den taoscán branda.
Chuaigh sé i mbun oibre.

Bhí uair an chloig aige sula mbeadh sé ina lagtrá i gCuas an Bhoilg, gan duine beo thart. A leathuair tar éis a trí ar maidin, bheadh sé ag gealadh faoi cheann daichead a cúig neomat. An cuas lán de bháid fheistithe, agus na rópaí fada ceangail leis na fáinní ar an talamh sínte sa láib. Bhí na báid ab fhaide isteach sa chuas luite ar a gcliatháin, mar a bheadh meisceoirí a chodail amuigh, ach bhí na báid le hais fhalla na céibhe fós ar snámh. Báid iascaigh le ligean ar cíos is mó a bhí sa chuaisín. Bhí fothain in ascaill na céibhe ón bhfarraige oscailte sa chuan agus i Sunda Dheilginse.
Lig sé an beart plaisteach síos ó bharr na céibhe le téad. Dhreap sé síos an dréimire iarainn leis an bhfalla. Bhí an téad cheangail leis an bhfáinne scaoilte cheana aige agus thug sé anuas leis é ina lámh. Bhí roinnt potaí gliomach sa bhád, agus chruinnigh sé ar an ualach iad, á cheilt. D’ísligh sé stoc an innill síos san uisce, chas ar siúl é, thug an fáisceadh ba lú don scóig, tharraing ar an téadán, agus thosaigh an t-inneall ag srannadh. Mhúch sé ar an bpointe é. Gan an seaicéad tarrthála a dhearmad, á fheistiú. Níor bhain macalla an innill corraí as aon duine sa bhfoirgneamh ard, tigh altranais, trasna an bhóthair. Faonsolas sna fuinneoga. Níor lasadh solas in aon tigh ná árasán. Níor lig madra sceamh. Níor bogadh cuirtín ná dallóg.
Bhí an saol sámh.
D’fhan sé neomat eile.
D’ardaigh sé maide rámha agus bhrúigh an bád amach ó fhalla na céibhe. D’ainligh sé an bád as an gcuas ar a bhogstróc.
Bhraith sé an leoithne ón bhfarraige ar a cheannaithe. Gan aon suaill, puinn. Chuir sé an t-inneall ar siúl arís. D’fháisc sé an scóig. Dhírigh sé tosach an bháid ar an Sunda. Rachadh sé síos i dtreo Chill Iníon Léinín agus aneas timpeall ar Dheilginis isteach sa sruth idir í agus sceireacha na Muiglíní. Bhainfeadh sé an bealach amach le sleaic na taoide nó í ar tí casadh. Ag brath ar an taoide agus ar threo na gaoithe, d’fhéadfadh siúl a bheith faoi shruth na Muiglíní. Brachlainní. Ach bheadh sé i gceart anocht. Foirfe.
Bhí stríocaí solais sa spéir lastall os cionn Bhinn Éadair nuair a nocht an bád san adhmhaidin ag pointe thiar Dheilginse. Na potaí fós sa bhád ach gan rian d’aon ualach. Bhí corr réisc ina staic ar imeall an chladaigh agus é ag déanamh ar bhéal an Chuasa ar ais. Stríoca liathghorm eile i dteannta stríocaí solais an lae. Bhain a maorgacht ársa le foighne shíoraí éigin. D’aimsigh saighead a goib goblach faoi uisce, de gheit. Leath straois ar a béal, agus an t-iasc ag lúbarnaíl ina sciúch. D’alp. Shocraigh sí í féin arís, ina staic. Ag stánadh.
Ghabh an bád thairsti isteach. Ní fhaca sé féin faic na ngrást.
2
Bhí an fharraige breac le báid faoi sheolta bocóideacha. An ghaoth socair anoir aneas, an spéir gorm, gan ach soip strae chadáis ann. An teocht sna déaga arda Celsius sa leoithne, agus sna fichidí sa bhfothain. Bhí spionacar á chrochadh ag mórán de na báid seoil agus iad ag gabháil thar an marc rása chun tiontú aneas. Leathbhalún mór ildaite den ábhar ab éadroime ar chuma an tsíoda, nuair a crochadh an spionacar aníos as a mhála chuir sé sciatháin faoin gcíle. Mála draíochta gaoithe.
D’fhair na maoir rása ar na himeachtaí óna mbothán ar an gcéibh thiar. Bratacha os a chionn agus radharc glan acu ar an gcúrsa trína ngloiní. Bhí an mótarbhád rása, Mac Lir, i mbun maoirseachta amach ó ghéag thoir an chuain.
Bhí lucht spaisteoireachta an Domhnaigh amuigh ina sluaite ar an gcéibh thoir, iad cruinnithe ag ceann na céibhe ar bhinsí nó suite fúthu faoi scáth an tí solais, ag baint sásaimh as na báid agus as an radharc glé trasna Chuan Bhaile Átha Cliath go Binn Éadair. Bhí éagsúlacht idir an dá chéibh riamh, an ceann thiar faoi dhromchla garbh agus an ceann thoir faoi dhromchla mín, réidh.
Ag ceann na céibhe thiar, bhí slatiascairí ag breith buntáiste ar an taoide ag líonadh. Bhí na háiteanna ab fhearr tógtha ag na Sínigh. Ba iad ba luaithe a tháinig amach, le taitneamh d’éirí na gréine agus le hómós dá ndúchas i gcéin, cuid de b’fhéidir, ach le seilbh a fháil ar spás, an chuid is mó ar fad de. Falla Mór na Síneach a tugadh go searbhasach ar an gcuid sin den chéibh ghreanta eibhir. Amach as lár na cathrach a bhí roinnt de na hiascairí tagtha, mar ba bhéas le muintir na cathrach le fada, ach Sínigh n

  • Univers Univers
  • Ebooks Ebooks
  • Livres audio Livres audio
  • Presse Presse
  • Podcasts Podcasts
  • BD BD
  • Documents Documents