Ar an Taifead (2012)
214 pages
Irish

Vous pourrez modifier la taille du texte de cet ouvrage

Découvre YouScribe en t'inscrivant gratuitement

Je m'inscris

Ar an Taifead (2012) , livre ebook

-

Découvre YouScribe en t'inscrivant gratuitement

Je m'inscris
Obtenez un accès à la bibliothèque pour le consulter en ligne
En savoir plus
214 pages
Irish

Vous pourrez modifier la taille du texte de cet ouvrage

Obtenez un accès à la bibliothèque pour le consulter en ligne
En savoir plus

Description

Eagrán cóirithe nuashonraithe den saothar bunaidh a mbaintear an-leas as ar chúrsaí oiliúna sna meáin chumarsáide Ghaeilge. Tá athruithe agus forbairtí móra san earnáil ó foilsíodh an bunsaothar in 2007. Tá gnéithe breise curtha leis an eagrán seo, go háirithe treoir faoi chúrsaí eagarthóireachta agus plé cuimsitheach ar na meáin úra.

NOTE: Please note that this book is in not in the English language; it is an Irish-language work only.

A revised edition of the original which is widely used in Irish language training courses about the media and communications. The new edition takes into account the major changes and developments which have occured in the Irish media sector since 2007 and includes additional features such as guidance on editorial matters and a comprehensive discussion of the new media.


Informations

Publié par
Date de parution 01 septembre 2012
Nombre de lectures 0
EAN13 9781908057563
Langue Irish

Informations légales : prix de location à la page 0,0720€. Cette information est donnée uniquement à titre indicatif conformément à la législation en vigueur.

Extrait

Breandán Delap
An dara heagrán
Cois Life Teoranta
Baile Átha Cliath
Tá Cois Life buíoch de Chlár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus den Chomhairle Ealaíon as a gcúnamh. Is le cabhair deontais i gcomhair tograí Gaeilge a d'íoc An tÚdarás um Ard-Oideachas trí Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, atá leagan ríomhleabhair den saothar seo á fhoilsiú freisin.
An dara heagrán 2012 © Breandán Delap
ISBN 978-1-907494-26-0
Clúdach agus dearadh: Alan Keogh
Clódóirí: Brunswick Press
www.coislife.ie
Buíochas

Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl do na hiriseoirí uilig a bhí sásta páirt a ghlacadh sa saothar agus a gcuid eolais a roinnt liom. Tá mo bhuíochas tuillte fosta ag na daoine seo a leanas a chuidigh liom an leabhar seo a chur le chéile agus a chuir grianghraif ar fáil: Seán Ó Cuirreáin; Pádhraic Ó Ciardha; An Dr Antain Mac Lochlainn; Michael Lally; Gráinne Ní Ghillín; Seán Ó Mainnín; Éamonn Kennedy, AS; Antain Delap; Bob Quinn; Glen Mulcahy; Gerard Daly; Máirín Mhic Dhonnchadha; An Dr Eithne Ní Ghallchobhair; Éamonn Ó Dónaill; Seán Tadhg Ó Gairbhí; Páid Ó Donnchú. Tá buíochas ag dul don Dr Caoilfhionn Nic Pháidín a thug cuireadh dom an leabhar a scríobh agus do Róisín Nic Cóil a rinne an t-innéacs.
Réamhrá

Is iomaí cor a chuir an saol de ó céadfhoilsíodh an leabhar seo in 2007. Leanann an dul chun cinn sa teicneolaíocht ag éascú an phróisis trína mbailítear agus trína scaiptear eolas ach is iomaí ceist úr eitice a chruthaítear don iriseoir dá thairbhe. Óir tá luas na héabhlóide ar an chaidreamh idir cleachtadh na hiriseoireachta agus uirlisí na nuatheicneolaíochta ag géarú gach bliain. Bhí géarghá le heagrán úr den saothar seo chun nuashonrú a dhéanamh ar na mórathruithe atá tarlaithe le dornán blianta anuas ar nós an bhorradh a tháinig faoi na gréasáin shóisialta, na dlíthe úra leabhail agus meath nó cliseadh nuachtán fadbhunaithe, cinn Ghaeilge ina measc. Sa bhreis air sin, tá struchtúir úra rialacháin, idir bhunú Údarás Craolacháin na hÉireann agus bhronnadh stádais reachtúil ar an Ombudsman Preasa, le cur san áireamh, chomh maith le fás na féinfhoilsitheoireachta agus na n-ardán atá á nginiúint ag úsáideoirí, teacht na teilifíse digití agus go leor nithe eile nach iad.
Ach is beag ar fad iad na hathruithe sin uilig le hais an ghéarchéim airgeadais atá buailte ar an tír. Ach an oiread le gach gné eile de shaol na hÉireann, tá smúit tagtha ar chleachtas oibre na meán Gaeilge ó thosaigh an bhróg ag teannadh. Má tá siad le bheith inmharthanach san am atá le teacht ní mór do na meáin Ghaeilge stíl agus foirm na seachadta a chur in oiriúint d’athruithe eacnamúla, cultúrtha, teicneolaíocha agus polaitiúla. Fós féin, caithfear cloí i gcónaí le bunphrionsabail áirithe chun a chinntiú go leanfar ag soláthar eolas cruinn, neamhchlaonta do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.
De thairbhe drochstaid an gheilleagair, tá ré úr éiginnte i ndán don iriseoir Gaeilge. Tá iarracht áirithe déanta san atheagrán seo an chéad chaibidil den ré nua sin a bheachtú. Ní leabhar staire é seo, áfach, cé nach féidir éalú ón chlaochlú a tháinig ar na meáin Ghaeilge: ó thionscal tinteáin a bhí á reáchtáil ag baicle beag tírghráthóirí go seirbhís chorparáideach atá ar cheann de na príomhfhoinsí fostaíochta sa Ghaeltacht.
Is mór idir an staid reatha agus an léargas a tugadh ar na meáin Ghaeilge sa Dáil leathchéad bliain ó shin. I 1960, le linn díospóireacht Dála faoin Ghaeilge, dúirt an Teachta Jack McQuillan gur chrá croí agus chéasadh é a bheith ag éisteacht le cláir Ghaeilge ar Radio Éireann:
I have listened to Raidió Éireann, particularly in the last twelve months, in order that I would be in a position to discuss it from experience. I must confess that to listen to the productions night after night was one of the greatest penances I ever had to impose on myself. I was often tempted to give way to the feeling that takes possession of a person and to put a sod of turf through the radio. (Díospóireachtaí Dála, Imleabhar 160)
Thuigfeá dó. Mar dhuine atá ag treabhadh ghort na hiriseoireachta Gaeilge, is iomaí uair a bhí cathú orm féin dul i muinín an fhóid mhóna chéanna ach measaim go bhfuil iriseoirí na Gaeilge ag cur barraíocht brú ar acmhainní nádúrtha mar atá.
Mar is beag gearb nach bhfuil dóite againn faoin tráth seo, ná clocha móra nach bhfuil curtha ar phaidríní, tairní nach bhfuil crúite ná luganna nach bhfuil tite ar laganna. Tá muin na muice i mbaol a briste, tá béal na bearna líonta le sceacha agus tá an trá fholamh beagnach lán le daoine a fágadh uirthi le blianta beaga anuas. Tá strus damanta chomh maith ar obrádlanna na tíre agus dochtúirí ar a seacht ndícheall ag iarraidh an gad is giorra don scornach a bhaint amach agus an t-ualach ar an mhéar fhada a laghdú.
Tá cuótaí iascaireachta an Aontais Eorpaigh curtha in aimhréidh ag an ghliomach bocht a bhíonn ar fáil in áiteanna fánacha anois. Is beag faoiseamh a bhíonn ag an aimsir fiú agus muid ag súil gur foinse gach eolais í a neosfaidh gach rud dúinn.
Bíodh sin mar atá, tháinig an t-athrach ar an athrach ón uair a bhí an Teachta McQuillan ag comhlíonadh a bhreithiúnas aithrí. Tá borradh suntasach tagtha ar na meáin Ghaeilge, idir mheáin físe agus mheáin chlóite, le beagnach dhá scór bliain. Tá ár stáisiún teilifíse féin againn anois, rud nach raibh ach ina aisling scór bliain ó shin. Dhá scór bliain ó shin ba stáisiún páirtaimseartha é Raidió na Gaeltachta a bhí ag craoladh ar feadh dhá uair is ceathrú in aghaidh an lae. Tá sé ar fáil anois ceithre huaire fichead sa lá. Bíonn ailt rialta agus colúin seachtainiúla dúshlánacha san Irish Times agus san Irish News agus tá iris bhríomhar Idirlín againn.
Ach d’fhéadfá a rá gurbh é 1996 annus mirabilis na meán Gaeilge. Laistigh de choicís i nDeireadh Fómhair na bliana sin, tháinig TG4 ar an aer den chéad uair agus foilsíodh an chéad eagrán de Foinse . Ní haon áibhéil a rá gur athraíodh iriseoireacht na Gaeilge ó bhonn i mí Dheireadh Fómhair 1996 agus gur cuireadh tús le ré órga, úr sa chumarsáid. Ach breis is deich mbliana ina dhiaidh sin tháinig annus horribilis nuair a chlis ar Foinse agus ar Lá Nua laistigh de leathbhliain. As luaithreach na marbh, áfach, tháinig Gaelscéal agus leagan úr de Foinse . Ainneoin na doininne, is cinnte go bhfuil i bhfad Éireann níos mó deiseanna fostaíochta ann anois d’ábhair iriseoirí Gaeilge agus méadú dá réir tagtha ar scóip na hoibre agus ar an éileamh atá uirthi.
Ach in ainneoin na bhforbairtí seo uilig, níor mhór a admháil go bhfuil cúlú tagtha fosta. Óir tá iriseoireacht na Gaeilge ar ais sa gheiteo anois. Daichead bliain ó shin bhíodh ailt rialta i nGaeilge san Irish Press agus ó am go chéile, fiú san Irish Independent agus bhíodh tuilleadh clár Gaeilge á gcraoladh ar Radio Éireann agus ar RTÉ. Is é an comhthoradh is mó a bhaineann leis an bhorradh atá tagtha ar na meáin Ghaeilge ná go bhfuil ról níos imeallaí ag an teanga sna meáin Bhéarla.
Níor mhór a admháil fosta nach gá go mbeadh an caighdeán ardaithe de réir an mhéid a tháirgtear. Mar a dúirt an té a dúirt: ‘Never mind the quality, feel the Gaelic.’ Is minic nach mbíonn na meáin Ghaeilge chomh géarchúiseach nó chomh himscrúdaitheach is ba cheart dóibh a bheith agus bíonn neart buaileam sciath ar siúl faoin mhéid blianta torthúla atá curtha isteach acu. Is annamh iad ag feidhmiú san áit ar thibhe buillí agus ar thréine teagmháil. Ní haon strainséir í an tsluasaid sa Ghaeltacht agus b’fhéidir go bhfuil sé in am anois ag iriseoirí na Gaeilge níos mó ama a chaitheamh ag tochailt agus ag salú a gcuid lámh.
Tuigim go bhfuil sé thar a bheith deacair tabhairt faoin chineál seo oibre mar go bhfuil saol na Gaeilge is na Gaeltachta chomh beag sin agus go bhféadfadh go mbeadh aithne phearsanta ag go leor de na hiriseoirí ar na pearsana a bheadh á bhfiosrú acu. Is doiligh, dá bharr sin, léirmheas macánta a dhéanamh ar eagraíochtaí Gaeilge agus araile. É sin ráite, ní féidir a bheith de shíor ag cuimilt boise agus níor mhór na fiacla a dhrannadh nuair is gá. B’fhíor don iriseoir Miriam Lord nuair a dúirt sí nach bhfuil d’úsáid ag preasráitis ach le nótaí a bhreacadh ar a gcúl.
Ach an oiread le gnéithe eile den saol comhaimseartha, áfach, níl aon díolúine ag cúrsaí iriseoireachta ó ghalar na lagmheasarthachta. Nuair a thruaillítear an margadh le hearraí d’ísealchaighdeán is minic a bhrúitear an táirge maith amach ar an imeall; ach is mó a shantaítear é dá bharr. Is ar an imeall atá iriseoireacht na Gaeilge ag feidhmiú le fada ar ndóigh mar is dual do shaothair i dteanga neamhfhorleathan. Ach níor mhiste an t-ionad sin a chaomhú go cruinn aireach de réir mar a phlódaítear an t-imeall le rogha shíoraí agus uileláithreacht na nuachta.
Óir de bharr dul chun cinn sa teicneolaíocht dhigiteach agus satailíte, thig linn anois a bheith ag amharc ar imeachtaí te bruite ó thíortha aduaine, nár chuala muid iomrá orthu riamh, de réir mar a bhíonn siad ag titim amach. ‘An sráidbhaile domhanda,’ a thug an tráchtaire Marshall McLuhan ar an dóigh gur féidir an domhan mór a laghdú go scáileán bídeach!
Is i gConamara atá ‘sráidbhaile domhanda’ chumarsáid na Gaeilge. Bhí léargas soiléir, don té a mbeadh amhras air, le fáil ag ócáid bhronnta dhuaiseanna cumarsáide an Oireachtais ag Féile na Bealtaine i dTrá Lí in 2006, faoin éifeacht atá ag an bhorradh faoi na meáin Ghaeilge anois ar iarthar na hÉireann. Bhí rith an rása ina iomláine nach mór ag Gaeltacht na Gaillimhe ag an bhronnadh mar gurb ann a bhí ochtar den naonúr a scuab leo an chreach. (Mar a tharlaíonn sé, ba chlár a rinneadh faoi bhean as Conamara – Caitlín Maude – a bhí i gceist leis an aon eisceacht amháin!) Cruthúnas ab ea caithréim Chonamara sna duaiseanna cumarsáide an oíche úd don rath atá ar na meáin Ghaeilge san iarthar anois agus gur beag d’anáil na hardchathrach atá le sonrú orthu.
Óir tá TG4, Raidió na Gaeltachta agus Foinse lonnaithe in achomaireacht sé mhíle dá chéile. Tá Telegael, Ros na Rún agus Gaelscéal soir an bóthar uathu. Ciallaíonn sé sin go bhfuil iriseoirí

  • Univers Univers
  • Ebooks Ebooks
  • Livres audio Livres audio
  • Presse Presse
  • Podcasts Podcasts
  • BD BD
  • Documents Documents