Carraig agus Cathair
75 pages
Irish

Vous pourrez modifier la taille du texte de cet ouvrage

Découvre YouScribe en t'inscrivant gratuitement

Je m'inscris

Carraig agus Cathair , livre ebook

-

Découvre YouScribe en t'inscrivant gratuitement

Je m'inscris
Obtenez un accès à la bibliothèque pour le consulter en ligne
En savoir plus
75 pages
Irish

Vous pourrez modifier la taille du texte de cet ouvrage

Obtenez un accès à la bibliothèque pour le consulter en ligne
En savoir plus

Description

NOTE: Please note that this book is in not in the English language; it is an Irish-language work only. Sociological theories are used here in this work of literary criticsim which explores Aran and Dublin in the works of Máirtín Ó Direáin. According to Ní Riain, it is the unique modernity of the poet''s voice that gives Ó Direáin his individualism in settling into city life. Therefore the book is an exploration of Ó Direáin’s self-creation as a poet and of the poetic language developed by him.


Informations

Publié par
Date de parution 01 octobre 2002
Nombre de lectures 0
EAN13 9781908057488
Langue Irish

Informations légales : prix de location à la page 0,0480€. Cette information est donnée uniquement à titre indicatif conformément à la législation en vigueur.

Extrait

CARRAIG AGUS CATHAIR:

Ó DIREÁIN
Isobel Ní Riain
COIS LIFE BAILE ÁTHA CLIATH
An chéad chló 2002 © Isobel Ní Riain 2002 Foilsithe ag Cois Life Teoranta
ISBN 1 901176 31 2
Gach ceart ar cosaint. Ní ceadmhach aon chuid den fhoilseachán seo a atáirgeadh, a chur i gcomhad athfhála ná a tharchur ar aon mhodh ná slí, bíodh sin leictreonach, meicniúil, bunaithe ar fhótachóipeáil, ar thaifeadadh nó eile gan cead a fháil roimh ré ón bhfoilsitheoir.

Tá Cois Life buíoch de Bhord na Leabhar Gaeilge agus den Chomhairle Ealaíon as a gcúnamh
Clúdach: Eoin Stephens
Grianghraf an chlúdaigh: masc báis den Direánach le Yann Goulet Grianghraf le Des Gaffney
Sampla de lámhscríbhneoireacht an Direánaigh atá ar leathanach 138
Clóbhualadh: Criterion Press, Baile Átha Cliath
An Clár
Réamhrá
1. An Bonn Teoiriciúil
2. An Gemeinschaft Liteartha agus an Gesellschaft Liteartha
3. An tOileán mar Áit agus mar Inspioráid Filíochta
4. An Indibhidiúlacht agus Scríobh na Filíochta
5. ‘I’ Mór an Fhile
Liosta Leabhar agus Foilseachán
Leabhair agus Ailt lis an Direánach
Liosta Dánta
Buíochas
Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Dr. Pádraigín Riggs agus leis an Ollamh Seán Ó Coileáin as an gcabhair agus an spreagadh a thugadar araon dom ó chéadthosaigh mé ar an staidéar seo. Táim buíoch chomh maith de Roinn na Gaeilge, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Chuir muintir Árann fáilte romham nuair a chuaigh mé ann ag bailiú eolais don tráchtas ar a bhfuil an saothar seo bunaithe. Gabhaim buíochas ó chroí le Nóra Bn. Uí Mhuineacháin, an múinteoir Gaeilge a bhí agam ar scoil. Gan amhras tá buíochas ag dul do mo mhuintir féin agus don fhoireann in Digilog a réitigh go leor fadhbanna teicniúla dom. Tá buíochas leis ag dul don Dr. Éamon Lankford a chabhraigh liom i mbliana agus an saothar seo á réiteach don chló. Léigh Antain Mag Shamhráin dréacht den saothar seo agus chuir sé comhairle orm ina thaobh. Táim go mór faoi chomaoin ag an Dr. Caoil-fhionn Nic Pháidín agus ag an Dr. Seán Ó Cearnaigh as an saothar seo a fhoilsiú.
Táim thar a bheith buíoch de Stiofán Ó hAnnracháin mar is le caoinchead ón gClóchomhar a thugtar sleachta as saothar an Direánaigh anseo.
Réamhrá
Rugadh Máirtín Ó Direáin sa tSruthán, ar Inis Mór Árann, sa bhliain 1910. Nuair a d’fhág sé an t-oileán agus é in aois a ocht mbliana déag, ní siar a thug sé a aghaidh faoi mar a dhein mórán de mhuintir Árann roimhe, ach soir, ar chathair na Gaillimhe ar dtús agus naoi mbliana ina dhiaidh sin, ar chathair Bhaile Átha Cliath mar ar chaith sé an chuid eile dá shaol. Cailleadh é sa bhliain 1988.
D’fhéadfaí a rá gur bhain an Direánach leis an gcéad ghlúin ó aimsir an drochshaoil a raibh oideachas le fáil acu faoin gcóras náisiúnta agus a raibh féachaint suas i ndán dóibh in Éirinn – go háirithe dóibh siúd a bhí ina nGaeilgeoirí – i bpostanna sa státseirbhís, sna Gardaí nó sa mhúinteoireacht.
Bhain sé le glúin a raibh a dtuismitheoirí ina gcainteoirí dúchais Gaeilge ar bheagán Béarla, a lonnaigh i mbailte móra agus i gcathracha na tíre seo i dtríochaidí agus i ndaichidí na haoise seo caite, leithéidí Mháirtín Uí Chadhain agus mhuintir Chéileachair, Donncha agus Síle, mar shampla. Ní hamháin gur aistrigh Máirtín Ó Direáin ó shaol na tuaithe go dtí saol na cathrach agus ó shaol na Gaeilge go dtí saol an Bhéarla nuair a lonnaigh sé sa Ghaillimh agus, ina dhiaidh sin, i mBaile Átha Cliath, áfach; d’aistrigh sé ó shaol an oileáin go dtí saol na mórthíre chomh maith, agus ú más cuid d’aon tír amháin Oileáin Árann agus Baile Átha Cliath, ba mhór idir oileán na hÉireann ag an am sin agus an t-oileán ar ar rugadh an Direánach. Is é an t-aistriú agus an díphréamhú (an stoiteachas mar a déarfadh sé féin) a bhraith sé mar thoradh ar an aistriú ón oileán beag go dtí an t-oileán mór an téama is mó a bhí aige ina chuid líochta.
Is iad na difríochtaí idir an cineál saoil a bhí in Árainn le linn óige an fhile agus an cineál saoil a bhí i mBaile Átha Cliath san am gur chuir sé faoi sa chathair sin a bheidh faoi chaibidil agam anseo agus pléifear na difríochtaí sin i gcomhthéacs theoiricí na socheolaithe Ferdinand Tönnies agus Émile Durkheim.
Deineann Tönnies idirdhealú idir an Gemeinschaft, saol an phobail bhig tuaithe ina mbíonn an bhéim ar leas an chine seachas ar leas an duine aonair, agus an Gesellschaft , saol an phobail mhóir i dtimpeallacht na cathrach, mar a mbíonn leas an duine aonair níos tábhachtaí ná leas an phobail i gcoitinne.
Deineann Durkheim idirdhealú idir an rud ar a dtugann sé an tsochaí mheicniúil agus an rud ar a dtugann sé an tsochaí orgánach agus cé nach mar a chéile ar fad Gemeinschaft agus Gesellschaft Tönnies agus sochaí mheicniúil agus sochaí orgánach Durkheim, freagraíonn siad a bheag nó a mhór dá chéile.
Is féidir a rá go bhfuil an t-idirdhealú a dheintear sa dá theoiric sin ag teacht leis an idirdhealú idir saol Árann agus saol Bhaile Átha Cliath aimsir Uí Dhireáin. San idéalú a dheineann sé ar shaol an oileáin, áfach, i gcodarsnacht leis an gcáineadh a dheineann sé ar shaol na cathrach ina chuidlíochta, dob fhéidir a rá go gcruthaíonn Ó Direáin dhá dhomhan ar leith gur geall le Gemeinschaft agus Gesellschaft iad. Go deimhin, an t-oileán a dtagann cruth air de réir a chéile i bhlíocht Uí Dhireáin, is oileán teibí é a sholáthraíonn tearmann don fhile ón naimhdeas, ón bhfuarchúis agus ón meatacht a shamhlaíonn sé leis an Éirinn atá tagtha chun cinn ó Chogadh na Saoirse i leith. Chun a leithéid d’oileán teibí a chruthú, áfach, níor mhór don fhile bheith imithe ón oileán siciúil mar dob ionann an t-oileán sin a chruthú agus a admháil nárbh ann don oileán sin ach i bhfocail, san fhilíocht, amháin. Mar fhile agus ní mar oileánach, mar sin, a labhraíonn an té a chum na línte seo:
Ar charraig, a Easpaig Chluana, A tógadh mise i mo ghasúr Is bhí na clocha glasa Is na creaga loma fúm is tharam, Ach b’fhada uathu a mhair tusa A Easpaig is a fhealsaimh.

Ach ó thosaigh na clocha glasa Ag dul i gcruth brionglóide i m’aigne Níl a fhios agam a Easpaig chóir Nach tú féin a chuaigh ar an domhain Is nach iad na móir a d’fhan le cladach.
(Ó Direáin 1980: 121)
Is é an turas a thug Máirtín Ó Direáin agus a rinne le den oileánach ‘ábhar is fáth’ an tsaothair seo.
Nóta
Is don chnuasach Máirtín Ó Direáin: Dánta 1939-79 , a chuir Eoghan Ó hAnluain in eagar sa bhliain 1980, is mó a dheintear tagairt anseo le caoinchead an Chlóchomhair. Don bhliain a foilsíodh dán den chéad uair in iris nó i leabhrán a thagraíonn an dáta idir lúibíní i ndiaidh dánta ar leith sa saothar seo. Cuireann “r.“ agus “l.“ rann agus líne in iúl faoi seach, i gcás gur mheas mé gurbh áis do léitheoir iad.
1. An Bonn Teoiriciúil
An Gemeinschaft agus an Gesellschaft
Sa bhliain 1887 d'fhoilsigh Ferdinand Tönnies saothar dar teideal Gemeinschaft und Gesellschaft . Sa leabhar sin dhein sé mionphlé ar dhá shaghas pobail. Sa Bhéarla tugtar community agus society ar an dá choincheap sin.
Is pobal beag an Gemeinschaft – an baile beag faoin tuath, mar shampla, nó an village mar a thugtar air sa Bhéarla. Sa phobal seo maireann daoine a bhfuil gaol fola eatarthu lena chéile. Go bunúsach is féidir a rá gurb é saol an chine, family life Tönnies, cnámh droma an Gemeinschaft . Bíodh go mbíonn gaol fola idir na daoine seo, ámh, is é an caidreamh atá acu go léir leis an talamh, agus le saothrú an talaimh sin, an rud is mó a nascann na daoine le chéile. Oibríonn siad lena chéile agus cabhraíonn siad lena chéile ar gach leibhéal. Sa village seo bíonn seilbh chomhchoiteann ag muintir an bhaile ar an talamh. Tagann siad le chéile chun cúrsaí feirmeoireachta a phlé agus chun fadhbanna a réiteach. Níl aon difríocht ó thaobh aicme sóisialta de idir na daoine seo (Tönnies 1963: 257). Níl aon tábhacht le hindibhidiúlacht sa phobal seo. Níl aon tábhacht ag baint le haon duine ar leith sa phobal seo ach an tábhacht a bhaineann leis mar bhall den phobal iomlán. Tá an reiligiún an-tábhachtach sa chomhthéacs seo. Is é is brí le reiligiún ná na gnása a ghabhann le cleachtadh an chreidimh. Tugann sé seasamh do thuiscintí agus do ghníomhartha áirithe agus séanann sé tuiscintí agus gníomhartha eile. Bíonn nithe áirithe go maith iontu féin dá réir sin agus bíonn nithe eile go holc iontu féin ( ibid. 219).
Is é an sampla is fearr den Gesellschaft ná an chathair ina mbíonn an córas caipitlíoch i réim. Sa chathair bíonn a lán daoine ag maireachtáil go dlúth lena chéile ach ní hionann sin is a rá gurb é caidreamh an Gemeinschaft ( pobal beag) an caidreamh a bhíonn acu lena chéile. Cé go mbíonn na daoine seo ag maireachtáil cóngarach dá chéile, ní hionann é sin is a rá go mbíonn siad mór lena chéile. Cé go mbíonn siad ag obair i dteannta a chéile ní hé comhoibriú nó mutual aid an Gemeinschaft é mar ní ar mhaithe lena chéile ná ar mhaithe leis an bpobal mar iomlán a bhíonn na daoine seo ag obair ach ar mhaithe leis an airgead a gheobhaidh siad mar dhíolaíocht ar an obair sin. Sa Gesellschaft (sochaí) bíonn gach duine ina aonar ag faire amach dó féin amháin. Bíonn an príobháideachas an-tábhachtach ag baill an Gesellschaft agus bíonn amhras ag daoine ar a chéile ( ibid. 64-65).
Níl an tábhacht chéanna leis an teaghlach sa Gesellschaft agus atá sa Gemeinschaft . Sa Gesellschaft ní bhíonn mórán daoine sásta a saol a chaitheamh i ngiorracht dá dtithe féin mar bíonn a lán rudaí éagsúla á mealladh ón teach. Bíonn daoine á mealladh ag cúrsaí gnó agus oibre, ag an gcaitheamh aimsire agus ag na pléisiúir eile a bhíonn ar fáil dóibh lasmuigh den teaghlach. Bíonn an líon tí á scarúint óna chéile de bharr na nithe éagsúla seo. Nuair a scarann siad leis an teaghlach bíonn saoirse acu a rogha rud a dhéanamh. Cabhraíonn an tsaoirse seo chun an t-indibhidiúlachas a thabhairt chun cinn sa Gesellschaft .
Ní hé an reiligiún foirmiúil, ná ní hé an creideamh traidisiúnta, a rialaíonn daoine sa Gesellschaft ach meon an phobail, public opinion . 1 Anois ní bhíonn gníomhartha maith ná olc iontu féin ach fós ní cheadaítear gníomhartha áirithe toisc go g

  • Univers Univers
  • Ebooks Ebooks
  • Livres audio Livres audio
  • Presse Presse
  • Podcasts Podcasts
  • BD BD
  • Documents Documents