Daideo
32 pages
Irish

Vous pourrez modifier la taille du texte de cet ouvrage

Découvre YouScribe en t'inscrivant gratuitement

Je m'inscris

Découvre YouScribe en t'inscrivant gratuitement

Je m'inscris
Obtenez un accès à la bibliothèque pour le consulter en ligne
En savoir plus
32 pages
Irish

Vous pourrez modifier la taille du texte de cet ouvrage

Obtenez un accès à la bibliothèque pour le consulter en ligne
En savoir plus

Description

Note: This work is in the Irish language only - there is no English language translation in the publication. A boy on the run from his parents. An old man on the run from his children. They meet on the train to Dublin and listen to each other’s stories. They understand each other. What will be the result of this new friendship?


Informations

Publié par
Date de parution 01 février 2014
Nombre de lectures 0
EAN13 9781908057020
Langue Irish

Informations légales : prix de location à la page 0,0300€. Cette information est donnée uniquement à titre indicatif conformément à la législation en vigueur.

Extrait

DAIDEO
ÁINE NÍ GHLINN
Cois Life Teoranta Baile Átha Cliath
Sonraíocht CIP Leabharlann na Breataine. Tá taifead catalóige i gcomhair an leabhair seo ar fáil ó Leabharlann na Breataine.

Tá Cois Life buíoch de Chlár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus den Chomhairle Ealaíon as a gcúnamh.
An chéad chló 2014 © Áine Ní Ghlinn
ISBN 978-1-907494-42-0
Clúdach agus dearadh: Alan Keogh
Clódóirí: Nicholson & Bass Ltd.
www.coislife.ie
1
‘Cá bhfuil do thuismitheoirí?’
‘Thuas ansin!’
Sméid Liam i dtreo an chéad charráiste eile. Chaith fear na dticéad sracfhéachaint thar a ghualainn. Sméideadh Liam á leanúint aige. Bhreathnaigh sé ar Liam arís. Go géar. Go smaointeach. Ba bhreá le Liam a bheith in ann na súile sin a léamh. Céard a bhí iontu? Amhras? Eolas?
‘Cé atá leat? Cé atá thuas ansin ?’
‘Mo … mo mham. Tá sí thuas ansin sa chéad charráiste eile. Tá sí ag caint le duine éigin.’
‘Ag caint le duine éigin?’
‘Sea.’
Bhí Liam ag iarraidh stánadh idir an dá shúil ar fhear na dticéad. Mura gclaonfadh sé a cheann ná a shúil, bheadh seans níos fearr go gcreidfí é. É sin agus gan dul thar fóir leis an scéal. B’in a dúirt Micheál.
Bíodh an scéal inchreidte. Inchreidte gan dul thar fóir.
Comhairle mhaith.
‘Sea. Tá sí ag caint le bean éigin. Cara léi, sílim.’
Gan dul thar fóir. Gan an iomarca eolais a thabhairt.
‘Cara?’
An ruainne beag amhrais sin arís.
‘Sílim.’
Chaithfeadh sé labhairt ar nós cuma liom.
‘Ní raibh aithne agamsa uirthi. Bhuail sí léi ar an ardán. Glacaim leis gur cara í.’
‘Agus tá an ticéad ag do mham, is dócha?’
Díreach an cheist a bhí uaidh!
‘Níl. Tá an ticéad agamsa anseo. Seo dhuit.’
Bheadh deireadh leis an argóint anois.
Bhreathnaigh fear na dticéad go géar ar an ticéad a bhí á shíneadh chuige ag Liam.
‘Nár cheart duitse a bheith ar scoil?’
Bhí Liam réidh don cheann seo freisin. D’ísligh sé a ghlór.
‘Ba cheart.’
Bhreathnaigh sé ar a lámha. Ar a mhéara. Rinne sníofartach beag. Mar a bhí cleachta aige os comhair an scátháin. Cleachta arís is arís eile go dtí go raibh sé sásta leis. Go dtí go raibh Micheál sásta leis. Go dtí go raibh sé foirfe.
‘Ba cheart dom a bheith ar scoil ach … ach tá m’aintín san ospidéal i mBaile Átha Cliath. Táimid chun cuairt a thabhairt uirthi.’
Sníofartach eile. An guth níos ísle fós.
‘Tá sí ag fáil bháis. Níl mórán ama fágtha aici.’
‘Hmmm.’
Rinne fear na dticéad cliceáil ar an ticéad leis an ngléas beag a bhí ina lámh aige. É fós ag stánadh ar Liam. D’fhéach sé ar an ticéad arís. Dáta ceart. Praghas ceart. Gach rud ceart. Fós, áfach, bhí rud éigin faoin mbuachaill seo. Faoin scéal. Gach rud róchleachta. Rócheart.
D’airigh Liam cuisle ag preabadh ina mhuineál. Thíos faoina chluas chlé. Bhí súil aige nach raibh fear na dticéad in ann é a fheiceáil.
Smaoinigh ar gach rud brónach a tharla duit ariamh. Comhairle Mhichíl arís.
Ansin tiocfaidh na deora.
Chreidfeadh duine ar bith thú dá mbeifeá in ann deora a shileadh. Ní fhéadfadh Liam díriú ar rud ar bith, áfach, ach ar an gcuisle ina mhuineál agus ar aghaidh an fhir a bhí ag breathnú anuas air.
Ar deireadh shín an fear an ticéad ar ais chuige.
‘Go raibh maith agat,’ arsa Liam.
An chuisle ag imeacht ó smacht ar fad. Bhí fonn air a lámh a chur lena mhuineál ach bhí faitíos air go dtarraingeodh sé sin aird air.
Rinne fear na dticéad leathchasadh uaidh. Leathchasadh ar ais. É ar tí rud éigin eile a rá. Ceist eile a chur b’fhéidir. D’oscail sé a bhéal. Dhún arís é. Ansin chroith sé a cheann, bhain searradh as a ghuaillí agus ar aghaidh leis ansin chuig an gcéad phaisinéir eile.
2
Lean Liam a éide dhubh as cúinne a shúile. Ó phaisinéir go paisinéir. Ó shuíochán go suíochán. Ó thicéad go ticéad. Ó chliceáil go cliceáil.
‘Ticéid le bhur dtoil. Ticéid le bhur dtoil.’
Cliceáil. Ar aghaidh arís.
É ag siúl leis go mall réidh. Cos, cos eile, a haon, a dó. Cliceáil. Cos, cos eile arís.
Bhí fonn ar Liam osna a ligean ach bhí faitíos air go gcloisfí é. Faitíos air anáil a tharraingt isteach gan trácht ar é a ligean amach. A chroí ina bhéal nó gur shroich an éide dhubh na doirse uathoibríocha. D’éist Liam le dordán na ndoirse. Chonaic sé iad á n-oscailt. Cos, cos eile tríothu.
Go tobann, stop fear na dticéad agus bhreathnaigh thar a ghualainn. Chas Liam a chloigeann go tapa. Thosaigh sé ag breathnú amach an fhuinneog. Cén fáth a raibh an éide dhubh chomh hamhrasach sin?
Nach raibh an ticéad feicthe aige. Ba léir nár ghlac sé leis an scéal, áfach. Cén fáth? Bhí sé inchreidte.
Inchreidte gan dul thar fóir.
Dá mbeadh Micheál anseo anois céard a déarfadh seisean? Bheadh Plean B aige siúd cinnte.
Bhí a fhios ag Liam go raibh sé beag dá aois. Gur bhreathnaigh sé níos óige ná mar a bhí. Bhíodh daoine i gcónaí ag fiafraí de cén rang ina raibh sé agus iad ag ceapadh go raibh sé fós sa bhunscoil. Iad ag ceapadh nach raibh sé ach naoi nó deich mbliana d’aois. Ní chreidfidís go raibh sé sa chéad bhliain sa mheánscoil.
Bhíodh sé sin úsáideach uaireanta. Aon uair a mbíodh lacáiste ann do dhaoine faoi bhun a dó dhéag, bhíodh Liam breá sásta a rá go raibh sé aon bhliain déag d’aois. Den chuid is mó, áfach, míbhuntáiste a bhí ann. Uair amháin agus é féin agus Micheál ag iarraidh dul chuig scannán, níor lig an fear sa phictiúrlann dó dul isteach chuig scannán do dhaoine os cionn a dó dhéag.
Ba léir anois gur shíl an éide dhubh sin go raibh sé ró-óg le bheith ag taisteal leis féin. Céard a dhéanfadh seisean anois? An gcuirfeadh sé ceist ar dhaoine sa chéad charráiste eile? An rachadh sé ag lorg a mháthar?
Chuala Liam na doirse ag teacht le chéile arís.
Dordán íseal. Bhí sé slán. Go fóill ar aon nós.
Taobh amuigh bhí páirceanna ag sciorradh thar bráid. Páirceanna glasa, páirceanna buí, páirceanna glasa, páirceanna buí. Mar a bheadh rithim na traenach féin. Mar a bheadh ceol na rothaí. Dhún sé a shúile agus d’éist.
Páirceanna glasa, páirceanna buí. Páirceanna glasa, páirceanna buí.
Chuala Liam na doirse á n-oscailt arís. Á ndúnadh. Faitíos air a shúile a oscailt. Coiscéimeanna ag teacht ina threo. D’athraigh ceol na rothaí.
Éide dhubh. Éide dhubh. Amhrasach. Amhrasach.
Éide dhubh. Amhrasach.
Bheadh sé fánach aige rith. Bheadh an lámh ar a ghualainn soicind ar bith. A chroí ina bhéal arís. Cos.

  • Univers Univers
  • Ebooks Ebooks
  • Livres audio Livres audio
  • Presse Presse
  • Podcasts Podcasts
  • BD BD
  • Documents Documents