Lá leis na Lochlannaigh
40 pages
Irish

Vous pourrez modifier la taille du texte de cet ouvrage

Découvre YouScribe en t'inscrivant gratuitement

Je m'inscris

Lá leis na Lochlannaigh , livre ebook

-

Découvre YouScribe en t'inscrivant gratuitement

Je m'inscris
Obtenez un accès à la bibliothèque pour le consulter en ligne
En savoir plus
40 pages
Irish

Vous pourrez modifier la taille du texte de cet ouvrage

Obtenez un accès à la bibliothèque pour le consulter en ligne
En savoir plus

Description

A novel in the Irish language (there is no English language translation in the text) for children 9 years and older. Cormac and Brídín are excited to be staying with Granny and Grandad again. They are looking forward to another historical adventure through the magic door. But, when they travel to Viking Dublin, there is danger in the air. Will they escape the peril? And what will they find out about the real lives of the Vikings? / Tá Cormac agus Brídín ar bís le stopadh tí Mhamó agus Daideo arís. Tá siad ag súil le heachtra spleodrach stairiúil eile tríd an doras draíochta. Ach, nuair a thaistealaíonn siad go Duibhlinn na Lochlannach, tá dainséar agus priacal san aer. An éireoidh leo teacht slán ón chontúirt? Agus cad a gheobhaidh siad amach faoi fhíorshaol na Lochlannach?


Sujets

Informations

Publié par
Date de parution 22 février 2016
Nombre de lectures 0
EAN13 9781908057921
Langue Irish

Informations légales : prix de location à la page 0,0360€. Cette information est donnée uniquement à titre indicatif conformément à la législation en vigueur.

Extrait

LÁ LEIS NA LOCHLANNAIGH
Máire Zepf
Maisitheoir: Olivia Golden
Cois Life 2016
Sonraíocht CIP Leabharlann na Breataine. Tá taifead catalóige i gcomhair an leabhair seo ar fáil ó Leabharlann na Breataine.

Tá Cois Life buíoch de Chlár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus den Chomhairle Ealaíon as a gcúnamh.
An chéad chló 2016 © Máire Zepf
ISBN 978-1-907494-55-0
Clúdach agus dearadh: Alan Keogh
Maisitheoir: Olivia Golden
Clódóirí: Nicholson & Bass
Clár
Réamhrá
Caibidil 1
Caibidil 2
Caibidil 3
Caibidil 4
Caibidil 5
Caibidil 6
Caibidil 7
Caibidil 8
Caibidil 9
Caibidil 10
Nóta ón údar
Réamhrá
‘Bhuaigh mise!’ arsa Brídín, ag breith greim láimhe ar gheata an ghairdín taobh amuigh de theach Mhamó agus Dhaideo.
Bhí a haghaidh lasta ó chluas go cluas agus bhí saothar anála uirthi. Tháinig a deartháir mór, Cormac, bomaite ina diaidh, é moillithe ag an mála mór ar a dhroim; ní rachadh sé áit ar bith gan a chuid leabhar, ar ndóigh. Bhí an bheirt acu ar bís cionn is go raibh siad le stopadh thar oíche le Mamó agus Daideo arís anocht.
‘Amharc!’ arsa Cormac, ‘an doras!’
Stán an bheirt acu suas ar an doras, iad faoi gheasa. Doras corr a bhí ann, é thuas staighre. Ba chosúil gur mheancóg tógála a bhí ann, agus é gan feidhm. Nó sin mar a shíl Cormac agus Brídín go dtí an t-am deireanach a stop siad sa seanteach seo. Anois, ba é an doras sin cúis scleondair na bpáistí.
Smaoinigh siad ar an eochair mhaisithe a fuair siad sa seomra leapa, agus ar na drithlíní solais a las an seomra nuair a d’oscail siad an doras léi sé mhí ó shin. Chuimhnigh siad ar an iontas agus ar an eagla a bhain le heachtra na hoíche sin nuair a chuaigh siad tríd an doras agus ar bord an Titanic in 1912 an oíche chéanna a ndeachaigh an long mhaorga sin go tóin poill. Bhí na cuimhní cosúil le brionglóid nach féidir a chreidiúint.
Anocht, bhí siad le stopadh thar oíche arís. An mbeadh draíocht sa doras arís? An raibh eachtra ag fanacht leo? Bhí na ceisteanna ag rásaíocht trína n-intinn agus ag cur mearbhaill orthu.
‘Bhuel,’ arsa Brídín agus loinnir ina súile le sceitimíní, ‘Seo linn go bhfeicfimid!’
1
‘Sé bhur mbeatha!’ arsa Mamó go croíúil ag an doras tosaigh, ‘Nach deas sibh a fheiceáil, a pháistí! Seo anois – bígí istigh – tá toirtín úll réidh agam daoibh.’
Isteach leis na páistí sa tseanchistin. Bheannaigh Daideo dóibh óna shuíochán cois tine. Bhí an t-aer sa chistin cumhra le clóbh agus le cainéal ón bhácáil. Bhrúigh na páistí isteach in aice a chéile ar an chathaoir mhór luascáin cois teallaigh. Mhothaigh siad teas na tine ar a leicne agus iad ag amharc ar Mhamó, í gnóthach sa chistin. Deirtear nach bhfuil aon tinteán mar do thinteán féin, ach shíl Cormac agus Brídín nach raibh tinteán ar domhan chomh deas céanna leis an cheann seo. Ach bhí sé deacair rud ar bith a ithe. Fiú toirtín chomh blasta le toirtín úll Mhamó, a líon an seomra le boladh aoibhinn, bhí sé doiligh é a ithe nuair a bhí na ceisteanna agus an scleondar ag ceangal snaidhmeanna ina mbolg.
An mbeadh eachtra eile acu anocht? An dtabharfadh an doras ar ais go 1912 ar bord an Titanic arís iad? An bhfeicfidís Nóra, an cailín a shábháil siad an t-am deireanach? An dtiocfaidís slán? Bhí Cormac agus Brídín ar bís. Ach ní raibh deifir ar bith ag baint le rud ar bith sa seanteach seo. Fiú an clog ar an bhalla, ba chosúil gur thiceáil sé níos moille ná clog ar bith eile.
‘Tic … tic … tic …’
D’amharc na páistí ar shnáthaidí an chloig. Ba chosúil nach raibh siad ag bogadh.
‘’Bhfuil an clog briste?’ arsa Cormac i ndiaidh tamaill.
‘Leoga, níl, a thaisce,’ arsa Daideo, ‘níl rud ar bith cearr leis an chlog sin.’
Lig Cormac osna as.
‘Tic … tic …tic …’
Rinne Brídín méanfach mhór agus chuimil sí a súile. Bhí sí go maith ag an aisteoireacht. Shín sí amach a lámha go drámatúil.
‘’Bhfuil tuirse oraibh cheana féin, a pháistí?’ arsa Daideo.
Shíl Cormac go bhfaca sé gáire idir é féin agus Mamó.
‘Ná habair gur mhaith libh dul a luí go luath.’
‘Táimid scriosta tuirseach,’ arsa Brídín le glór traochta, ag brú méanfach eile aisti féin.
D’airigh Cormac cic ar a chos.
‘Sea’ ar seisean go gasta, ‘táimid scriosta’.
‘Maith go leor, suas a luí libh, mar sin,’ arsa Mamó go cineálta.
‘Codlaígí go sámh,’ arsa Daideo.
Rinne Brídín dearmad ar an aisteoireacht, í ag leipreach go héadrom suas an staighre. Lean Cormac í, agus a mhála trom leabhar ag déanamh ‘plimp’ ar na céimeanna adhmaid.
Bhí boladh láidir ar fud na seomraí tréigthe thuas staighre – meascán de sheanleabhair, deannach agus tobac, cé nár chaith Daideo píopa le deich mbliana anuas. Bhí sé dorcha, fuar. Ba dheacair a chreidiúint nach raibh ach staighre cúng adhmaid idir seo agus ríocht theolaí Mhamó sa chistin. Mhúch siad an solas agus las an tóirse, le nach mbeadh a fhios ag na seantuismitheoirí thíos staighre go raibh siad fós ina ndúiseacht. Léim scáileanna móra amach orthu, iad ag damhsa go fiáin ar fud an tseomra.
Sheas Cormac ag an leabhragán agus roic ar a chlár éadain.
‘Cad é atá cearr leatsa?’ arsa Brídín le hosna. ‘Ná habair go bhfuil eagla ort anois?’
‘A Bhrídín, an bhfuil a fhios agat, anois is mé anseo arís, níl mé cinnte. ‘Bhfuil dearmad glan déanta agat air? An t-uisce fuar dorcha ag líonadh na ndorchlaí agus muid ag lorg ár mbealach ar ais? Shíl mé go rabhamar ag dul go tóin poill. Agus b’fhéidir nach mbeidh an t-ádh céanna orainn an t-am seo!’
D’iompaigh súile Bhrídín ina ceann go cráite. Sciob sí an tóirse as a lámh agus thosaigh ag cuardach na heochrach. Ar crochadh ar an chrúca a bhí sí, an áit ar fhág siad ar ais an t-am deireanach í. D’amharc Brídín ar na maisiúcháin fholaithe ar an eochair agus las a súile le sceitimíní.
‘Tá sí níos áille fiú ná mar a chuimhnigh mé,’ ar sise.
D’fhág sí Cormac faoi néal amhrais agus rith sí fad leis an doras draíochta.
‘Fan, fan!’ arsa Cormac, ‘má táimid ag dul, is níl mé ag rá go bhfuil, ba chóir dúinn smaoineamh ar na rudaí a bheas de dhíth orainn. Bheith ullamh, an dtuigeann tú?’
‘Ar nós?’ arsa Brídín go mífhoighneach.
‘Ar nós éadaí teolaí, smailc le hithe agus tóirse,’ arsa Cormac go céillí.
Bhris gáire ar aghaidh Bhrídín.
‘Beidh tú liom, mar sin? Beidh tú!’ arsa Brídín.
‘Tá an chuma sin air, nach bhfuil?’ arsa Cormac go gruama.
Chuir siad a gcótaí orthu. Isteach ina phóca, chuir Cormac roinnt bonn airgid.
‘Seo chugat tóirse, a Bhrídín’ ar seisean.
‘Tá barra seacláide agamsa fosta!’ arsa Brídín go sona, ‘ar eagla na heagla!’
Anonn chuig an doras leo, le chéile an t-am seo. Lig Brídín uirthi nach raibh imní dá laghad uirthi, ach chonaic Cormac an crith ina lámh agus í ag casadh na heochrach sa ghlas.
Is ansin a tharla sé, díreach mar a tharla an t-am deireanach. Thosaigh solas ag glinniúint sa seomra agus é ag lonrú trí na bearnaí thart ar an doras rúnda. Shílfeá go raibh an ghrian ag taitneamh go geal amuigh. De réir a chéile, d’éirigh sé ní ba ghile, go dtí go raibh an doras ar lasadh, beo le draíocht. Bhí an murlán geal le splancacha bídeacha solais. Shín Brídín amach a lámh chun na spréacha a mhothú ar a craiceann. D’amharc siad ar a chéile, ghlac greim docht láimhe agus d’oscail an doras de ghliog.

  • Univers Univers
  • Ebooks Ebooks
  • Livres audio Livres audio
  • Presse Presse
  • Podcasts Podcasts
  • BD BD
  • Documents Documents