Ailfí agus an Vaimpír
128 pages
Irish

Découvre YouScribe en t'inscrivant gratuitement

Je m'inscris

Ailfí agus an Vaimpír , livre ebook

-

Découvre YouScribe en t'inscrivant gratuitement

Je m'inscris
Obtenez un accès à la bibliothèque pour le consulter en ligne
En savoir plus
128 pages
Irish
Obtenez un accès à la bibliothèque pour le consulter en ligne
En savoir plus

Description

NOTE: This book is in the Irish language only - there is no English language translation in the publication. Is there a vampire ‘living’ at the bottom of your garden? Marius is a very special vampire who lives in the garden of a young boy named Ailfí. Marius, you see, prefers fig rolls and cake to blood and flesh. When all the everyday troubles of life - such as ulta-violet lights and cloves of garlic - threaten this poor undead creature, it’s no wonder he becomes cranky when every doesn’t work out just as he’d planned!

For young adults (10-13) and young adults of every age! This book was shortlisted for Gradam Réics Carló 2012 - Children’s Book of the Year.


Informations

Publié par
Date de parution 17 janvier 2012
Nombre de lectures 0
EAN13 9781907494208
Langue Irish

Informations légales : prix de location à la page 0,0300€. Cette information est donnée uniquement à titre indicatif conformément à la législation en vigueur.

Extrait

Cois Life Teoranta Baile Átha Cliath
Sonraíocht CIP Leabharlann na Breataine. Tá taifead catalóige i gcomhair an leabhair seo ar fáil ó Leabharlann na Breataine.
Tá Cois Life buíoch de Chlár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus den Chomhairle Ealaíon as a gcúnamh. An chéad chló 2012 © Orna Ní Choileáin ISBN 978-1-907494-20-8 Clúdach agus dearadh: Alan Keogh Clódóirí: Brunswick Press www.coislife.ie
1
Casadh ar Marius
Bhí Marius ina shuí ar fhéar tirim agus úll dearg á mhungailt aige nuair a casadh Ailfí air den chéad uair.
Bhí sé ag druidim le ham suipéir ach bhí Ailfí ag fálróid trí ghairdín fada an teachín chun an scioból ag an mbun a bhreithniú. Bhí sé ar intinn aige áit éalaithe a aimsiú pé uair as sin amach a bheadh Lindsí sa teach.
Réitigh siad beirt go maith lena chéile ach cailín glórach cainteach í Lindsí, go háirithe agus í i mbun comhrá lena cairde arSkypegach tráthnóna. Bhí taithí ag Ailfí ar an teach a bheith ciúin i rith an lae. Suaimhneas a bhí uaidh agus chuaigh sé á lorg sa ghairdín.
Bhí an gairdín fiáin agus an féar fásta as cuimse. Bhí sé ar intinn ag athair Ailfí é a lomadh faoi mar a bhí sé ar intinn aige a mhothall fada gruaige a lomadh. Ní raibh aige ach an deireadh seachtaine sa teachín le hAilfí agus cuairt le tabhairt aige freisin ar a bhean sa teach altranais i ngar dóibh. Bhíodh sé faoi bhrú ama i gcónaí nuair a thagadh sé.
1
Orna Ní Choileáin
Ghabh Ailfí tríd an bhfásra agus nuair a shroich sé an scioból bhrúigh sé isteach an doras adhmaid lofa. Baineadh siar as nuair a chonaic sé buachaill eile ann roimhe. Bhí an buachaill eile ag baint an oiread sin taitnimh as an úll breá aibí nár thug sé Ailfí faoi deara.
Bhreathnaigh Ailfí air agus é ag ithe. Bhí cuma bhán, sórt mílítheach, ar an mbuachaill. Tharraing na héadaí dubha a bhí á gcaitheamh aige breis aird ar a chuma mhílítheach. Bhí sé thar a bheith caol. Shíl Ailfí go mb’fhéidir go raibh sé breoite.
‘Cé tusa?’ arsa Ailfí faoi dheireadh.
Sheas an buachaill eile de phreab agus thit an t-úll as a lámh. Nuair nach ndearna sé iarracht é a phiocadh suas, ghabh Ailfí anonn chuige agus d’ardaigh sé an t-úll. Ghlan sé ribe féir de agus shín ar ais chuig an strainséir é.
Bhí an buachaill ar crith agus an chuma air go raibh sé idir dhá chomhairle – glacadh leis nó gan glacadh leis. Faoi dheireadh ghlac sé leis an úll ach chúlaigh sé beagáinín ó Ailfí.
Labhair Ailfí go lách leis ionas nach mbeadh faitíos air. ‘Ní fhaca mé cheana tú sa cheantar.’
2
Ailfí agus an Vaimpír
‘Ní nach ionadh. Is amhlaidh a bhím anseo i mo chodladh i rith an lae,’ arsa an buachaill agus é sásta go raibh sé sábháilte freagra a thabhairt ar an gcuairteoir. Thosaigh sé ag cogaint an athuair. Leath na súile ar Ailfí agus é ag féachaint ar na fiacla fada géara ag baint den úll.
In áit a bheith ag stánadh ar na fiacla, dhírigh Ailfí a aird ar an leithscéal de leaba a bhí déanta ag an mbuachaill as seanbhlaincéad dorcha. ‘Caithfidh go bhfuil sé thar a bheith míchompordach dul a luí san fhéar. Bheadh tochas ormsa sa leaba sin.’
Sméid an buachaill air. ‘Ní chreidfeá cé chomh dona is atá sé. B’fhearr liom i bhfad a bheith i mo luí i gcónra.’
B’ait le hAilfí an smaoineamh sin. Ach in áit é a chrá le tuilleadh ceisteanna mar gheall air, shín sé lámh ina threo agus chuir sé é féin in aithne dó. ‘Is mise Ailfí.’
‘Marius.’
Bhí lámh Marius fuar. Cnámhach. Allasúil. Rug sé greim níos láidre ar a lámh ná mar a mheas Ailfí a dhéanfadh sé.
Bhreathnaigh Ailfí mórthimpeall air agus é ag lorg rud éigin cairdiúil le rá faoin áit. Ní raibh le feiceáil ann ach
3
Orna Ní Choileáin
an féar tirim agus roinnt dramhaíola a bhí caite ar leataobh.
‘An mbíonn tú anseo go minic?’ a d’fhiafraigh sé de Marius.
‘Minic mo dhóthain cé go bhfuil sé rud beag uaigneach. Bím i m’aonar an t-am ar fad nach mór.’ Bhí cuma fhíorbhrónach ar Marius anois agus é ag labhairt.
Sméid Ailfí air. ‘Bím féin i m’aonar leis. Bíonn m’athair ag obair sa chathair an chuid is mó den am. Tá mo mháthair breoite ach tá biseach ag teacht uirthi. Tá sí faoi chúram i dteach altranais sa cheantar seo. An bhfuil eolas agat air? Níl sé i bhfad uainn. Tá an t-ádh orm gur féidir liom cuairt a thabhairt uirthi gach uile lá.’
‘Chaill mise mo mháthair,’ arsa Marius.
Tháinig scéin uafáis ar Ailfí.‘Chaill tú í?’
‘Agus m’athair.’
Tháinig méadú ar uafás Ailfí.‘D’athair leis?’
‘Deartháireacha, deirfiúracha, aintíní, uncail ...’
Chuir Ailfí grainc air féin. ‘Conas a ... chaill tú ... iad ar fad?’
4
Ailfí agus an Vaimpír
Tharraing Marius a anáil agus thosaigh ar a scéal a insint. ‘Fuair sin-seanaintín liom caisleán mór sa Trasalváin le hoidhreacht...’
‘Caisleán? Sa Trasalváin? Ag magadh atá tú!’
‘Geallaim duit nach bhfuilim! Idir dheartháireacha, dheirfiúracha, thuistí, aintíní, uncailí, chol ceathracha, chol seisreacha agus chol ochtaracha, bhí gach duine de mo mhuintir ag dul chun cónaithe ann – sa chaisleán sa Trasalváin. Ach faraor! Déanach tráthnóna sula rabhamar ar fad le gluaiseacht ar aghaidh ...’ (agus d’fhéadfaí an crith ina ghlór a chloisteáil go soiléir anseo) ‘bhí siad le dul amach ag fiach. Ní raibh fonn ormsa dul leo ach nuair a thosaigh mo bholg ag geonaíl, b’éigean dom greim éigin a fháil. Bhí an t-aistear fada go dtí an Trasalváin romhainn go fóill, ar ndóigh.’
5
Orna Ní Choileáin
‘Ar ndóigh,’ arsa Ailfí amhail is go raibh eolas mór aige ar an turas sin.
‘Chuaigh mé amach ag lorg torthaí agus caithfidh gur fhill siad nuair a bhí mé amuigh. Rug siad ar mo chónra – ag ceapadh, b’fhéidir, go raibh mé fós i mo chodladh inti – agus bhailigh siad leo. I m’aonar anois atáim.’
Bhí Marius bocht ag snagaireacht agus é ag cuimhneamh siar ar an tráthnóna uafásach sin. D’amharc Ailfí go truamhéalach ar an gcréatúr. Bhí cuma mhílítheach air. Bhí cuma dhubhach bhrónach air. Bhí cuma... bhí cuma vaimpíre air.
‘Vaimpír,’ arsa Ailfí faoina anáil. ‘Is vaimpír tú!’
Vaimpír! Bhí sé in aon seomra le vaimpír! Bhraith Ailfí a chroí istigh ag bualadh. B’fhearr i bhfad dó achar chomh mór agus ab fhéidir leis a chur idir é féin agus an créatúr scanrúil seo. Bhí cáil ar a chineál a bheith an-spadhrúil, go háirithe agus iad corraithe. Faoi mar a bhí an ceann seo faoi láthair.
Chúlaigh Ailfí go réidh amach doras an sciobóil agus é ag súil go raibh an vaimpír róghafa lena chuid smaointe cráite féin chun aird ar bith a thabhairt air féin agus é ag
6
  • Univers Univers
  • Ebooks Ebooks
  • Livres audio Livres audio
  • Presse Presse
  • Podcasts Podcasts
  • BD BD
  • Documents Documents