Greim na Vaimpírí
87 pages
Irish

Vous pourrez modifier la taille du texte de cet ouvrage

Découvre YouScribe en t'inscrivant gratuitement

Je m'inscris

Greim na Vaimpírí , livre ebook

-

Découvre YouScribe en t'inscrivant gratuitement

Je m'inscris
Obtenez un accès à la bibliothèque pour le consulter en ligne
En savoir plus
87 pages
Irish

Vous pourrez modifier la taille du texte de cet ouvrage

Obtenez un accès à la bibliothèque pour le consulter en ligne
En savoir plus

Description

Caitheann Marius, an vaimpír, a shaol ar a sháimhín só fad is atá a sháith rollóga figí aige. In ainneoin iarrachtaí a chara Ailfí, is beag suim a chuireann Marius i gcúrsaí an tsaoil mórthimpeall air go dtí go dtugann sé faoi deara cailín atá pas beag cosúil leis féin. Éiríonn an vaimpír níos dána agus é ag iarraidh a chuid buanna buacacha vaimpíreacha a léiriú di. Tá imní an domhain ar Ailfí go dtarraingeoidh an vaimpír aird air féin. Nach bhfuil an ceart aige a bheith buartha! Ní gach duine atá sásta maireachtáil taobh le vaimpír, fiú más feoilséantóir é.Tugtar suntas do Marius ar shlite nach raibh na buachaillí ag súil leo. Téann siad sáite i gcogadh agus cuirtear fíricí loma os comhair Ailfí ar gá dó déileáil leo.Seo é an ceathrú leabhar sa tsraith rathúil ag Cois Life, tar éis Ailfí agus an Vaimpír (2012), Vaimpír san Áiléar (2013) agus I Measc Vaimpírí (2015). Do dhaoine óga fásta (10–13) agus do dhaoine fásta óga de gach aois!


Informations

Publié par
Date de parution 15 mars 2017
Nombre de lectures 0
EAN13 9781912134007
Langue Irish

Informations légales : prix de location à la page 0,0390€. Cette information est donnée uniquement à titre indicatif conformément à la législation en vigueur.

Extrait

GREIM NA VAIMPÍRE
ORNA NÍ CHOILEÁIN
Cois Life 2017
Sa tsraith chéanna:
Ailfí agus an vaimpír (2012)
Vaimpír san áiléar (2013)
I measc vaimpírí (2015)
Sonraíocht CIP Leabharlann na Breataine. Tá taifead catalóige i gcomhair an leabhair seo ar fáil ó Leabharlann na Breataine.

Tá Cois Life buíoch de Chlár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus den Chomhairle Ealaíon as a gcúnamh.
An chéad chló 2017 © Orna Ní Choileáin
ISBN 9781907494673
eISBN 9781912134007
Clúdach agus dearadh: Alan Keogh
Clódóirí: Nicholson & Bass Ltd.
www.coislife.ie
CLÁR
1 Eileatram ilchuspóireach
2 An chéad imprisean
3 Teacht le chéile
4 Cónra ceithre phost agus gloine chliste
5 An halla bia
6 Neachtar agus pailin
7 Slán seal
8 Ceithre chnag
9 Go dtí an t-ospidéal
10 An té a bhí marbh
11 Díbirt
12 Coinníollacha na Cuntaoise
13 Vaimpír a mhúscailt
14 Seachtain scléipe
15 Vaimpír nó neamh-vaimpír
16 Siesta scoile
17 Stroganoff agus mús figí
18 Déan féin é
19 Greim gasta an mheán oíche
20 Gairleog ghlas
21 Ailfí an coimeádaí
22 Beag an baol
23 Mí-ádh ceart
24 Bláthanna nó sailéad
25 Ar scáth a chéile
26 Gualainn ar ghualainn
27 Glaoiteoir
28 An tríú buille
29 Aird an phobail
30 Ullmhúchán
31 An dara hurlár
32 Scéal bearnach
33 Plé
34 Saoirse agus daoirse
35 An cath deireanach
36 Tionól
Gluais
1 Eileatram ilchuspóireach
Nuair a thuirling Ailfí agus Marius den traein, bhí tiománaí ann chun bualadh leo. B’eisean a d’aithin ar dtús iad, sular leag siad súil air in aon chor.
‘A Marius,’ ar sé i nguth íseal. Ráiteas a bhí ann seachas ceist mar ní raibh aon amhras air cérbh iad an bheirt seo.
Chas Marius a chloigeann agus lean Ailfí a shúile. Fear ard, mílítheach, dáiríre a bheannaigh dóibh, é feistithe in éadaí dubha. Vaimpír ab ea é, gan dabht. Ní raibh aon chlóca traidisiúnta air ach cóta olla fada trom, in ainneoin an aimsir a bheith cineálta.
‘Mise Marius,’ arsa Marius. ‘Seo é mo chara Ailfí.’
Sméid an tiománaí a chloigeann ach níor oscail sé a bhéal. Chaolaigh sé na súile agus Ailfí á mheas aige. D’fháisc Ailfí a scaif chuige féin. Ní raibh aon ghá leis an mball éadaigh seo inniu ó thaobh aimsire de; ba nós leis scaif a bhreith leis i gcónaí, ach go háirithe agus é ag crochadh thart le vaimpírí.
Lean na buachaillí an tiománaí go dtí an limisín a bhí ag feitheamh lasmuigh den stáisiún traenach. Lig Ailfí osna faoisimh.
‘Shíl mé gur eileatram a bheadh á thiomáint aige,’ ar sé go neirbhíseach lena chara, idir shúgradh agus dáiríre.
Ghlac Marius leis gur dáiríre a bhí sé. ‘Is carr ilchuspóireach é seo. Ní úsáidtear mar eileatram é ach le haghaidh ócáidí speisialta. Nuair a leathbhásaíonn duine, mar shampla. Nó i gcás bainise, is dócha. “Ó bhainis go bás,” mar a deirtear.’
Ní raibh aon fhreagra ag Ailfí ar an méid sin. Ba mhinic a bhain an vaimpír an chaint de. Bhí go leor le foghlaim aige go fóill.
Shuigh siad isteach sa limisín agus thug suntas láithreach do na suíocháin de veilbhit dhubh. Bhí siad an-chompordach. D’aimsigh Marius urrann sólaistí. Tharraing sé amach mionphaca rollóga figí, rud a chuir lúcháir mhór air. Thosaigh ag ithe leis.

‘An mbeidh briosca agat?’ ar sé lena chara agus a bhéal lán.
‘Tá tart orm, leis an fhírinne a rá,’ arsa Ailfí. D’fhair sé go fiosrach na deochanna éagsúla ildaite os a chomhair amach sa bheár beag. Bhí rogha mhaith ann, ach an rogha cheart a dhéanamh. ‘Uisce atá uaim.’
Scrúdaigh Marius na lipéid.
‘Uisce, mar sin,’ ar sé. ‘Le súilíní nó gan iad.’
‘Gan iad.’
‘Le fuilchoirpíní nó – is cuma. Gnáthuisce atá sa cheann seo.’
Shín Marius chuige an buidéal uisce. Chinntigh Ailfí gurbh é sin go díreach a bhí ann. Ní raibh aon chothú vaimpírí ag teastáil uaidh an turas seo.

Ní raibh i gceist ach aistear fiche nóiméad sa limisín. Ar ndóigh, bhí líonra speisialta dá gcuid féin ag vaimpírí chun a mbealach a aimsiú agus iad ag dul ó áit go háit. Modh na Vaimpírí a thug siad air. Bhí siad in ann cumarsáid a dhéanamh lena chéile ar leibhéal nach raibh ag an duine daonna, trí leas a bhaint as córas na macallaí mar a dhéanann na hialtóga. An uair seo, ós rud é go raibh Ailfí ag teacht chun tacú lena chara, tháinig na buachaillí ón gcathair ar an traein.
An Chuntaois Carmen Valmont a sheol an tiománaí chuig an stáisiún traenach chun iad a bhailiú agus a thabhairt chuici. Bhí coinne ag Marius leis an gcuntaois ina teach mór faoin tuath.
2 An chéad imprisean
FAINIC SIBH FÉIN AR AN VAIMPÍR!
Bhí duine éigin tar éis graifítí a chur ar bhallaí an eastáit. Dá mba rud é go raibh vaimpírí lonnaithe anseo, bhí gach seans ann go bhfaca duine éigin sa cheantar rud éigin ag am éigin a chuir amhras orthu agus gur scaip na ráflaí. Dar le hAilfí, ní raibh na vaimpírí cúramach go leor. Ach cé a chreidfeadh an rógaire a d’fhógródh a leithéid ar bhalla?
É sin, nó b’fhéidir gurbh iad na ballaí agus na geataí féin a spreag an loitiméireacht. Bhí dealbha d’ialtóga ar na colúin. Ní hamháin sin ach bhí ialtóga greanta ar na geataí. Nach dána a bhí muintir Valmont.
Laistigh de na geataí féin, bhí an féar agus fál sceach ag fás go rábach. Bhí an chuma ar an áit ar dtús gur ligeadh i bhfaillí é. De réir a chéile, áfach, agus iad ag tiomáint suas an cabhsa, tháinig athrú ar an scéal.
Nocht gairdín álainn os a gcomhair. Chonaic na buachaillí ceapacha bláthanna, sraitheanna móra díobh. Bhí draíocht ag baint leis an áit seo. Rósanna ba mhó a bhí ann, agus gach bláth ann dea-chumtha, geal, ildaite.
Ina dhiaidh sin arís, bhí ceapach glasraí agus borradh fáis fúthu. Ba léir go raibh córas maith acu chun a gcuid a shaothrú. Ní chuirfeadh sé aon ionadh ar Ailfí dá bhfeicfeadh sé reilig dá gcuid féin ar chúl an tí.
Tháinig siad chomh fada leis an bhfoirgneamh féin. Bhí an teach mór dorcha, gruama, agus é ag titim as a chéile, díreach faoi mar a shamhlaigh Ailfí. An rud nach raibh sé ag súil leis ná na plandaí go léir a bhí faoi bhláth sa ghairdín lasmuigh. Cá raibh an t-eidhneán nimhe nó bláth an bháis? Bláthanna fiáine agus luibheanna a bhí ina áit. Thug Ailfí faoi deara na bláthbhoscaí fuinneoige ar gach leac, fiú sna bearnaí beaga ag barr an túir.
Stad tiománaí an limisín os comhair an tí agus scaoil na buachaillí amach sular imigh sé chun an carr a pháirceáil. Chonaic Ailfí go raibh an cnagaire i gcruth ialtóige. Ní raibh aon náire ar an dream seo. Bhí siad an-tógtha ar fad le saol na n-ialtóg, nó d’fhéadfaí a rá go raibh acmhainn grinn acu.
Cailín aimsire a d’oscail an doras sular leag ceachtar acu lámh ar an gcnagaire in aon chor.
‘Fáilte,’ ar sí agus rinne meangadh gáire cúthail. Stiúir sí isteach sa halla iad. Dath liath na gealaí a bhí ar na ballaí agus ciumhais de pháipéar fionnliath thart air. Ní raibh cuma an rachmais ar an áit, ach ní raibh sé róbhocht ach oiread.
Shín an cailín aimsire amach a lámh le tabhairt le fios dóibh gur chóir dul isteach sa seomra beag ar dheis. Is ar éigean a d’fhéadfaí an seomra a fheiceáil in aon chor, bhí sé chomh cóngarach sin do thosach an tí gur ghá an príomhdhoras a dhúnadh chun an seomra beag seo a fheiceáil.
B’ábhar iontais d’Ailfí é an seomra nuair a chuaigh siad isteach. Bhí dath bándearg ar na ballaí agus dath glas pastalach ar an tsíleáil. Bhí cúisíní boga ar gach dath faoin spéir leagtha amach ar tholg oráiste le poncanna corcra. Ar an iomlán, bhí sé thar a bheith osréalaíoch do theach vaimpíre!
‘Cá bhfuil mo spéaclaí?’ arsa Marius. Thóg an vaimpír amach na spéaclaí gréine agus chuir air iad. Bhí an áit seo i bhfad rógheal dó. Ní mar sin a shamhlaigh sé cúrsaí ag an gcuntaois.
Siúd isteach an doras léi ar an nóiméad sin, an Chuntaois Carmen Valmont, í feistithe i ngúna fada scuabach dubh.
3 Teacht le chéile
‘A Marius! Fáilte romhat!’ Bhí glór síodúil ag an gcuntaois. ‘Ní fhaca mé thú ó bhí tú sa chliabhán. Is cuimhin liom thú ag gearradh na bhfiacla. Taispeáin dom anois iad.’ Leis sin, leag sí ionga dhubh ar a bhéal agus d’oscail a ghob d’fhonn na fiacla a scrúdú. ‘Féach na géaráin anois agat! Dhá bheangán!’ Bhí Marius náirithe. Dhún sé a bhéal de shnap. Rinne an chuntaois neamhaird de. Chas sí chuig Ailfí. ‘Agus seo é do chara. Fáilte, a Ailfí.’
Chaith sí go foirmiúil leis, ach ar a laghad níor bhreathnaigh sí isteach ina bhéal.

Labhair sí le Marius arís. ‘Táimid sásta go bhfuil tú tagtha. Beidh tú slán anseo. Bhí gach duine chomh buartha fút nuair a bhí tú imithe i ngan fhios don saol. Shíleamar dáiríre go raibh tú caillte.’ Tháinig deora ina súile. Bhí croí éigin inti.
‘Mo mhuintir a bhailigh leo go dtí an Trasalváin. Bhí mise anseo an t-am ar fad,’ arsa Marius go spraíúil. Labhair sé amhail is nach ndearna rud ar bith imní dó, cé gur chuir an eachtra isteach go mór air ag an am. ‘Ní raibh mé rófhada ón áit seo mar a tharla.’
‘Sin é díreach é! Bhí tú anseo in aice linn an t-am ar fad. Níl a fhios agam conas a tháinig tú slán as seo go léir.’
‘Ní leanbh mé a thuilleadh, a Chuntaois. Tá barr glan agam ar na hingne. Coimeádaim na géaráin géar. Téim a luí an chéad rud ar maidin. Tá an saol ar mo thoil agam.’
D’ardaigh Ailfí a mhalaí. Ba chréatúr leochaileach é Marius nuair a bhuail sé leis den chéad uair sa scioból ag bun ghairdín an tí saoire a bhí ar cíos ag a mhuintir an samhradh seo caite. Ní raibh sé chomh neamhspleách, muiníneach seo in aon chor. Bhí de chiall ag Ailfí gan dada a rá. Níor mhian leis cur isteach ar an gcomhrá. Ba léir go raibh ceangal speisialta idir an bheirt ag an teacht le chéile seo.
‘Suígí síos agus insígí dom mar gheall ar an ráfla a chuala mé. Abair liom nach bhfuil sé fíor gur feoilséantóir tú,’ arsa an chuntaois ansin. Bhí stíl réchúiseach labhartha aici. Bheadh Ailfí in amhras gur vaimpír a bhí inti in aon chor murach gur i gcúinsí den chineál seo a bhuail sé léi den chéad uair.
‘Réim bhia veigeatórach a leanaim,’ arsa Marius go stuama.
‘Is trua liom do chás.’
Chosain Marius an rogha a bhí déanta aige. ‘Bíonn neart le hithe agam! Táim go breá in ann aire a thabhairt dom féin agus soláthar dom féin.’
Rinne a chara gáire ciúin. Is cinnte g

  • Univers Univers
  • Ebooks Ebooks
  • Livres audio Livres audio
  • Presse Presse
  • Podcasts Podcasts
  • BD BD
  • Documents Documents