Idir dha thir
108 pages
English

Vous pourrez modifier la taille du texte de cet ouvrage

Découvre YouScribe en t'inscrivant gratuitement

Je m'inscris

Idir dha thir , livre ebook

-

Découvre YouScribe en t'inscrivant gratuitement

Je m'inscris
Obtenez un accès à la bibliothèque pour le consulter en ligne
En savoir plus
108 pages
English

Vous pourrez modifier la taille du texte de cet ouvrage

Obtenez un accès à la bibliothèque pour le consulter en ligne
En savoir plus

Description

Fagann an duine lorg ina dhiaidh mar a fhagann bad ar an bhfarraige, no realta eireabaill sa speir. Sa chnuasach seo, leanann peann Alex Hijmans an lorg a d'fhag an imirce ar charachtair eagsula.A person leaves a trail in their wake like a boat in the sea or as a comet in the sky. In this collection, Alex Hijmans traces the tracks left by migration on different characters.

Sujets

Informations

Publié par
Date de parution 19 octobre 2017
Nombre de lectures 0
EAN13 9781912134656
Langue English

Informations légales : prix de location à la page 0,0480€. Cette information est donnée uniquement à titre indicatif conformément à la législation en vigueur.

Extrait

Sonraíocht CIP Leabharlann na Breataine. Tá taifead catalóige i gcomhair an leabhair seo ar fáil ó Leabharlann na Breataine.

Tá Cois Life buíoch de Chlár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus den Chomhairle Ealaíon as a gcúnamh.
An chéad chló 2017 © Alex Hijmans
ISBN 978-1-907494-65-9 eISBN: 978-1-912134-71-7
Clúdach agus dearadh: Alan Keogh
Clódóirí: Turners Printing Co. Ltd.
www.coislife.ie
Clár
Leathbhealach idir na Gates agus an Galtymore
Ag cúinne M St agus Wisconsin
Cnoic agus gleannta
Ag teacht abhaile
Idir dhá thír
An neascóid
An sceach
Slán le Tír na Sámach
Nóta don léitheoir
Saothar ficsin atá sa chnuasach seo. Níl aon aithris sna scéalta seo ar aon duine, beo nó marbh.
Ba mhaith leis an údar buíochas ó chroí a ghabháil le Bridget Bhreathnach, le Síle Ní Chatháin, agus le foireann Cois Life.
Leathbhealach idir na Gates agus an Galtymore
1.
Bheadh sé chomh maith agam féinphic a thógáil den radharc seanchaite seo: bean rua i mbláth a maitheasa ar bord loinge, ag fágáil na hÉireann, Sléibhte Chill Mhantáin á slogadh cheana féin i gceo na maidine. Ach ní hí seo aimsir an Ghorta Mhóir, ní hiad seo na tríochaidí, na seascaidí ná na hochtóidí féin. Seo í an bhliain 2012, agus más fíor do na tuairiscí nuachta tá míle Éireannach in aghaidh na seachtaine ag tabhairt aghaidh ar Shasana.
Is cuma liom go bhfuilim ar dhuine acu. Tá La Femme de l’Ouest dúnta síos le leathbhliain anois agus níor éirigh liom post nua a fháil ó shin. Fiú dá bhfaighinn, drochsheans go n-éireodh liom morgáiste a fháil, agus dá n-éireodh, ní bhfaighinn cead pleanála siar an bealach. Tús nua atá uaim. Cá bhfios nach gcasfar fear orm i Londain. Tá a fhios ag Dia go bhfuil sé in am.
Thóg mé an bád toisc go ngearrann na haerlínte cúig euro is fiche ar mhála mór. Tá dhá mhála mhóra agam. Ceann amháin le mo chuid éadaigh féin, ceann eile lán fobhrístí agus cíochbheart nár díoladh sa díolachán dúnta. Cá bhfios nach ndíolfainn thall iad?
Ach tá cúis eile ann gur theastaigh uaim an bád agus an traein a thógáil. Ag deireadh na seascaidí, chuir mo thuismitheoirí an t-aistear seo díobh ar an mbealach céanna. Chuaigh siad anonn go Londain duine ar dhuine. Tháinig siad ar ais le chéile. In Éirinn a rugadh mise, in aimsir na dTrioblóidí. Chonaic mé drochshaol na n-ochtóidí agus rachmas na nóchaidí. Chuala mé búireach an Tíogair Cheiltigh agus chuala mé glothar a bháis. Agus anois, in aois mo thríocha a naoi mbliana, níl rogha agam ach sampla mo mhuintire a leanúint agus Sasana a thabhairt orm féin. Teastaíonn uaim boladh an tsáile a fháil, mar a fuair siadsan ar a mbealach anonn. Teastaíonn uaim an ghaoth a mhothú i mo ghruaig, mar a mhothaigh siadsan. Teastaíonn uaim Éire a fheiceáil ag imeacht uaim, mar a chonaic siadsan. Ansin, cá bhfios, lá breá éigin amach anseo, nuair a bheidh mé féin socraithe síos i Londain, tuigfidh mé níos fearr iad.
Tá fáinne pósta m’athar – go ndéana Dia grásta ar a anam dílis – ar ordóg mo láimhe clé. Tá seanseaicéad leathair donn á chaitheamh agam a d’aimsigh mé i vardrús mo mháthar inné, tamall gearr sular thug sí bealach dom chuig stáisiún na dtraenacha i nGaillimh. Mheall an seaicéad sin m’aird toisc nach raibh sé cosúil le rud ar bith eile a chaithfeadh sí.
‘Ó, an rud sin?’ a dúirt sí nuair a d’fhiafraigh mé di cá bhfuair sí é. ‘An gcreidfeá go raibh an seaicéad sin orm ag teacht anall as Sasana? Ní raibh sé de chroí ionam riamh é a thabhairt chuig siopa carthanachta. Tabhair leat é. Níl sé ach ag tógáil spáis anseo. B’fhearr liom dá gcaithfeása é ná strainséir éigin.’
Bhí an leathar fós bog agus d’fheil an seaicéad go seoigh dom. Nach aisteach an chaoi a dtagann rudaí áirithe i bhfaisean arís?
Éadaí.
Imirce.
Tá mé préachta fuar anseo i stáisiún Crewe, ach tá an caife sa chupán cairtchláir ag téamh mo mhéara. Tá mé i mo shuí ar bhinse adhmaid, mo ghuthán póca le mo thaobh. Leathuair an chloig eile agus tarraingeoidh an traein go Euston isteach ag ardán a haon.
Ligeann mo ghuthán póca bíp eile as. Thaitin an féinphic a tharraing mé ar an mbád ar maidin le seacht nduine déag ar Facebook cheana féin. Seo teachtaireacht phríobháideach ó Bhrídín Phatch Sheáin thiar sa bhaile.
‘Cén chaoi a bhfuil tú a Shinéad ní raibh a fhios agam go raibh tú ag dul ar imirce!’
Ní raibh a fhios agat, a bhitseach bhradach, toisc nár dhúirt mé le héinne agaibh é. Ní bheadh sibh ach ag ligean oraibh féin go bhfuil trua agaibh dom. Mar a rinne sibh nuair a dúnadh La Femme de l’Ouest.
Cuirim isteach freagra sciobtha.
‘Tairiscint phoist an-mhaith faighte agam ó chomhlacht faisin i Londain, ní fhéadfainn diúltú. Carnaby Street, here I come! Póigín xxx.’
Tairiscint phoist mo thóin. Beidh an t-ádh liom má éiríonn liom post a fháil i dteach caife éigin. Agus ní go Carnaby Street atá mé ag dul ach go Clapham. Sin é an áit ar a mbíonn muintir na hÉireann ag triall anois. Beidh áit ar fáil dom ar an tolg tí Eimear, a dúirt sí, go dtí go mbeidh bonn ceart faoi mo shaol nua.
Leagaim uaim an fón agus an cupán caife. An ormsa atá sé, nó an bhfuil rian de bholadh tobac ar an seaicéad seo? Éirím agus bainim díom é, in ainneoin an fhuachta. Crochaim os mo chomhair é agus scrúdaím an líneáil le mo shrón. Cinnte dearfa, sin boladh tobac. Aisteach nach bhfuair mé roimhe seo é, ach is dócha go raibh rudaí thairis sin ar m’aigne.
Céard seo? Tá meall beag i gceann de na pócaí taobh istigh. Spaga tobac scaoilte, ruainne beag bídeach fágtha istigh sa chumhdach gorm. Céard sa diabhal?
Tagann masmas orm, mar a bheadh an talamh tar éis corraí fúm. Tá a fhios agam nach bhfuil ann ach rud fánach, ach mar sin féin, tá an íomhá a bhí agam de mo mháthair curtha as riocht. Cén fáth nár inis sí dom riamh gur chaith sí tobac nuair a bhí sí óg? Tobac scaoilte, thar aon ní eile sa saol!
Ba chuma liom, murach an chaoi a seachnaíonn sí mo chuid ceisteanna faoin tréimhse a chaith sí féin i Londain. Uair ar bith dár tharraing mé an t-ábhar sin anuas le deireanas, thosaigh sí ag caint faoi na deacrachtaí a bhí aici an Ghaeilge a fhoghlaim nuair a thug Deaide leis go Conamara í.
Ach fuair mé luach mo shaothair an lá cheana, nuair a thaispeáin sí grianghraf dom di féin agus den bheirt chailíní a chuaigh anonn go Sasana in éineacht léi ar an mbád. Ar ndóigh, d’fhiafraigh mé di céard a tharla don bheirt sin. D’fhiafraigh mé di céard a tharla don chasóg veilbhite uaine a bhí á caitheamh aici féin sa ghrianghraf. Dúirt sí nach raibh a fhios aici. Dúirt sí go raibh dearmad déanta aici ar na rudaí sin ar fad. Dúirt sí gur choinnigh sí dialann le linn na tréimhse a chaith sí i Londain, ach nach raibh tuairim faoin spéir aici céard a tharla don diabhal rud.
Caithim siar a bhfuil fágtha den chaife, agus beirim ar mo mhálaí. Seo an traein go Euston ag tarraingt isteach.
2.
Lean Regina na paisinéirí eile amach as traein an bháid as Harwich agus shiúil síos an t-ardán, isteach i halla mór stáisiún Liverpool Street. Ba bheag nár lig sí dá cás taistil titim as a lámha le teann iontais. An gleo! An slua daoine! An deifir a bhí orthu!
Thrasnaigh sí halla an stáisiúin agus chuir a corrmhéar ar léarscáil de chóras na dtraenacha faoi thalamh. Dhéanfadh an líne bhuí, an líne bhándearg nó an ceann ar dhath an fhíona cúis. Cúig stad agus amach ag Euston Square, díreach mar a mhínigh lucht an ospidéil di sa litir dheireanach uathu.
Ach bheadh toitín aici ar dtús.
Shuigh sí ar na céimeanna os comhair an stáisiúin agus líon a scámhóga. Bhí aer na hoíche i Londain níos boige ná an t-aer i mbaile mór Enkhuizen, mar ar fhág sí slán ag a muintir go luath an mhaidin sin. Ba thráthúil gur sheas Armstrong agus Aldrin ar an ngealach an oíche roimhe sin. Mheall céim mhór sin na Meiriceánach a oiread cainte gur bheag an aird a bhí ag muintir Regina ar an gcéim mhór a bhí á tabhairt aici féin.
Bhain sí spaga Van Nelle amach as póca a seaicéid leathair agus rolláil toitín di féin. Ní raibh sí ach díreach tar éis an toitín a lasadh nuair a d’éirigh sí de léim: b’in chuici bus dhá urlár, ceann dearg, díreach cosúil leis na cinn sin a bhí feicthe aici ar an teilifís. Bíodh ag an traein faoi thalamh! Ní fheicfeadh sí tada ann ach an taobh istigh den tollán.
Mhúch sí an toitín agus léim isteach sa bhus. Thuas staighre, shuigh sí ar an mbinse tosaigh agus bhain lán a súl as iontais na cathrach. Dúirt fear na dticéad léi gur chóir di tuirlingt ag Tottenham Court Road agus an bóthar sin a leanúint ó thuaidh. Ach bhí sí idir dhá chomhairle nuair a d’éirigh sí amach as an mbus. Shín Tottenham Court Road isteach i gceantar dorcha lán oifigí. Bhí soilse geala Soho á mealladh ó dheas. D’fhéach sí ar a huaireadóir. Ní raibh sé ach a naoi a chlog.
Síos Charing Cross Road léi i dtreo an Palace Theatre, áit ar fhógair na céadta bolgán solais The Sound of Music . Ba bheag nár dhall na comharthaí neoin í nuair a chas sí isteach ar Shaftesbury Avenue. Bhí Easy Rider á thaispeáint i bpictiúrlann amháin, bhí scannán dár teideal The Trouble With Girls (And How To Get Into It) á fhógairt tamall síos an bóthar. Síos léi d’abhóga móra, a béal ar leathadh agus a gruaig ghearr dhonn ag bogadh suas síos, go dtí gur bhain sí Piccadilly Circus amach. Rinne sí caol díreach ar dhealbh Eros, chroch a cás taistil ina leathlámh agus chas timpeall le teann lúcháire. Níorbh iontas ar bith é gur thug daoine ‘ Swinging London ’ ar an gcathair seo. D’fhéadfadh sí an chuid eile dá saol a chaitheamh ag damhsa ann!
D’éirigh Regina agus d’oscail an cuirtín. Bhí crann mór darach taobh amuigh d’fhuinneog an tseomra. Ceithre urlár thíos fúithi, bhí an cosán dubh le daoine. D’fhéadfadh sí an mhaidin ar fad a chaitheamh ag breathnú orthu, ach bhí ocras uirthi. Bhuail sí a glúin in aghaidh cholbha na leapa ar a bealach chuig an doirteal; ní raibh troigh féin idir an leaba agus an balla. Chaith sí uisce ar a haghaidh, tharraing jíons agus T-léine bhán uirthi féin, agus dheifrigh síos an staighre.
Bhí dhá fhoirgneamh eile san áras lóistín. Bhí bloc na bhfear ar an taobh thall de chlós cúng dorcha; bhí an bhiala

  • Univers Univers
  • Ebooks Ebooks
  • Livres audio Livres audio
  • Presse Presse
  • Podcasts Podcasts
  • BD BD
  • Documents Documents