Aois Fir
49 pages
Irish

Vous pourrez modifier la taille du texte de cet ouvrage

Découvre YouScribe en t'inscrivant gratuitement

Je m'inscris

Aois Fir , livre ebook

-

Découvre YouScribe en t'inscrivant gratuitement

Je m'inscris
Obtenez un accès à la bibliothèque pour le consulter en ligne
En savoir plus
49 pages
Irish

Vous pourrez modifier la taille du texte de cet ouvrage

Obtenez un accès à la bibliothèque pour le consulter en ligne
En savoir plus

Description

A novel in the Irish language (there is no English language translation in the text). A tale set at sea about coming of age.

Eachtra farraige é Aois Fir.

Tá garsún sna déaga luatha i mbun bád seoil leis féin ar an bhfarraige mhór. Tá a athair agus a uncail ina bpleisteana ag a gcuid ólacháin ar an mbád.

Ní haon chabhair iad.

Ní mór don ngarsún a bheith ina fhear anois, aghaidh a thabhairt ar a chuid eaglaí, teacht ar a mhianach, agus é i ngalar na gcás. Is gearr go mbeidh sé ina oíche. Ní mór dó an bád, é féin agus na fir a thabhairt slán.

Pé hiad féin, na fir.

Pé rud é, bheith i d’fhear.


Sujets

Informations

Publié par
Date de parution 28 août 2015
Nombre de lectures 0
EAN13 9781908057860
Langue Irish

Informations légales : prix de location à la page 0,0360€. Cette information est donnée uniquement à titre indicatif conformément à la législation en vigueur.

Extrait

AOIS FIR

LIAM Ó MUIRTHILE
Maisitheoir: Olivia Golden
Cois Life 2015
Sonraíocht CIP Leabharlann na Breataine. Tá taifead catalóige i gcomhair an leabhair seo ar fáil ó Leabharlann na Breataine.

Tá Cois Life buíoch de Chlár na Leabhar Gaeilge agus den Chomhairle Ealaíon as a gcúnamh leanúnach.
An chéad chló 2015 © Liam Ó Muirthile
ISBN 978-1-907494-50-5
Maisitheoir: Olivia Golden
Clúdach agus dearadh: Alan Keogh
Clódóirí: Nicholson & Bass
I gcuimhne ar John Noonan, fear farraige (1929–2014)

Nuair a chluinn e an fhairge ghiobach Teachd le bùirein, Chumas a ceann caol gu sgibidh Ris na sùghaibh….
(Alastair mac Mhaighistir Alastair, Birlinn Chlann Raghnaill )
1
Ní raibh sé chomh scanraithe riamh ina shaol garsúin go dtí anois.
Idir dhá thonn, trí ghleorán an innill, chuala sé buidéil ag cnagadh ar na clocha ballasta sa holt tosaigh faoin gcrann seoil.
Choinnigh sé a ghreim ar an stiúir i ndeireadh an bháid. Choinnigh sé an tosach i mbéal na toinne siar. Pé rud eile a dhéanfadh sé, a ghreim a choimeád. Chaithfeadh sé beart a dhéanamh. Ní raibh dul as.
Bhí a theanga ina clár, tirim.
Scuab an fharraige cliathánach le ceathrú tosaigh an chlébhoird.
Níorbh aon mhaith dó é. Bhí salann goirt ina scornach ó bheith ag glaoch orthu. An seol tosaigh agus an seol stagh crochta, an seol mór leagtha anuas. Choinníodar an bád socair, gan ghuagadh.
Ó thit an bheirt acu ina bpleisteanna sa holt tamall gairid tar éis an Dúna, bhí glaoite aige orthu céad uair.
Níorbh aon mhaith é.
Bhuail buillí cloig Ní-haon-mhaith-é ina cheann.
Dúiseoidh siad fós, ar sé leis féin, ag iarraidh an lagmhisneach a cheansú.
D’aimseodh an fharraige an laige ba lú i mbád nó i nduine, gan trócaire dá laghad. Sin é a bhí ráite. Thuig sé féin anois é mar a bhuailfí pléasc air. D’fhéach sé roimhe agus taifead na súl ina stad. Chroith sé a cheann.
Dheimhnigh a fhad amach ó chaladh é, na tonnta ag suaitheadh an bháid é, luascadh an chrann seoil é, teannadh agus lúbadh na siotaí é. An ceann tíre istigh. Cladach dorcha ag bun na faille, bolláin mhaola rua, chomh mór le bothán cuid acu. Iad caite aníos go borb ón domhain nó bainte ina sceilpeanna den fhaill rua. Cuas cúng ina dhiaidh. Tonnta ag rás isteach agus á gcaitheamh ar ais, an scrogall róchaol istigh dóibh. Casadh goile ar bholg millteach na mara. Saghas meisce le buile. Scairdeanna sobail á séideadh san aer, smiota in aghaidh faobhar na gcarraigeacha ó thaobh an Atlantaigh. Cleití spréite allta. Bá fairsing ag síneadh soir beag beann ar an suaitheadh leis an imeall. An dath ag tréigean na glaise cheana féin sna páirceanna. Gan de chúram ar an talamh ach luí faoi go socair faoin aimsir. Tinte coinnlíní ar lasadh i gcuid de na goirt, agus na scamaill deataigh, gan éirí ró-ard, á sracadh ag an ngaoth amach os cionn na mara.
Bhí sé cúpla míle amach ón gceann tíre, a mheas sé. Baineadh stangadh as. Bhí aigéan coimhthíoch idir é féin agus an talamh, a bhraith sé. Níorbh aon radharc beo é seo. Nó … radharc gurbh fhéidir leis a rá ina thaobh: ‘Bainimse leis sin’, nó ‘Baineann sé sin liomsa’. Bhí sé ar deighilt iomlán uaidh. Lean sé air ag stánadh roimhe. Bhí sé ina dhuine leath-ann, leath-as.
Bhraith sé an tonn ag sciobadh an halmadóir as a lámh. D’fháisc sé chuige é agus choinnigh an cúrsa. Siar.
Chaithfeadh sé a áiteamh air féin anois a mhisneach a choimeád. A mhianach a aimsiú. Minic a deiridís a leithéid. ‘Tá an mianach ann.’ Pé rud mianach. Tháinig casadh ina ghoile, agus líon an tocht a shúile. Ní fhéadfadh sé géilleadh dó sin.
Go tobann rith íomhá an éin leis.
Chonaic an garsún éan coimhthíoch sa gharraí i dtosach an tí san Inis maidin mhoch san earrach agus é ina sheasamh sa bhfuinneog. Gan éirithe ach é féin. Í chomh mór le cearc fhraoigh, bhí dathanna lonracha ar na cleití, gorm, uaine, dearg, buídhonn. Ach ba é ba mhó ar thug sé suntas dó, an traochadh. Sheas an t-éan ansin le cois na raithní, gan chorraí.
Bhí aistear éachtach mara déanta aici, ó thír i gcéin san Afraic nó san Áis féin. Bhí sí tagtha i bport ar deireadh. Bhraith sé go raibh sí ag stánadh air, agus gur chuma léi ina hanam spíonta dá mbeadh sí ag stánadh i mbéal gunna. Bhí fonn air liú a ligean uirthi, ach níor lig rud éigin dó é . Tar éis tamaill fhada ina dtost araon, d’eitil sí léi.
Cén fáth a gcuimhneodh sé ar an éan anois? An raibh sé seo ar fad á thaibhreamh dó?
Nuair a cheistigh sé Maidhc Harrington ina thaobh, fear a raibh eolas aige ar éanlaith na mara, ní raibh a ainm aige, ‘murarbh éan éigin le fán é,’ ar seisean, ‘ceann strae ná baineann linn ach le talamh na hÉireann, má bhaineann sé leis sin féin.’
Cheistigh Maidhc go mion é i dtaobh na gcomharthaí sóirt, agus dúirt sé leis go gcaithfeadh sé breis marcanna a thabhairt faoi deara feasta. Bhí albatras feicthe ag Maidhc na blianta ó shin, é ar foluain laisteas den tigh solais, agus a thuairisc imithe sna leabhair. Ní minic a chuaigh tuairisc iascaire in aon leabhar ach i leabhar an gharda amháin.
Maidhc Harrington rí na líonta san Inis, fuiscears tairbh róin air, píopa ag stímeáil go socair, cnapáin chloiche na n-alt, na lámha gearrtha, cneasaithe, sractha agus athchneasaithe ag saol na mara.
Chonaic sé dealbh a dhá lámh roimhe anois chomh soiléir lena lámh féin ar an stiúir. Bhí lámha Mhaidhc anuas ar a lámh féin. Bhí sé á thaibhreamh dó.
Bhí an taibhreamh fíor.
De réir mar a bheadh poll deisithe ag Maidhc, agus na mogaill iniúchta á scaoileadh trína mhéireanna, chaithfeadh sé féin an líon a chur thairis agus an chuid a bhí ag teacht a theannadh nó a leathadh. Maidhc a dúirt leis lá go gcaithfeadh sé teacht ar a mhianach. Bhí sé féin corrthónach an lá sin, ag gabháil de na líonta.
‘Mianach Spáinneach,’ a dúirt sé, ag féachaint idir an dá shúil air, á ghreamú.
Rith sé leis féin gur mianach na mara é sin.
‘Ná fuil a fhios agat cén mianach ba mhó cáil riamh a bhí ag an Spáinneach?’ arsa Maidhc leis.
‘Níl a fhios.’
‘Tá a fhios agat go maith é.’
‘Bhí a arm faobhair, a longa cogaidh, agus a chuid saighdiúirí ag brath air. Amach as bolg na talún agus na ceártan.’
Thugadar tamall maith ag obair ar na líonta ina dtost.
‘’Bhfuil a fhios agat anois é?’
‘Ór,’ a dúirt sé.
Bhí buaite aige, an uair seo.
‘Tá tú in achomair dó,’ ar seisean, ‘ach bhí an t-ór goidte ag an Spáinneach ón bhfear dearg thall. Níor leis féin in ao’ chor é.’
‘Iarann,’ ar sé, ‘a bhí ag an Spáinneach’.
Cá raibh teacht aige féin ar iarann, in ainm Dé? Ba é Sean-Mhaidhc dlúthchara a sheanathar, agus bhíodh lán na beirte acu ag insint scéalta agus eachtraí de shíor. Bhíodar ann riamh.
Agus cér mhaith dó féin anois a gcuid seanscéalta? Aon phioc.
Bhog sé a lámh ar an stiúir. Cén fáth nár chas sé tar éis an Dúna agus an chaoi aige? Ródhéanach anois. Nó an raibh?
Bhraith sé tonn bhorrtha ag scuabadh faoi, saothar ar na lanna liáin agus iad ag oibriú in aghaidh chumhacht na toinne. D’éirigh an bád ina deireadh, chas sí i dtreo aird na gaoithe, scaoileadh póca cumhachta as na seolta, thum an gob sa sáile, chroith sí an fharraige di, agus léim sí chun cinn arís. Cheartaigh sé í. Phlab na seolta, lán gaoithe an athuair. Gaoth shocair. Seans leis. Dá gcaithfeadh sé iad a leagadh, cad a dhéanfadh sé? Dá neartódh an ghaoth? Ní raibh sé ag brath orthu … Rud amháin sa turas.
‘Maith an cailín’, ar sé os ard. ‘Mo ghraidhin tú agus gach clár ionat. Mo cheol do sheol.’
Mhaolaigh sé ar an scanradh. A bheith ag caint os ard. Nathanna a bhí cloiste go minic aige ó na bádóirí.
Ní bheidís ag múscailt gan mhoill. Ná baol air.
Rithim a aimsiú, mar a deireadh Maidhc. Rithim idir shúil agus lámh. Dá mbeadh Sean-Mhaidhc ina theannta. Nó…
Caith uaim rithim.
Tháinig fearg air. Leis féin. Leis an mbeirt sa holt . Lena chruachás. Fiú le Sean-Mhaidhc féin. Cér mhaith dó é anseo amuigh leis féin?
Gan báthadh an rud. Gan buille snámha aige. Gan bás a fháil anseo amuigh, in aghaidh carraige. É féin amháin a chaithfeadh an bád a thabhairt slán.
É féin amháin. A Íosa Chríost, fóir orm.
Bhí sé freagrach anois as a athair agus a uncail. Chaithfeadh sé féin anois a bheith ina fhear. É féin amháin. Dhein sé dorn dá dheasóg. Chnag sé na cláir go taomnach leis an bhfearg, ach bhí sé chomh maith aige a bheith ag cnagadh na gaoithe. Ag mún ar bhád in aghaidh na gaoithe.
Gan é ina oíche fós. Oíche Shamhna anocht.
Gan aon bhád eile amuigh. Mura mbeadh na gliomadóirí ag tarraingt potaí níos déanaí. Chaithfeadh sé fanacht glan ar a gcuid potaí nó raghadh sé ceangailte iontu … Bhí dhá bhád nó trí acu amach as na hoileáin ar maidin agus iad féin ag fágaint. Bhí deireadh le séasúr na maicréal le coicíos agus na geáil, breis is tríocha troigh ar a gcuma féin, ag aistriú go dtí na scadáin thoir agus thuaidh. Cuid eile de na garsúin ar comhaois leis a chastaí air ag na regattas cúpla uair sa samhradh, bhíodar ag déanamh slí bheatha ar na báid as na hoileáin bheaga. Dream leo féin, ag déanamh dóibh féin lena n-aithreacha, ag codladh agus ag ithe faoi chanbhás crochta os cionn leaba fhraoigh i dtosach an bháid. Ag díol na ngliomach agus na gcráifiscí ar na scillingí a d’fhaighidís pé caladh nó port a bhuailidís. Bádóirí fáin. Gan de chumhacht acu ach an seol agus an ghaoth. Na maidí go minic leis. Allas fear. Bhí radharc fothoinn acu, a súile ar snámh sa domhain, faoi scáth a gcaipíní.
Ba dhóigh leat go rabhadar ag féachaint ort trí shúile sáile.
Is ea go díreach. Ní chaillfidís siúd an ceann. Ná é.
Leath a radharc siar agus ó dheas go híor. Farraige oscailte liathghlas. Ag síneadh ó dheas chun na Spáinne. Go Meiriceá siar. Fuinneamh sa tsuaill. Bhí árthach i bhfad uaidh ag déanamh a bealaigh soir. Na mílte i gcéin. Deacair a cuma a dhéanamh amach ar dtús … Aon, dó … trí cinn … simnéithe, í mór groí ar fad. Ag teacht ó Mheiriceá. Lán de dhaoine saibhre breátha. Lean sé í lena shúile cinn. Níorbh é a saol siúd a shaol féin. Bhí chomh maith acu a bheith ar phláinéad eile.
Brat scamall dubh siar ó dheas. Cóchanna. Síon chucu, b’fhéidir.
Gach aon ní a thabhairt faoi deara. Aird na gaoithe. An spéir. Talamh.

  • Univers Univers
  • Ebooks Ebooks
  • Livres audio Livres audio
  • Presse Presse
  • Podcasts Podcasts
  • BD BD
  • Documents Documents