An Bothar go Santiago
190 pages
Irish

Vous pourrez modifier la taille du texte de cet ouvrage

Découvre YouScribe en t'inscrivant gratuitement

Je m'inscris

An Bothar go Santiago , livre ebook

-

Découvre YouScribe en t'inscrivant gratuitement

Je m'inscris
Obtenez un accès à la bibliothèque pour le consulter en ligne
En savoir plus
190 pages
Irish

Vous pourrez modifier la taille du texte de cet ouvrage

Obtenez un accès à la bibliothèque pour le consulter en ligne
En savoir plus

Description

An Irish pilgrim’s perspective on this ancient journey. A personal contemporary account of the physical and human landscape which he encounters along the way. NOTE: this eBook is in the Irish language only; there is no English-language material in this eBook.


Informations

Publié par
Date de parution 01 mars 2007
Nombre de lectures 0
EAN13 9781908057327
Langue Irish
Poids de l'ouvrage 1 Mo

Informations légales : prix de location à la page 0,0480€. Cette information est donnée uniquement à titre indicatif conformément à la législation en vigueur.

Extrait

Tá Cois Life buíoch de Bhord na Leabhar Gaeilge agus den Chomhairle Ealaíon as a gcúnamh. An chèad chló 2007 © Mïcheál de Barra ISBN 978-1-901176-72-8 Clúdach agus dearadh: Alan Keogh Grianghraif: Mícheál de Barra Clódóirí: Betaprint www.coislife.ie

Brionglóid agus mian chroí le blianta fada agam ba ea cosán na n-oilithreach meánaoiseach go Santiago de Compostela a shiúl ó Saint-Jean-Pied-de-Port san Fhrainc go Finisterre ar chósta thiar na Spáinne, aistear atá thart ar 900 ciliméadar. Go gairid tar éis m'fhuascailte ó laincisí an chóras oideachais den chéad uair ó bhí mé ceithre bliana d'aois, phacáil mé na bunriachtanais i mo mhála droma agus thug mé m'aghaidh ar Pays Basque na Fraince ar 1 Meán Fómhair, 2004. Ar feadh aon lá déag agus scór shiúil me, ar an meán, sé chiliméadar is fiche in aghaidh an lae gur bhain mé Cathair San Séamus amach. Tar éis dhá oíche a chaitheamh san Ionad Oidhreachta Domhanda sin, thug me m'aghaidh siar arís ar láthair atá níos ársa fós, Finisterre (Deireadh an Domhain).
Le breithlá trí scór bliain ag bagairt orm, bhí mé ar tí dul amach ar pinsean ó phost gnóthach, cruógach. Bhí fonn orm sos fada machnaimh a thógáil sula dtabharfainn faoi ré nua saoil. Ar an láimh eile bhí an Camino ag tabhairt mo dhúshláin ar feadh na mblianta. Ós rud é go raibh dúil thar cuimse agam sa choisíocht, luigh sé le réasún an tréimhse mhachnaimh agus Slí San Séamus a chur le chéile san aon bheart coisíochta amháin.
Na blianta fada ó shin, tháinig mé ar shaothar de chuid Søren Kierkegaard, an fealsamh Danmhargach, ina ndúirt sé nach raibh fadhb ar bith ann nach bhféadfaí a réiteach agus duine ag siúl. Bhí sé féin tugtha don choisíocht mar leigheas ar na smaointe gruama a bhíodh ag gabháil de ó am go chéile. Mhúin ciall cheannaigh na beatha le himeacht na mblianta dom go raibh an ceart aige. Oibríonn rithim na coisíochta mar chineál mantra agus mothaím soilíos agus faoiseamh ionam féin ar na siúlóidí fada faoin tuath nó ar na sléibhte, nach mbraidiim uair ar bith eile. Tá claonadh ionam ó dhúchas i dtreo an duaircis. Cloisim glór forránta go domhain ionam ag éileamh saoirse agus neamhspleáchais go rialta. Ar an ábhar sin, thuig mé go bhfeilfeadh saol an fhir siúil ar an gCamino dom dá bhféadfainn spriocanna dochta, daingne a chur i leataobh.
Séard a thuigim féin le hoilithreacht sa lá atá inniu ann ná idirlinn nó achar gearr d'am saor a thógtar as saol gnóthach, broidiúil an ghnáthdhuine. Spás coisricthe é ar an domhan seo ina bhfuil adhradh dhia an airgid mar phríomhchultas ann. Ní mór don oilithreach é féin a shracadh as a chlúid chompordach agus tabhairt faoi thuras go 'scrín' éigin dá dheoin agus dá rogha féin. Is gnách go ndéantar an t-aistear i gcomhluadar daoine eile a mbíonn an meon agus na cuspóirí céanna acu. Comhlíontar gnásanna áirithe ar an mbealach nó ag ceann scríbe. Bíonn an t-aistear chomh tábhachtach, nó b'fhéidir níos tábhachtaí, ná an ceann scríbe a bhaint amach. Is meafar den bheatha é an turas siombalach ina mbíonn an t-oilithreach ag leanúint 'cosáin'. Samhlaítear cosán na hoilithreachta le cosán na beatha. Ar bhóthar na hoilithreachta tagann léargais a réitíonn an t-anam le haghaidh athruithe inmheánacha agus móimintí grásta agus físe. Is gnách go spreagann an turas borradh agus bláthú spioradálta. Is tabhartais iad seo, áfach, a bhronntar nó nach mbronntar ar an oilithreach.
Bhí cruatan corpartha mar bhunghné den oilithreacht san am atá thart agus tá go fóill. Tugtar cúl le sócúlacht agus ní bheireann an t-oilithreach leis ach na riachtanais bhunúsacha. Chaitheadh oilithrigh na meánaoise tréimhsí fada ar an mbóthar agus iad i mbaol ó chontúirtí den uile chineál. Spuaiceanna ar chosa nó athlasadh sna teannáin is mó a ghoilleann ar oilithrigh an lae inniu. Is de shiúl na gcos a dhéanann a bhformhór an t-aistear go Santiago go fóill, iad ag iompar a bhfuil acu ar a ndroim. Rinneadh siombail de mo mhála droma, a raibh meáchan dhá chileagram déag ann, siombail de na hualaí iomarcacha a leag mé ar dhaoine eile anuas tríd na blianta. Go deimhin féin, bhraith mé ó am go chéile go raibh an diabhal féin ina shuí in airde air.
Tugtar tús áite sna brúnna do na siúlóirí a mbíonn pasanna oilithreachta acu. Ní mór dóibh siúd a thagann ar muin capaill nó ar rothair fanacht go mbíonn leapacha ag na siúlóirí ar fad. Tig le hoilithrigh an lae inniu tosú ag siúl áit ar bith ar an gCamino. Roghnaíonn cuid mhaith acu, áfach, cur chun bóthair i Saint-Jean-Pied-de-Port. Casadh Ollannaigh, Beilgigh agus Gearmánaigh orm, áfach, a shiúil an bealach ar fad óna mbailte dúchais féin. Eisceachtaí ab ea iadsan.
Níorbh fhada ar an gCamino mé nuair a tháinig cuspóir nua chun cinn. Theastaigh uaim go mbeadh gach aon chéim dá dtógfainn ina gníomh buíochais do Dhia as ucht saol sona séanmhar a bhronnadh orm. Nár mhinic san am atá thart, agus mé ag cuimhneamh orm féin, gur beag suntas a thug mé don drochshláinte agus do na tubaistí a bhí le fulaingt ag daoine eile thart orm.
Nuair a chuaigh mé i mbun taighde mar ullmhú don turas chuir litríocht fhairsing na hoilithreachta go Santiago de Compostela, ag dul siar chomh fada le 1140, ionadh orm. Tríd an léitheoireacht thosaigh tnúthán ag borradh istigh ionam rian choiscéimeanna na meánaoiseach a leanúint. Le deich mbliana anuas foilsíodh cuid mhaith alt seandálaíochta agus staire a léiríonn an dlúthcheangal idir ár dtír féin agus scrín San Séamus in Galicia. Is léir go raibh Gaeil ag taisteal go Compostela ón 12ú céad ar a laghad anuas go dtí an tOllamh Walter Starkie a rinne trí diuras sa chèad leath den aois seo caite.
An stair léite agus an taighde déanta, bhí mé dóthanach den obair intleachtúil, theoiriciúil, choincheapúil. Níl mórán céille le hoilithreacht a dhéantar ar chathaoir uilleach. Theastaigh uaim beart a dhéanamh, cur chun bóthair ag leanúint rian na meánaoiseach agus ligean do na céadfaí dul i mbun oibre. Bheinn dírithe feasta ar an gcoisíocht lá i ndiaidh lae ar feadh míosa agus breis. Mo chuid 'earraí agus airnéise' ar mo dhroim agam. Mé ag iarraidh codladh na hoíche a fháil in ainneoin shrannfach na n-oilithreach i mbrúnna plódaithe. Bheinn i gcompás feasta le luascadh na mothúchán. D'éisteoinn le tonnchreathanna na cruinne agus le cogarnaíl na nglórtha inmheánacha ar an mbóthar go Santiago. Ultreia!

Nóta don Léitheoir
Mar áis do shiúlóirí chun teacht ar eolas sa leabhar seo faoi na háiteanna a mbíonn siad ag gabháil tríothu ar an aistear go Santiago de Compostela agus Finisterre, tá na logainmneacha agus ainmneacha ionad eile a bhfuil tábhacht faoi leith ag roinnt leo léirithe i gcló trom. Ní dhéantar é seo, áfach, ach ar an gcéad ócáid a luaitear iad sa leabhar.
Faoiseamh. Bainim mo chuid giúirléidí den bhord. Tugaim sracfhéachaint thart. Scuabann tonn cumha tharam. Sciar de mo shaol fágtha agam anseo. Bainim croitheadh asam féin. Cuirim an céad méadar idir m'oifig agus an príomhdhoras díom. Grian an fhómhair ag soilsiú na gcrann lasmuigh. Buaileann fonn mé babhta rince a dhéanamh ar thairseach na scoile, pocléim a thabhairt, mo dhoirne a ghreadadh san aer mar a dhéanann imreoir peile tar éis cúl a fháil, a fhógairt don saol mór go bhfuil laincisí na hoibre caite díom ar deireadh thiar. Mé ar adhastar ag an oideachas ó chuaigh mé ar scoil den chéad uair sa bhliain 1949. Bhí mé sona sásta san áit seo. Gan ligean don ghalar dubhach mé a bhualadh anois. Tá aistear saoil romham go fóill. 'But I have promises to keep, and miles to go before I sleep,' mar a deir Robert Frost. Nach bhfuilim ar tí brionglóid a chomhlíonadh? Gealltanas tugtha agam coisceimeanna na n-oilithreach meánaoiseach a leanúint ar el Camino de Santiago. Bealach na Bó Finne a shiúl go Deireach an Domhain, b'fhéidir. Níl le déanamh anois agam ach an 900 ciliméadar idir Saint-Jean-Pied-de-Port agus Finisterre a chur díom.
Bogann an traein go mall leadránach isteach i stáisiún Bayonne. Cuireann sí Iarnród Iarthar an Chláir le linn m'óige i gcuimhne dom, gan puinn den nua-aimsearthacht ag roinnt léi. Téimid — seachtar Éireannach, beirt Mheiriceánach agus dhá rothar - isteach sa charráiste première classe gan ach ticéid den dara grád againn. An áit fúinn féin againn. An traein anois ag gluaiseacht go mall in aghaidh an aird trí spoir shliabhraon na bPiréiní. Tírdhreach fíorálainn. Grian lonrach ag tús an aistir ach cuireann stoirm fhíochmhar thoirní fáilte romhainn go Saint-Jean-Pied-de-Port (Naomh Eoin ag Bun an Mháma).
An baile ag féachaint go hálainn in ainneoin na drochaimsire. Ollmhéid na bPiréiní mar chúlra, a mbeanna go hard os cionn múrtha an dúnfoirt ( la Citadelle ) a tógadh ar orduithe an Chairdinéal Richelieu sa bhliain 1626. Méadaithe agus daingnithe ag Louis XIV i 1650. Ón dún seo a thug fórsaí Napoleon aghaidh ar an Spáinn sa bhliain 1808. Beidh an cosán a thóg siad á leanúint agam amárach má thagann feabhas ar an aimsir. Coimeádadh príosúnaigh agus suas le 500 páiste ó Thír na mBascach taobh istigh dá bhallaí le linn Chogadh Cathartha na Spáinne (1936-39). Aiféala orm nach bhfuil níos mó ama agam chun iniúchadh a dhéanamh ar an mbaile seanda seo a bhí taobh istigh de theorainneacha Ríocht Navarra go dtí 1512. Príomhbhaile Basse Navarre anois é.
Déanaim caol díreach ar Accueil Saint Jacques, an t-ionad fáilte agus eolais. An áit plódaithe le hoilithrigh ar thóir lóistín na hoíche. Scuainí fada ag boird na Fraincise, na Gearmáinise agus an Bhéarla. Tá bord na Spáinnise díomhaoin. Leaba agus sello faighte agam taobh istigh de chúpla nóiméad. Bainim an teach amach. Seanbhean chríonaosta chaite i mbun an tí atá ar aon dul léi féin. Tugann sí suas staighre guagach mé go seomra ina bhfuil leathdhosaen leapacha. Daoine iontu. Gan fonn ar bith orm an oíche a chaitheamh ag éisteacht le srannfartach Ghearmánach, Fhrancach nó Ollannach. Ní bheadh seomra aonair agat, a bhean chóir? Cúig euro is fiche? Is cuma liom, a bhean a' tí. Is fiú oíche shíochánta an méid sin.
Fillim ar mo sheomra tar éis ceatha. Sínim siar ar an leaba. Feicim saol gruama tríd an bhfui

  • Univers Univers
  • Ebooks Ebooks
  • Livres audio Livres audio
  • Presse Presse
  • Podcasts Podcasts
  • BD BD
  • Documents Documents