Gonta
90 pages
Irish

Vous pourrez modifier la taille du texte de cet ouvrage

Découvre YouScribe en t'inscrivant gratuitement

Je m'inscris

Gonta , livre ebook

-

Découvre YouScribe en t'inscrivant gratuitement

Je m'inscris
Obtenez un accès à la bibliothèque pour le consulter en ligne
En savoir plus
90 pages
Irish

Vous pourrez modifier la taille du texte de cet ouvrage

Obtenez un accès à la bibliothèque pour le consulter en ligne
En savoir plus

Description

Gonta croí, gonta anama, gonta coirp. Gonta a spreagann gníomhartha díoltais – agus dóchais. Seo cnuasach gearrscéalta faoi ghonta mhuintir Bahia.

''Gonta'' - Wounds. Wounds of the heart, the soul, the body. Wounds that cause act of revenge - and hope. This collection of short stories speaks of the wounds of the people of Bahia.

Short stories set in Salvador, the main city of Bahia in Brazil, written in the Irish language by the Dutch writer Alex Hijmans.


Sujets

Informations

Publié par
Date de parution 01 septembre 2012
Nombre de lectures 0
EAN13 9781908057587
Langue Irish

Informations légales : prix de location à la page 0,0480€. Cette information est donnée uniquement à titre indicatif conformément à la législation en vigueur.

Extrait

Alex Hijmans
Cois Life Baile Átha Cliath 2012
Leis an údar céanna:
Favela (neamhfhicsean, 2009)
Aiséirí (úrscéal, 2011)
Sonraíocht CIP Leabharlann na Breataine. Tá taifead catalóige i gcomhair an leabhair seo ar fáil ó Leabharlann na Breataine.

Tá Cois Life buíoch de Chlár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus den Chomhairle Ealaíon as a gcúnamh.
An chéad chló 2012 © Alex Hijmans
ISBN 978-1-907494-29-1
Clúdach agus dearadh: Alan Keogh
Clódóirí: Brunswick Press
www.coislife.ie
Speak to me
The language of love
The language of violence
The language of the heart
PJ Harvey
Clár
Buzú
Malandro
Pimenta
Deich nóta ghorma
An ofráil ar an gcosán
Dréimire na cumhachta
Ba ghlas iad na cnoic i bhfad ó shin
Fodar gunna mhóir
Faoin gcrann pequi
Fanann a ndeirtear sa jíp sa jíp
An phearóid agus an foghlaí mara
Is maol gualainn gan brother
Fallaing an ghrá
Buzú
Tá an Barra 1307 ag sciurdadh síos cnoc Cabula i dtreo an timpealláin. Tá mo chosa nochta ar an tuairteoir agam agus tá greim lámh agam ar fhráma na fuinneoige is faide siar, agus í ar oscailt. Tá Geraldo ag déanamh a bhealaigh isteach ceann de na fuinneoga ar an taobh eile den bhuzú. ‘Isteach leat!’ a scairteann sé orm.
Éiríonn na paisinéirí sa chúl dá gcuid suíochán, scaoll orthu, iad ag deifriú chun tosaigh, thar an cobrador . Agus a dhá uillinn ar chlaibín dúnta chófra an airgid aige, ligeann seisean air féin nach bhfuil rud ar bith ag tarlú. Tosaíonn sé ag útamáil lena fhón póca. Tá an boc seo feicthe roimhe seo agam. Níl ach cúpla bliain idir é agus an pinsean. Níl trioblóid uaidh. Ach an tiománaí…
Tá Geraldo istigh. Tá sé ag déanamh ar m’fhuinneogsa chun mé a tharraingt isteach, ach díreach ag an bpointe sin téann an tiománaí timpeall an timpealláin gan moilliú. Claonann an buzú i leataobh, i mo threo-sa. Mé a chreathadh de, sin é an plean atá aige. Baintear tuisle as Geraldo idir na suíocháin, ach coinnímse mo ghreim.
Táimid ar bhóthar ceithre lána anois. Géaraíonn an tiománaí ar a luas. Tugann sé an buzú chuig imeall an bhealaigh ar fad. Tá a fhios agam céard atá ar bun aige. Tá cuaillí coincréite na soilse sráide anghar don bhóthar anseo – tá sé ag iarraidh tiomáint chomh gar sin dóibh go leagfaidh ceann acu den bhuzú mé. Beidh cuma thimpiste air.
Faltanas pearsanta é seo, tá a fhios agam go maith gurb ea. Téann an tiománaí seo, cráifeachán evangélico a bhfuil dath a chraicinn chomh héadrom sin go bhfuil sé beagnach geal, as a chranna cumhachta nuair a théimid ag surfáil ar a bhuzú-san. Tá gar do thrí mhíle buzú sa chathair seo agus is linne iad uilig, ach má bhíonn an deis againn piocaimid Barra 1307 s’aigesean – is furasta é a aithint leis an gcrois ollmhór áiféiseach sin atá greamaithe den ghaothscáth aige.
Mothaím ceann de na cuaillí solais ag sciorradh tharam, gan ach orlach idir í agus cúl mo chinn. Bogaim siar, chuig tóin an bhuzú. Tríd an bhfuinneog chúil feicim Geraldo ag éalú amach an fhuinneog ar thaobh na láimhe clé. Úsáideann sé an barra cothrománach sa lár mar a bheadh céim ann agus suas ar an díon leis.
Ag stad gnóthach ar bhóthar Bonocô téimse suas freisin. Tugann Geraldo cúnamh dom. Nuair a thosaíonn an buzú ag gluaiseacht arís déanaimid ár mbealach chun tosaigh, ar na ceithre boinn, go dtí go bhfuilimid díreach os cionn an tiománaí. Ansin, buailimid ár ndorna ar an díon agus tugann íde na muc is na madraí dó. Tá mé cinnte go gcloiseann sé gach rud tríd an bhfuinneog oscailte. Caithfidh tú a thaispeáint do na meatacháin seo gur tú atá i gceannas. Bíonn barraíocht eagla orthu an fód a sheasamh. Cá bhfios nach bhfuil deartháireacha againn atá istigh leis na mangairí drugaí – muise, cá bhfios nach bhfuil meaisínghunna sa charr ag ár n-aithreacha? Ní baol go dtuigfidís nach eol do m’athair gur ann dom agus go gcaitheann mo mháthair gach uile oíche ag caoineadh faoi fhear éigin. Fear difriúil gach seachtain.
Tá dath flas candaí ar an spéir thiar. Thoir, is popcorn iad na réaltaí. Páirc spraoi í ár gcathair. Go díreach: ár gcathairne. Linne gach orlach di. Gach bothán, gach túr spéire. Na soilse, na carranna, na héileacaptair, na striapacha ar na coirnéil. Agus, gan dabht, na buzúnna.
Aimsir thoghcháin atá ann. Póstaeir agus balúin ar fud na háite. Na cinn a bhfuil ‘Urânia – Bean Mhór Ghorm Mhuintir Bahia!’ scríofa orthu is fearr liom. Tá an meangadh gáire uirthi cosúil leis an miongháire a bhíonn ar aghaidh mo mham nuair nach mbíonn sí ag gol agus tá trilseáin bhréige ina cuid gruaige mar atá ar mo dheirfiúr. Tá casúr agus corrán in aice lena hainm. Cumannach í. Deir Geraldo go gciallaíonn sé sin gur le gach duine gach rud agus nach le duine ar bith rud ar bith faoi leith. Dar liomsa go bhfuil an ceart ar fad ag an Urânia seo. Dá mbeinn san aois chuige, thabharfainn vóta di.
Ach cuireann aghaidh Tibério Brandão samhnas orm, an leibide geal seo a cheapann gur laoch é. Sna póstaeir aigesean, ligeann sé air go bhfuil gunna ina lámh aige. ‘Tá an córas crua,’ atá scríofa thíos faoin ngrianghraf. Ní gá dó sin a insint dúinn – is againne atá a fhios. Muidne an cineál duine ba mhaith leis a chur den saol leis an gcur i gcéill sin de ghunna aige.
Cogar, níl PlayStation agam féin ná ag Geraldo. Níl an t-airgead againn fiú amháin chun an tráthnóna a chaitheamh sa chaifé Idirlín mar a dhéanann na leaids eile, ag bualadh an chaca as a chéile ar an scáileán – uair an chloig ar luach Real amháin. Ach sáraíonn buzúsurfáil cluiche ríomhaireachta ar bith. ‘Bhfuil a fhios agat cén fáth? Ní fhaigheann tú aon saolta breise.
Táimid ag teacht anuas bóthar Ogunjá anois. Tá an buzú ag líonadh suas. Faoin am a gcasaimid ar dheis ar Vasco tá sé dorcha agus tá an tranglam tráchta chomh dona sin nach bhfuil carr ar bith ag bogadh. Tá buíon de leaids cosúil linne ina seasamh faoi tharbhealach. Táimid feicthe acu. Táimid i dtrioblóid.
Tá ár leithéidí cosúil le luchóga – mura n-aithnímid do bholadh cuirimid an ruaig ort. Gan trócaire. Tá na leaids ag béiceach. Tá spallaí coincréite ina luí faoin tarbhealach á bpiocadh suas acu. Pléasc tobann ar cheann de na fuinneoga. Tosaíonn na paisinéirí ag screadaíl. Soicind ina dhiaidh, titeann cnap coincréite a bhfuil píosaí d’iarann meirgeach ag gobadh amach as taobh thiar dínn, ar dhíon an bhuzú.
‘Luígh síos! Aghaidh i gcoinne an dín.’ Lámh Geraldo ag brú ar mo ghualainn. Luíonn sé féin bolg faoi, ar imeall an dín, agus béiceann ar an tiománaí: ‘Cuir síos do chos, a chuint!’ Ach tá a fhios aige chomh maith is atá a fhios agamsa go bhfuil ár gcosa nite: níl an trácht ag bogadh ar chor ar bith. Tá seisear de na leaids ag déanamh a mbealaigh anall chugainn idir na carranna. Cuireann duine acu lámh ar cheann de na fuinneoga – ach dúnann paisinéir de phreab í. Léimeann an leaid siar, ag screadaíl leis an bpian. Tá sé ina sheasamh le taobh an bhuzú, a lámh á fáisceadh idir a chosa aige. Tugaim comhartha na méire fada dó. ‘A amadáin!’
‘Dún do chlab, Gabriel! Tá sceana acu.’ Tá a shúile díríthe ag Geraldo ar leaid ard a bhfuil a chuid gruaige ar fad bearrtha dá bhlaosc. Tá rud éigin i lámh an bhoic seo ag lonrú i gceannsoilse na ngluaisteán. Nochtann sé a chár, breathnaíonn sna súile orm agus ligeann don solas rince ar an miotal ina lámh. Tosaíonn gach rud ag rothlú. Samhlaím an lann ag sní isteach i mo bholg.
Seo na carranna romhainn ag bogadh, ach beireann fear na scine ar fhuinneog an bhuzú agus tarraingíonn sé é féin aníos d’aon iarracht aclaí amháin. Soicind ina dhiaidh sin, tá a lámha ar an díon aige. Gan mhoill, éiríonn Geraldo. Beireann sé ar an gcnap coincréite a bhfuil an t-iarann meirgeach ag gobadh amach as agus caitheann le fear na scine é.
Buaileann an choincréit de phléasc sa leiceann é. Titeann an leaid go talamh láithreach. Tá sé sínte ar an tsráid. Níl gíog ná míog as. Éiríonn a chairde as a gcuid iarrachtaí dreapadh ar an díon agus cromann ina thimpeall. I ngile na gceannsoilse feicim go bhfuil fuil ar sileadh lena leiceann. Tá an chuma ar an scéal gur stróiceadh giota dá chluas dá chloigeann.
Tá an trácht ag bogadh. Tosaíonn an buzú ag tiomáint. Tá mearbhall orm. Giodam. Masmas. Tá na leaids sin ag déanamh a seacht ndícheall a gcomrádaí basctha a chur ar a bhoinn arís. Tá carranna ag séideadh na mbonnán timpeall orthu. Tosaíonn Geraldo agus mé féin ag léimneach suas síos ar dhíon ár mbuzú, ag ligean liúnna asainn go dtí go bhfuil pian inár scornach agus inár scamhóga.
Seo muid – leoithne oíche ar ár gcliabhrach nocht, toit na tráchta inár bpolláirí, áthas orainn a bheith beo. Níl rud ar bith is fearr ná éalú ar éigean ón mbás – agus má mharaítear lá éigin mé, níl rud ar bith ab fhearr liom ná go mbeadh Geraldo le mo thaobh. Onóir mhór a bheadh ansin. Thosaíomar ag surfáil na mbuzúnna le chéile nuair a bhíomar deich mbliana d’aois. Tá cúig bliana déag anois againn. Deir siad linn go bhfuilimid róshean don chraic seo. Má bheireann na póilíní anois orainn, ní thabharfaidh siad batráil dúinn, mar a rinne siad cheana – líonfaidh siad ár gcloigeann le piléir agus caithfidh siad ár gcorp le taobh sheanbhóthar an aerfoirt. Ach téimid sa tseans arís is arís eile. Uaireanta, má bhíonn Real le spáráil agam, téim go dtí an caifé Idirlín trasna ó stad na mbuzúnna sa favela ina bhfuil cónaí orainn chun uair an chloig a mheilt ar Facebook. Oibríonn cara le mo dheirfiúr i scoil a dtéann turasóirí gringo ann chun Portaingéilis a fhoghlaim agus tugann an cailín seo cuireadh do na mic léinn ar fad a bheith ina gcairde léi ar Facebook. Bainim próifílí na gcailíní geala seo amach tríd an bpróifíl aicise agus cuirim teachtaireachtaí gáirsiúla chucu.
Ar ndóigh tá Béarla agam. Tá gach duine in ann Béarla a labhairt. Níl ort ach an méid atá tú ag iarraidh a rá a chaitheamh isteach in aistritheoir Google agus sin sin. Is iad na cailíní Ollannacha is fearr liom. Le linn Chorn an Domhain a chonaic mé den chéad uair iad – iad ard, álainn agus fionn agus éadaí oráiste orthu ó bhun go barr. I mo chuid teachtaireachtaí, insím dóibh faoi na rudaí ar fad ba mhaith liom a dhéanamh leo – mo m

  • Univers Univers
  • Ebooks Ebooks
  • Livres audio Livres audio
  • Presse Presse
  • Podcasts Podcasts
  • BD BD
  • Documents Documents