Séanna
59 pages
Irish

Vous pourrez modifier la taille du texte de cet ouvrage

Découvre YouScribe en t'inscrivant gratuitement

Je m'inscris

Découvre YouScribe en t'inscrivant gratuitement

Je m'inscris
Obtenez un accès à la bibliothèque pour le consulter en ligne
En savoir plus
59 pages
Irish

Vous pourrez modifier la taille du texte de cet ouvrage

Obtenez un accès à la bibliothèque pour le consulter en ligne
En savoir plus

Description

A novel in the Irish language (there is no English language translation in the text) suitable for confident readers from 12+ and adult learners of Irish. This is a new abridged edition of Peadar Ó Laoghaire’s classic Faustian tale. Séanna is a hapless country cobbler who makes a pact with the devil. All the devil’s money cannot buy him peace of mind. He has thirteen years before the devil comes to take him away. But Séanna has a helpline which takes the devil by surprise. Beautifully illustrated in full colour by Olivia Golden. / Gréasaí tuaithe é Séanna a dhéanann margadh leis an bhFear Dubh. Ní cheannóidh a bhfuil d’airgead ón bhFear Dubh aige suaimhneas aigne dó. Tá trí bliana déag aige sula dtagann an Fear Dubh ar ais chun Séanna a thabhairt leis. Ach tá cúnamh ag Séanna nach bhfuil an Fear Dubh ag coinne leis.Clasaic chanónda na Gaeilge í seo, leagan ar leith de sheanscéal idirnáisiúnta Faust, le casadh agus críoch gan choinne air. Mórshaothar tosaigh próis na hAthbheochana é, buanchompánach na nglúnta foghlaimeoirí agus eiseamláir stíle agus friotail ar dheacair é a shárú inniu féin.


Sujets

Informations

Publié par
Date de parution 22 février 2016
Nombre de lectures 0
EAN13 9781908057945
Langue Irish

Informations légales : prix de location à la page 0,0540€. Cette information est donnée uniquement à titre indicatif conformément à la législation en vigueur.

Extrait

Séanna

Cois Life 2016
Sonraíocht CIP Leabharlann na Breataine. Tá taifead catalóige i gcomhair an leabhair seo ar fáil ó Leabharlann na Breataine.

Tá Cois Life buíoch de Chlár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus den Chomhairle Ealaíon as a gcúnamh.
Tá an t-eagrán seo bunaithe ar Séadna , an tAthair Peadar Ó Laoghaire, Brún agus Ó Nualláin, 1904.
An t-eagrán seo 2016 © Caoilfhionn Nic Pháidín
ISBN 978-1-907494-64-2
Clúdach agus dearadh: Alan Keogh
Maisitheoir: Olivia Golden
Clódóirí: Nicholson & Bass
Clár
Caibidil 1
Caibidil 2
Caibidil 3
Caibidil 4
Caibidil 5
Caibidil 6
Caibidil 7
Caibidil 8
Caibidil 9
Caibidil 10
Caibidil 11
Caibidil 12
Caibidil 13
Caibidil 14
Caibidil 15
Caibidil 16
Caibidil 17
Nóta ón eagarthóir
1
Bhí fear ann fadó agus is é ainm a bhí air ná Séanna. Gréasaí ab ea é. Bhí tigh beag deas cluthar aige ag bun cnoic, ar thaobh na fothana. Bhí cathaoir shúgáin aige a dhein sé féin dó féin, agus ba ghnáth leis suí inti um thráthnóna, nuair a bhíodh obair an lae críochnaithe, agus nuair a shuíodh sé inti bhíodh sé ar a shástacht. Bhí mealbhóg mine aige ar crochadh in aice na tine, agus anois agus arís chuireadh sé a lámh inti agus thógadh sé lán a dhoirn den mhin, agus bhíodh sé á cogaint ar a shuaimhneas. Bhí crann úll ag fás ar an dtaobh amuigh de dhoras aige, agus nuair a bhíodh tart air ó bheith ag cogaint na mine, chuireadh sé lámh sa chrann sin agus thógadh sé ceann de na húlla, agus d’itheadh sé é.

Lá dá raibh sé ag déanamh bróg, thug sé faoi ndeara nach raibh a thuilleadh leathair aige, ná a thuilleadh snáithe, ná a thuilleadh céarach. Bhí an taoibhín déanach suas agus an greim déanach curtha, agus níorbh fholáir dó dul agus ábhar a sholáthar sara bhféadfadh sé a thuilleadh bróg a dhéanamh. Ghluais sé ar maidin, agus bhí trí scillinge ina phóca, agus ní raibh sé ach míle ón dtigh nuair a bhuail duine bocht uime, ag iarraidh déirce.
‘Tabhair dhom déirc ar son an tSlánaitheora agus le hanamacha do mharbh, agus thar cheann do shláinte,’ arsa an duine bocht.
Thug Séanna scilling dó, agus ansin ní raibh aige ach dhá scilling. Dúirt sé leis féin go mb’fhéidir go ndéanfadh an dá scilling a ghnó. Ní raibh sé ach míle eile ó bhaile nuair a bhuail bean bhocht uime agus í cosnochtaithe.
‘Tabhair dhom cúnamh éigin,’ ar sise, ‘ar son an tSlánaitheora, agus le hanamacha do mharbh, agus thar cheann do shláinte.’
Ghlac trua dhi é, agus thug sé scilling di, agus d’imigh sí. Bhí aon scilling amháin ansin aige, ach chomáin sé leis, ag brath air go mbuailfeadh seans éigin uime a chuirfeadh ar a chumas a ghnó a dhéanamh. Níorbh fhada gur casadh air leanbh agus é ag gol le fuacht agus le hocras.

‘Ar son an tSlánaitheora,’ arsa an leanbh, ‘tabhair dhom rud éigin le n-ithe.’
Bhí tigh ósta i ngar dóibh, agus chuaigh Séanna isteach ann, agus cheannaigh sé bríc aráin agus thug sé chun an linbh é. Nuair a fuair an leanbh an t-arán d’athraigh a dheilbh. D’fhás sé suas in airde, agus las solas iontach ina shúile agus ina cheannaithe, i dtreo gur tháinig scanradh ar Shéanna. Chomh luath agus d’fhéad sé labhairt, dúirt sé:
‘Cad é an saghas duine thusa?’
Agus is é freagra a fuair sé:
‘A Shéanna, tá Dia buíoch díot, aingeal is ea mise. Is mé an tríú haingeal gur thugais déirc dó inniu ar son an tSlánaitheora. Agus anois tá trí ghuí agat le fáil ó Dhia na glóire. Iarr ar Dhia aon trí ghuí is toil leat, agus gheobhair iad. Ach tá aon chomhairle amháin agamsa le tabhairt duit. Ná dearmad an trócaire.’
‘Agus an ndeirir liom go bhfaighead mo ghuí?’ arsa Séanna.
‘Deirim, gan amhras,’ arsa an t-aingeal.
‘Tá go maith,’ arsa Séanna. ‘Tá cathaoir bheag dheas shúgáin agam sa bhaile, agus an uile dhailtín a thagann isteach, ní foláir leis suí inti. An chéad duine eile a shuífidh inti, ach mé féin, go gceangla sé inti!’

‘Faire, faire, a Shéanna,’ arsa an t-aingeal, ‘sin guí breá imithe gan tairbhe. Tá dhá cheann eile agat, agus ná dearmad an trócaire.’
‘Tá,’ arsa Séanna, ‘mealbhóigín mine agam sa bhaile, agus an uile dhailtín a thagann isteach, ní foláir leis a dhorn a shá inti. An chéad duine eile a chuirfidh lámh sa mhealbhóg sin, ach mé féin, go gceangla sé inti, féach!’

‘Ó, a Shéanna, a Shéanna, níl fasc agat,’ arsa an t-aingeal. ‘Níl agat anois ach aon ghuí amháin eile. Iarr trócaire Dé do d’anam.’

‘Ó, is fíor dhuit,’ arsa Séanna, ‘ba dhóbair dom é a dhearmad. Tá crann beag úll agam i leataobh mo dhorais, agus an uile dhailtín a thagann an treo, ní foláir leis a lámh a chur in airde agus úll a stoitheadh agus a bhreith leis. An chéad duine eile, ach mé féin, a chuirfidh lámh sa chrann sin, go gceangla sé ann! Ó, a dhaoine,’ ar seisean, ag scairteadh ar gháirí, ‘nach agam a bheidh an spórt orthu!’
Nuair a tháinig sé as na trithí, d’fhéach sé suas agus bhí an t-aingeal imithe. Dhein sé a mhachnamh air féin ar feadh tamaill mhaith. Faoi dheireadh thiar thall, dúirt sé leis féin: ‘Féach anois, níl aon amadán in Éirinn is mó ná mé! Dá mbeadh triúr ceangailte agam um an dtaca seo, duine sa chathaoir, duine sa mhealbhóg, agus duine sa chrann, cad é an mhaith a dhéanfadh sin domsa agus mé i bhfad ó bhaile, gan bhia, gan deoch, gan airgead?’
Ní túisce a bhí an méid sin cainte ráite aige ná a thug sé faoi ndeara os a chomhair amach, san áit ina raibh an t-aingeal, fear fada caol dubh, agus é ag glinniúint air, agus tine chreasa ag teacht as a dhá shúil ina spréacha nimhe. Bhí dhá adharc air mar a bheadh ar phocán gabhair; agus meigeall fada liathghorm garbh air, eireaball mar a bheadh ar mhada rua, agus crúb ar chos leis mar chrúb thairbh. Leath a bhéal agus a dhá shúil ar Shéanna, agus stad a chaint. I gceann tamaill labhair an Fear Dubh.

‘A Shéanna,’ ar seisean, ‘ní gá dhuit aon eagla a bheith ort romhamsa. Nílim ar tí do dhíobhála. Ba mhian liom tairbhe éigin a dhéanamh duit, dá nglacfá mo chomhairle. Chuala thú, anois beag, á rá go rabhais gan bhia, gan deoch, gan airgead. Thabharfainnse airgead do dhóthain duit ar aon choinníoll beag amháin.’
‘Agus greadadh trí lár do scairt,’ arsa Séanna, agus tháinig a chaint dó, ‘nach bhféadfá an méid sin a rá gan duine a mhilleadh le do chuid glinniúna, pé hé thú féin?’
‘Is cuma dhuit cé hé mé, ach bhéarfad an oiread airgid duit anois agus a cheannóidh an oiread leathair agus a choimeádfaidh ag obair thú go ceann trí bliana déag, ar an gcoinníoll seo – go dtiocfair liom an uair sin.’
‘Agus má réitím leat, cá raghaimid an uair sin?’
‘Cá beag duit an cheist sin a chur nuair a bheidh an leathar ídithe agus a bheimid ag gluaiseacht?’

‘Táir géarchúiseach. Bíodh agat. Feiceam an t-airgead.’
‘Táirse géarchúiseach. Féach!’ Chuir an Fear Dubh a lámh ina phóca agus tharraing sé amach sparán mór, agus as an sparán lig sé amach ar a bhos carn beag d’ór breá buí.
‘Féach,’ ar seisean, agus shín sé a lámh agus chuir sé an carn de phíosaí gleoite gléineacha suas faoi shúile Shéanna bhoicht. Shín Séanna a dhá lámh, agus leath a dhá ladhar chun an óir.
‘Go réidh,’ arsa an Fear Dubh, ag tarrang an óir chuige isteach. ‘Níl an margadh déanta fós.’
‘Bíodh ina mhargadh,’ arsa Séanna.
‘Gan teip?’ arsa an Fear Dubh.
‘Gan teip,’ arsa Séanna.
‘Dar bhrí na mionn?’ arsa an Fear Dubh.
‘Dar bhrí na mionn,’ arsa Séanna.
2
Chomh luath agus a dúirt Séanna an focal, ‘dar bhrí na mionn’, tháinig athrú gné ar an bhFear Dubh. Nocht sé a fhiacla thíos agus thuas, agus is iad a bhí go dlúite ar a chéile. Tháinig sórt crónáin as a bhéal, agus theip ar Shéanna a dhéanamh amach cé acu ag gáirí a bhí sé nó ag drantú. Ach nuair a d’fhéach sé suas idir an dá shúil air, ba dhóbair go dtiocfadh an scanradh céanna air a tháinig air i dtosach. Thuig sé go maith nach ag gáirí a bhí an díolúnach. Ní fhaca sé riamh roimhe sin aon dá shúil ba mheasa ná iad, aon fhéachaint ba mhallaithe ná an fhéachaint a bhí acu, aon chlár éadain chomh dúr, chomh drochaigeanta leis an gclár éadain a bhí os a gcionn. Níor labhair sé, agus dhein sé a dhícheall gan a ligint air gur thug sé faoi ndeara an drantú.
Lena linn sin lig an Fear Dubh an t-ór amach arís ar a bhos agus chomhairimh.
‘Seo,’ ar seisean. ‘A Shéanna, sin céad punt agat ar an gcéad scilling a thugais uait inniu. An bhfuilir díolta?’
‘Is mór an bhreis í,’ arsa Séanna. ‘Ba chóir go bhfuilim.’
‘Cóir nó éagóir,’ arsa an Fear Dubh, ‘an bhfuilir díolta?’ Agus ghéaraigh agus bhrostaigh ar an ndrantú.
‘Ó, táim díolta, táim díolta,’ arsa Séanna, ‘go raibh maith agatsa.’
‘Seo, más ea,’ ar seisean. ‘Sin céad eile agat ar an dtarna scilling a thugais uait inniu.’
‘Sin í an scilling a thugas don bhean a bhí cosnochtaithe.’

‘Sin í an scilling a thugais don bhean uasal chéanna.’
‘Má ba bhean uasal í, cad a bheir cosnochtaithe í? Agus cad a bheir di mo scilling a bhreith uaimse, agus gan agam ach scilling eile ina diaidh?’
‘Má ba bhean uasal í! Dá mbeadh a fhios agat! Sin í an bhean uasal a mhill mise!’
Le linn na bhfocal sin a rá dhó, tháinig crith chos agus lámh air. Stad an drantán. Luigh a cheann siar ar a mhuineál. D’fhéach sé suas sa spéir. Tháinig dreach báis air agus cló coirp ar a cheannaithe.

Nuair a chonaic Séanna an iompáil lí sin, tháinig ionadh a chroí air.
‘Ní foláir,’ ar seisean, go neafaiseach, ‘nó ní hé seo an chéad uair agat ag aireachtaint teacht thairsti siúd.’
Léim an Fear Dubh. Bhuail sé buille dá chrúb sa talamh, i dtreo gur chrith an fód a bhí faoi chos Shéanna.
‘Ciorrú ort,’ ar seisean. ‘Éist do bhéal nó bascfar thú!’
‘Gabhaim pardún agat, a dhuine uasail,’ arsa Séanna go modhúil, ‘cheapas go mb’fhéidir gur braon beag a bhí ólta agat, tráth is gur thugais céad punt mar mhalairt ar scilling dom.’
‘Thabharfainn, agus seacht gcéad, dá dtiocfadh liom baint ón dtairbhe a dhein an scilling chéanna; ach nuair a thugais uait í ar son an tSlánaitheora ní féidir a tairbhe a loit choíche.’
‘Agus,’ arsa Séanna, ‘cad is gá an mhaith a loit? Nach bhfuil sé chomh maith agat tairbhe na scillinge úd a fhágáil mar atá sé?’
‘Tá an iomad cainte agat, an iomad ar fad. Dúrt leat do bhéal a é

  • Univers Univers
  • Ebooks Ebooks
  • Livres audio Livres audio
  • Presse Presse
  • Podcasts Podcasts
  • BD BD
  • Documents Documents